Pól Ó Muirí

Is é Pól Ó Muirí eagarthóir Gaeilge an Irish Times agus iar-eagarthóir Comhar ó mhí Eanáir 1998 go dtí mí na Samhna 1998 (mí Lúnasa as an áireamh), agus ó mhí Dheireadh Fómhair 2008 go dtí mí na Nollag 2010 (mí na Samhna 2010 as an áireamh). Tá ceithre leabhar foilsithe aige le LeabhairCOMHAR. Tá dioplóma sa Ghearmáinis aige ó Ollscoil Uladh, BA (Onórach) sa Ghaeilge agus san Fhealsúnacht Scolaíochta agus PhD sa Ghaeilge ó Ollscoile na Banríona i mBéal Feiriste.

Ailt in Comhar (21)

Tús Comhrá

Ba é a spreag eagrán speisialta na míosa seo ná an mórthaispeántas nua, ‘Máirtín Ó Direáin: Fathach File/Reluctant Modernist’ a osclaíodh le deireanaí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le comóradh a dhéanamh ar ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’ tríocha bliain i ndiaidh a bháis ar an 19 Márta 1988.