Bun agus barr

Liam Prút
Bun agus barr

Bíodh sé againn, a Mhaime,

bíodh sé againn,

‘Sé bun agus barr an scéil againn é,

bíodh sé againn, dalladh dhe,

agus neart de, a mhaime,

bun agus barr an scéal fada ar an anró

páipéar tadhlait cuilteáilte,

bog beathach buíoch puisíneach breá,

agus dalladh dhe, a mhaime,

sin é an saol, a mhaime,

chuile dhuine á iarraidh, a Mhaime,

dóthain—an draoi dhe—

den pháipéar tadhlait

bolgach bog le tathag ann, a Mhaime,

bíodh sé cuilteáilte

ansin beimid ceart, a Mhaime,

ní bheidh tada a dhíth orainn

ach oiread le lá do phósta, a Mhaime

Agus a Mhaime, cathain a phósfar mé féin?

agus bí cinnte an lá sin

go mbeidh dalladh de pháipéar tadhlait a‘ainn,

agus ansin beidh sé ceart, a Mhaime,

bun agus barr agus bun agus barr agus bun…..

Liam Prút

File agus scríbhneoir ab ea Liam Prút