Comhar na gComharsan

Seán Tadhg Ó Gairbhí
Comhar na gComharsan

I go right to the edge/I go right to the end/I go right to where all things lost are made good again.

Sin a bhí le rá linn ag Bob Dylan an lá eile nuair a tháinig sé aniar aduaidh orainn i gcuilithe na hainnise agus cúpla amhrán nua aige, amhráin a chuir abhaile orainn an fhuascailt atá san ealaín nuair is mó a luíonn na glais agus na géibhinn orainn.

Comhar na gComharsan atá baiste againn ar an eagrán speisialta seo.

Le cion ar an droch-imeartas focal a roghnaíomar mar theideal é siúráilte, ach bhí sé an-oiriúnach chomh maith don saothar a bhí curtha romhainn againn agus, ní cás a rá leis, don ré atá buailte linn.

Ach thar aon ní eile is le teann dóchais a thugamar Comhar na gComharsan ar an eagrán is déanaí den iris seo.

Eagrán ar leith litríochta in aimsir na dianghlasála?

Dá gcuirfimis scéala amach ag lorg cabhrach an mbeadh aird ag aon duine air agus an Meitheamh tite ‘siar isteach sa Gheimhreadh’?

Níorbh bhaol dúinn.

Dála Thomáis Dhónaill, do chualamar ‘de gheit an fonn breá Gaelach’ ag teacht orainn ‘le míobhán gaoithe’.

Dán amháin… Dán eile…Ceann eile. Giota próis…Ceann eile… Aiste…Gearrscéal…Ceann eile….

Thángadar chugainn ceann ar cheann nó go dtuigeadh dúinn nach raibh an t-imeartas focal chomh holc sin in aon chor.

Sinne a bhí buíoch de na comharsana in am an ghátair agus sinne atá mórtasach anois agus cló buan á bhualadh againn ar a saothar.

Bain lán na súl as an eagrán speisialta seo de Comhar agus cuimhnigh gur mairg a bháitear in am an anaithe toisc go dtagann an ghrian i ndiaidh na fearthainne.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie