Dánta le Dubhán Ó Longáin

Dánta le Dubhán Ó Longáin

Cruthú

Scríobhaim anocht gan pheann

Damhsaíonn mo mhéara ar do chraiceann

Cumaim dán

Tusa mo mhian de léitheoir

Éisteann tú agus imríonn tionchar

Déanann tú do chuid féin den dán –

Tuigeann tú.

Sin athdhréachtú.

Léim do mholtaí

Titim i ngrá

Sin foilsiú

Bíogann tú, bogann tú

Ligeann tú osna, scairteann tú, béiceann tú

Ligeann tú liú –

Sin léirmheas

Titeann muid in aice a chéile

Brollaigh ag léimt, ag preabadh.

Tchím an grá i do shúile

Sin duais

Urraim, gradam.

Filíocht

Chum mé dán

Mo lámh i do láimhse

Mo bhéal ar do leiceann

M’anáil ag gríosú do chraicinn.

Páipéar mín do chraicinn

Mo rogha meáin

Séimhscríbhneoireacht do phóg

Mo rogha comhfhreagrais.