Dánta le Róisín Sheehy 

Dánta le Róisín Sheehy 

Leaba an Lucht Siúil

Tháinig an lucht siúil
ó na coillte i lár tíre,
Leagadar an leaba
os comhair thigh
mo sheantuismitheoirí.

‘Sín amach inti! Sín amach inti!’
Ní raibh aon deireadh
ag an lucht siúil
leis an tathant;
‘th’anam don diucs, chodlódh
giorria sa leaba san!’

Dhíol mo sheantuismitheoirí
go maith aisti.
An oíche sin luíodar
i dteannta a chéile
ar chláracha coill ’s beitheanna.

Saolaíodh ’s tógadh clann,
tar éis ráithe ama
bhí deireadh acu le
leaba na dtincéirí.

Bhog mo mháthair chríonna
síos staighre,
luigh sí ina haonar
i leaba shingil.
Tugadh leaba an lucht siúil
do mo thuismitheoirí.

In Eanáir fuar
idir chláracha coill ’s beitheanna
’s cuilt de chleití fuipíní
a gineadh mise.

Ó shin i leith téim isteach sa choill
go mbéarfainn greim
ar chrainn coill ’s beitheanna.
Go mbraithfinn lámha
an lucht siúil
a thug dom beatha.

Bairille Stáin an Lucht Siúil

N’fheadar an inné
nó seachtain ó shin
nó fiú anuraidh
go gcloisfinn
mo dhuine i
gCúl na Sméar
ag cnagadh bairille stáin.

Inniu ar Rue Saint Jacques
tá giofóg ó Bhangladesh
ag róstáil cnónna
ar bhairille stáin
muintir Pháras
scaoilte chuige
go líonfaidís a ngoile

Mo dhuine i gCúl na Sméar
caite amach ag na
sealanna oíche
sa mhonarcha
phlaisteach chógaisíochta

Amanta cloisim é
roimh bhreacadh lae
ag cnagadh;
Buicéadaí
cannaí
báisíní
mugaí stáin

Ina am féin
I luas an lucht siúil.

Is file í Róisín Sheehy. Tá céim aici sa Fhraincis agus sa Spáinnis. Foilsíodh scéal dá cuid, ‘An Corp Reoite’ san iris Feasta (Feabhra 2014).