Rosc catha 

Seán Tadhg Ó Gairbhí
Rosc catha 

Tugtar tús áite an mhí seo do scéal uafásach mharú George Floyd a bhfuil a achainí dheireanach, ‘Nílim ábalta m’anáil a tharraingt’, ina rosc catha ag lucht léirsithe ar fud an domhain ó shin.

Ceann de na rudaí ba mheasa faoin marú brúidiúil seo ná nárbh aon eachtra eisceachtúil é i dtír inar léiriú iompar agus caint an Uachtarán féin ar mheon lofa ciníoch seanbhunaithe atá beo i gcónaí i measc cuid mhaith daoine geala.

Ba dhul chun cinn a bheadh ann dá gcabhródh vóta láidir ón bpobal dubh le Donald Trump a ruaigeadh as an Teach Bán mí na Samhna. Ach, mar a deir Tom Jeffers ina thuairisc ó Minneapolis, ní síocháin go ceartas.

Níos gaire do bhaile, tá súil ghéarchúiseach caite ag John Walsh ar stáitín aonteangach s’againne agus ar conas mar a nocht an phaindéim arís dúinn ‘fíorbheartas’ teanga an stáit chéanna.

Is annamh a fhaigheann tú scoláire Gaeilge atá sásta freagairt don bhfreacnairc agus a chuid a rá nuair is gá é a rá.

Tá sin déanta go paiteanta ag John Walsh ina aiste bhreá.

Tá go leor eile againn in eagrán na míosa seo, ag áireamh tuairisc ó chúl an tí i nDún Chaoin, síscéal fíor ó Sceilg Mhichíl agus cárta poist ón mBruiséil.

Tá neart dánta agus próis nua againn daoibh chomh maith a thabharfaidh ábhar léitheoireachta don Ghael agus na srianta dianghlasála á scaoileadh.

Mar a dúirt duine de na filí is fearr ar fad acu, ‘Ragham amú tamall eile chífeam an tír…’

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie