An Daghda

Diarmuid Johnson
An Daghda

Sliocht as Éadaoin, úrscéal nua le Diarmuid Johnson

Mian a tharla don Daghda — cairdeas sliasta a dhéanamh le Bóinn, aithne chollaí a chur uirthi, comhrac na ngéag a dhéanamh léi, agus cumann an dá ghabhal. A mhian ba láidir, a aigne ba chráite, ba mhinic gan suan é, gan suan gan srann, óir bhí rún na drúise ag dordán ina chuisle agus ina chroí. Bhi bac air, ámh. Bac agus laincis: Ealcmhar Sean. Is é Ealcmhar a bhí i bhfeighil an Bhrú.

Ealcmhar! Cén mealladh amach ar chéile na Bóinne? Cén bréagadh chun bealaigh? Cén cuireadh chun coigríche? Cén gliceas, cén cleas, cén gníomh? Chuir an Daghda tochas ina ioscaid. Agus nuair a chuir, rith fuascailt na faidhbe leis. ‘Cuairt na hÉireann!’ ar sé in ard a mheigill, agus bhuail béim dá lorg agus dá lom-mhaide ar urlár agus ar fhaiche Uisnigh.

Ní cian dá éis sin, thug an Daghda a mhallruathar sáilmhór spadchéimiúil ó Uisneach Mí go bruach na Bóinne bitháille. Is san áit agus san ionad sin a labhair sé le hEalcmhar an Bhrú, agus nuair a labhair, is de bhriathra binne bána a bhéil a shíl sé an bréagadh agus an bogadh a dhéanamh.

‘Tiarna chomh tiarnúil leatsa,’ ar sé, ‘flaith chomh flaithiúil leat, ruire chomh ríoga leat, nach mór is mithid dó dúichí na tíre a thaisteal agus a thaithí arís? Nach mór is mithid dó a chlú agus a cheannas a choigilt agus a chruinnchuimsiú arís ar fud Inse Fáil? Nach mór is mithid dó féachaint agus friotháil na hinse fraoch-chorcra seo a dhéanamh, idir chladaí agus chuanta, idir bhánta agus chruacha?’

‘Umm....’ arsa Ealcmhar go sean.

‘Nach mithid don tiarna sin feasta gluaiseacht leis ar camchuairt,’ arsa an Daghda, ‘gluaiseacht leis d’fhonn deimhniú fearainn agus dearbhú flaithiúnais a dhéanamh — fearann agus flaithiúnas Inse Fódla?’

Is amhlaidh a tharla. Ghluais Ealcmhar leis. Agus nuair ba shiúlach dó i gcríocha aistreánacha iargúlta iomadúla na tíre, thug an Daghda luí na Bóinne air féin, shín lena taobh tais tláith, agus chuir an síol sa gclais go mór meirbh magairleach. Lig Bóinn a cnead aoibhnis. Ar sí: ‘Is óg an mac a gineadh i dtosach lae, mac a bhéarfar idir fuineadh gréine agus feascar na hoíche.’

Is ansin a chan an Daghda briocht draíochta agus tincheadail mhóra, briocht agus tincheadail a bhain idir ocras agus íota d’Ealcmhar ar a chamchuairt dó. Agus de bharr na mbriocht agus na dtincheadal sin, ba luath le hEalcmhar imeacht ama agus aimsire. Má ba luath ba líofa, má ba líofa ba luaimneach. Naoi lá agus naoi n-oíche, dar leis, b’aon lá agus aon oíche amháin. Naoi mí ba mhí. Naoi dtráth b’aon tráth amháin.

Nuair ab amhlaidh an scéal, chuir an Daghda teimheal tromcheo ar an tír, teimheal tromcheo a cheil grua agus gnúis na gréine, agus de bharr an teimhil tromcheo sin, ba chian go liathadh an lae, ba chian go léas agus go loinnir an léirsholais tar éis na lán-oíche.

Ealcmhar: bliain dó ar chamchuairt mhór na hÉireann. Bliain gan filleadh ar Bhrú ná ar Bhóinn. Agus ar fhilleadh dó i bhfoirceann a chuid siúil agus a chuid seachráin, ba shlán an bhean dá galar clainne. Rian den ghin, den toircheas ná den bhreith níor léir ar a sciamh, ar a cneas, ná ar a dealbh dhílis féin.

Maidir le hAonghas Óg, thug an Daghda ar altramas do Mhidhir é — Midhir Bhrí Léith, Midhir an tsí — agus níl inseacht ná aithris ar an oiliúint a cuireadh air go ceann naoi mbliana i ndiaidh imeachtaí agus eachtraí an ama sin.

***

Teafa ab ainm don áit. Teafa iarthar Mí. É i gcóngar an tsí i mBrí Léith. Má agus machaire ann. Agus trí chaogaid mac i mbun a gcuid cluichí ar an má sin: caoga i mbun báire, caoga i mbun bigireachta, caoga i mbun cleasa bior.

‘Maith an báire sin,’ arsa Fear Oide. ‘Maith ón,’ arsa Midhir.

‘Cé is ceann báire orthu?’

‘Mac Feabhail a shloinne. Triath a ainm.’

‘Gael?’

‘Fear Bolg. A athair is reachtaire i measc a chine féin.’

Lig an macra gáir. Sliotar eile curtha ag Triath mac Feabhail i líon an bháire.

Nuair ba chaite tráth sin na gcluichí, leag an macra uathu a gcuid bonsacha agus a gcranna báire, agus dhruid leo chuig an mboth foghlama chun feasa agus chun foircheadail. Fear Oide i lár an bhotha. Gach mac den mhacra ina shuí ar bhun crainn.

Labhair Fear Oide. ‘Eolas Inse Fáil!’ ar sé.

Biorú na gcluas istigh, cluasa an mhacra. ‘Trí mhá?’ arsa an t-oide.

‘Maigh Bhré, Maigh Cruachan, Maigh Life. ‘Trí áth?’

‘Áth Luain, Áth Coille, Áth Cliath.’

‘Trí dhúiche gan bhóthar gan tóchar?’

‘Bréifne, Boireann, Béara.’

Tar éis eolas Inse Fáil, tugadh seal ar an tomhas céille: ‘An trí lán?’ arsa an t-oide.

‘Blaosc cnó, corn bó, ubh chirce,’ arsa an macra. ‘Trí chrann feasa?’

‘Dair, coll, caorthann.’

‘Trí áilleacht ar aonach?’

‘Bean chaomh, each luath, cú sheang.’

Ó tugadh seal ar an tomhas céille, chuathas le fios na héigse: ‘Trí chúram file?’ arsa an t-oide.

‘Rosc, rann, agus riail.’

‘Trí rún draoi?’

‘Rúsc, luibh, toit.’

Ó canadh fios na héigse, chuathas seal le rún na cruinne: ‘Trí áit, trí ghin?’ arsa an t-oide.

‘Broinn mná, úth bó, inneoin gabhann.’

‘Trí ní gan chónaí?’

‘Beach, tonn, lasair.’

D’eitil fáinleog isteach sa mboth, na faon-eití ag tobscuabadh an aeir.

D’fhéach Fear Oide an t-éan. Chas dual dá fhéasóg faoina mhéar. ‘Trí ní nach féidir éalú orthu?’ ar sé.

Is é Aonghas a labhair: ‘Cuileog, eascann, agus scáth an éin.’

‘Slán an focal,’ arsa Fear Oide, ‘scor go fóill!’

***

Húirte háirte! Ag fágáil bhoth na foghlama don mhacra, chuir Triath mac Feabhail cogar i gcluais Aonghasa Óig. ‘Sliotar i mo dhorn,’ ar sé, ‘ciotóg nó deasóg?’

‘Ní nós liomsa labhairt le clann na bhFear Bolg,’ arsa Aonghas.

Chuir Triath a smut agus a smig san aer. ‘Maidir leat féin,’ ar sé, ‘an mac nach fios cén chú a chac é!’

Gheit croí Aonghasa ina chléibh. ‘Fios do bhriathar chugam!’ ar sé.

Focal níor chan Triath, ach a dhá láimh ar a dhá chorróg go fonóideach.

Chas Aonghas Óg tuaifeal ar a sháil, agus thug barr na faiche air féin go dithneasach, a dhá shúil fuaite den talamh, a aigne chomh suaite le cleite fáin i gcuilithí na habhann, an meirbh-allas ag briseadh ar a éadainín agus ar a urla. Dar leis ariamh gur mhac le Midhir é, mac le Midhir agus oidhre fine agus fearainn ar an sí! Shiúil sé leis agus rún daingean ina chroí fios agus fáth an scéil a thabhairt chun follais gan feitheamh.

Faoi chrann fuinseoige a bhí Midhir. É i mbun fichille. Dhearc sé an mac chuige an cosán aníos go béalteann buartha. Tháinig Aonghas i leith.

‘Céard is fáth do bhuartha, a mhic?’

Ba thúisce tocht ná scéal.

‘Triath mac Feabhail a thug masla agus achasán dom,’ ar sé ar tharraingt athanála dó.

D’imir Midhir beart fichille. ‘Cén masla?’

Chrom Aonghas a cheann. Ba náir leis an nath. ‘An mac nach fios cén chú a chac é.’

Focal níor chan Midhir, ach lig a shainosna.

‘Cé hiad m’athair agus mo mháthair?’ arsa Aonghas.

D’éirigh Midhir ina sheasamh gur fhéach an mac. ‘Is mise t’athair altramais, ach is é an Daghda t’athair féin,’ ar sé.

‘An Daghda?’

‘Is ea. Eisean is sine fios agus fearann in Éirinn.’

‘Cé is máthair dom?’

‘Bóinn.’

Cluineadh gártha an mhacra i mbun a gcluiche ar an má thíos.

‘Is mian liom aithne a chur ar m’athair agus ar mo mháthair,’ arsa Aonghas, ‘agus is náir liom mo cheilt anseo gan dearbhfhine.’

‘Rachaimid go hUisneach amárach,’ arsa Midhir.

***

Tigh an Daghda is in Uisneach a bhí. In Uisneach Mí, i gceartlár Inse Fódla. Ceithre dhoras ar an teach sin. Amharc ón teach ar cheithre harda na hÉireann. Siar: Áth Luain, Áth Eascrach, Áth Oirbeann. Soir: Máigh Bhré, Áth Cliath. Ó thuaidh: Teafa, an Bhréifne, Loch Éirne. Ó dheas: Sliabh Bladhma, Sí na mBan Fionn.

Amharc fós tigh an Daghda ar fhithis na gealaí. Amharc ar roth na gréine. Agus amharc ar dhís mharcach an tóchar aduaidh. Dhá each faoin dís mharcach sin. Dhá each ghlasdubha agus a n-eireabaill fite ina dtrilseáin. Iad cluasdearg cruinnchrúbach, biorach broinnleathan, áirgiúil aigeanta. Bhain an ghrian splanc as an torc tiarnúil órdhuilleach a bhí ina dhíon uchta agus urbhruinne ar an marcach ba mhó den dís.

Chuir an Daghda a dhá bhois ar bharr a mhaide mhóir mhaolmhullaigh, chuir an maide mór maolmhullaigh sin faoina smig smugairleach smearfhéasógach, agus dhearc uaidh an bealach soir go meigeall-smaointeach.

‘Ní ag lorg céile fichille a tháinig tú, a Mhidhir?’ arsa an Daghda nuair a ráinig an dís mharcach faiche Uisnigh.

‘Céile fichille liom agam!’ arsa Midhir.

D’fhéach an Daghda an mac óg go grinn. ‘Cé ar díobh thú, a mhic?’ ar sé.
Níor labhair Aonghas, ach thug cúlfhéachaint ar Mhidhir go cúthail aníos.

Ba ró-ait leis an mac óg an neach ollmhór aduain alt-ramhar éagruthach áibhéileach úllsúileach aosta a bhí roimhe.

‘Téimis ar fhód ar leith,’ arsa Midhir leis an Daghda de chogar.

Chuaigh.

Shuigh Aonghas idir dhá chleith de chleitheanna an tí. Morc mór tine i lár an urláir os a chomhair. Coire ar an tine sin agus leite á bruith ann. Dá mbeadh an macra mór ina theannta anois, arsa Aonghas leis féin, bhí áit suí ag trí naonúr díobh sa gcoire. Agus beathú trí naonúr eile sa leite.

Bhain Aonghas lán na súl as an áras ardfhairsing iltaobhach a bhí ina thimpeall. Bhí lorg mór cois dorais thiar. Lorg an Daghda. Airde naoi dtroithe ann. Tiús géag darach ann. Beirt tréanfhear ní bhainfeadh cor as. Chonaic an mac óg rud eile: luibheanna ag triomú faoi na frathacha. Dhá chuach uisce agus iad crochta ar dhá dhealg sleamhna seanadhmaid. Nead dreoilín i gceann den dá chuach uisce sin. An dreoilín níor léir, ach dordán beiche ba chlos sa bhfardhoras. Lig Aonghas méanfach. Bhí boladh leamh-mhilis na leitean ag cur ocrais air. Bhris sé greim den bhairín eornan a bhí faoina chrios aige. Chuir faoina fhiacail é. Bhí meirfean air. Do chodail.

‘D’aithníos é,’ arsa an Daghda.

Thug Midhir glaic eile den mhin coirce don each dubhghlas.

‘Tá sé in aois a chéad ghaisce.’

‘Ní iomchuí dó a bheith gan fearann,’ arsa Midhir.

‘Fearann?’

‘Tá fios a ghinealaigh aige.’

Lig an Daghda cnead as a chliabhrach mór meirgeach aniar. ‘Tá fearann agamsa dó ós mac liom é,’ ar sé.

‘Cén fearann sin?’
‘Fearann na Bóinne!’ arsa an Daghda.

‘Bóinn?’

‘Fearann na Bóinne, an fearann agus an Brú.’

‘Nach faoi Ealcmhar atá an Brú?’ arsa Midhir.

‘Is ea más ea.’ D’fhuaraigh an t-agallamh beagán. Shín an Daghda a leabharghéag suas i mbolg an lae gur scuab an scamall de ghnúis na gréine. ‘Ealcmhar a chur as an mBrú, sin rud is féidir!’ ar sé.

‘Fios do bhriathair uait,’ arsa Midhir.

Don achainí sin níor thug an Daghda ach cluais bhodhar. Chuir sé tochas ina ioscaid. ‘Sílim gur fear meala thú féin.’

‘Fear meala?’

‘Sáith beach atá agam,’ arsa an Daghda, ‘iad i gcrann ar fhaiche Uisnigh ó Bhealtaine. Is doiligh a rá cé leis iad. Do chomhairle?’

‘Téimis á bhféachaint,’ arsa Midhir.

Chuaigh.

Ag dul trasna na faiche fionnscothaí dóibh, lig an Daghda brúcht. Gur labhair. ‘Téadh Aonghas go Brú na Bóinne Lá Samhna,’ ar sé. ‘Is lá gan fuath gan fíoch an lá sin in Inis Fódla. Síothúil do chách an lá sin. Síothúil soilbhir. Ach tugadh an mac sleá agus sciath leis. Sleá agus sciath, agus claíomh cúig dhorn i dtruaill faoina chrios. Tugadh fós crann tabhaill agus urchair. Beidh Ealcmhar sa mBrú an lá sin. Gan de threalamh ná de ghléas gaisce aige ach gabhlóg coill. Gabhlóg de choll geal na seanbhliana. Beidh brat ar Ealcmhar. Dealg óir sa mbrat. Téadh Aonghas chuige.’

Sheas an Daghda faoi chrann mór beithe agus Midhir lena thaobh. ‘Seo é crann na mbeach,’ ar sé. D’fhéach Midhir an crann. Beacha den tsaithe ag dord-theacht agus ag dord-imeacht. ‘Liom an crann. Ní liom an tsaithe. Cé leis an mhil? Do chomhairle, a Mhidhir?’

‘Nach leat an fhaiche seo?’

‘Is liom.’

‘Nach leat an crann?’

‘Is liom.’

‘Nach tú a d’aimsigh na beacha?’

‘Is mé.’

‘Is leat an mhil dá réir sin.’

‘Cá bhfios duit?’ arsa an Daghda.

Don achainí sin níor thug Midhir ach cluais bhodhar. ‘Comhairle d’Aonghas uaitse i ndíbirt Ealcmhair ón mBrú,’ ar sé.

Lig an Daghda osna. ‘Lá Samhna i mBrú na Bóinne. Ealcmhar gan arm gan imdhíon. Bagraíodh Aonghas lámhach agus lánmhárú air. Iarrfaidh Ealcmhar aisce agus anacal. Éileamh Aonghasa? Ceannas an Bhrú go ceann lae agus oíche.’ Thug an Daghda sracfhéachaint ar an gcrann. ‘Agus dar leat gur liom féin an mhil?’

‘Lá agus oíche?’ arsa Midhir.

‘Lá agus oíche,’ arsa an Daghda, ‘mar lá agus oíche ní chaithfear go brách ach iad ag síorleanacht a chéile. Agus is ina laetha agus ina hoícheanta a chaitear an aimsir.’

‘Atá go maith,’ arsa Midhir. Chas sé ar a ais i dtreo an árais.

‘An mhil?’ arsa an Daghda.

Thiontaigh Midhir. ‘Fear a aimsíonn saithe beach i bhfogas gairm coiligh de dhoras a thí, is leis trian na meala. Más leis an fhaiche, is leis ar fad í. Sin é dlí na mbeach.’

***

Caitheadh an bhliain go préamhach craobhach. Ídíodh macnas an tsamhraidh ré ar ré, agus ní raibh in éadan dian drithleach na gréine ach meathloinnir i log na spéire nuair a tharla an ní: teacht Aonghasa don Bhrú faoi Shamhain.

Aonghas Óg — an ceangal catha agus comhraic ar a chasfholt fáinneach gruaige. A ghaisce uime. Crann tabhaill faoina chrios. Léine ar a cholainn chaomh churata, ionar ar an léine, lúireach ar an ionar, scaball ar an lúireach go díonach dlúth anuas. Iall ar osán, troith ar chosán, agus a réim roimhe go buacach bríomhar chun gabháil fearainn agus flaithiúnais de réir cheart fine agus sleachta.

Shroich sé an Brú. Isteach leis. B’iúd roimhe san arduaimh áirgiúil istigh tiarna agus triath na Bóinne. Ealcmhar Sean. É cloch-ársa cianchnámhach caoch. Gan samhail ag a fhéasóg ach crann draighin nó nead eala ar eanach. Folt a chinn ba luachair cois locha agus mionéin an chriathraigh ag neadúann go gobach.

Brat ar Ealcmhar. Brat lín. Brat gan smál gan teimheal agus é ag sileadh leis óna dhá shlinneán síos. Gan arm gan éide ghaisce aige. Gan sciath gan sleá. Gan fleasc gan faobhar. Ach gabhlóg fionnchoill i ngreim deasóige aige. Thóg Ealcmhar a cheann.

‘Cé hé an malrach beag óg sin?’ ar sé de thrombhriathra stadacha a mheirgchanúna féin.

*Tá Éadaoin ar fáil anois agus is iad Leabhar Breac a d’fhoilsigh.

Diarmuid Johnson

Is scríbhneoir agus tráchtaire é Diarmuid Johnson