Caidé atá tusa ag déanamh faoi?’
Nuair a tháinig mé go Lurgan sa bhliain 1960 bhí an pobal Caitliceach in ísle brí agus gan mórán dóchais acu go dtiocfadh athrú ar a saol. Bhí éagothroime leitheadach i gcúrsaí tithíochta agus fostaíochta. 45% den phobal ina náisiúnaigh agus gan fiú ionadaí amháin acu ar an chomhairle áitiúil.
Córas éagórach ar achan bhealach agus an pobal náisiúnach á choinneáil faoi chois.
An dearcadh coitianta a bhí ag an phobal sin gurbh í an teorainn an chúis a bhí leis an éagóir agus gur Éire Aontaithe an freagra le deireadh a chur léi. Ní dhearna óráidí poblachtánacha le linn toghcháin sa deisceart nó foréigean ó am go ham ón IRA aon difríocht. Dhaingnigh seo uilig an deighilt idir muintir an Tuaiscirt agus dhaingnigh sé an greim a bhí ag an Pháirtí Aontachtach ar an chosmhuintir. Níor athraigh sé cás na ndaoine.
Tháinig glúin nua chun tosaigh, náisiúnaithe den chuid is mó, a bhí ábalta buntáiste a bhaint as an saoroideachas agus a raibh dearcadh difriúil acu. Bhí siad lárnach i nGluaiseacht na gCearta Sibhialta agus an sprioc a bhí acu ná brú a chur ar Rialtas na Breataine trí fheachtas síochánta aghaidh a thabhairt ar an dualgas a bhí orthu cothrom na Féinne a thabhairt do shaoránaigh Thuaisceart Éireann ar fad. Ba é John Hume an ceannaire ba mhó le rá sa ghluaiseacht seo.
Ba ghnách liom féin an samhradh a chaitheamh i nGaoth Dobhair na blianta sin agus an chéad chuimhne atá agam ar John, fear óg as Doire, ná é a bheith i gcomhluadar in Óstán Radharc na Mara, geansaí Árannach air agus é ag ceol ‘Tráthnóna Beag Aréir’.
Bhíodh sé ar saoire ar feadh mhí Iúil le Pat agus an teaghlach. Is beag a thuig mé na laethanta sin an tionchar a bheadh ag an fhear óg seo ar dhán na hÉireann ná ar mo shaol féin.
Sna blianta ina dhiaidh sin chuir mé aithne níos fearr air nuair a bhí mé i mo bhall d’Fheidhmeannacht na gCearta Sibhialta (NICRA). Bhíodh cruinnithe ar siúl achan deireadh seachtaine ag a mbíodh toscairí ó gach páirt den Tuaisceart. Chonaic mé go soiléir sna blianta cinniúnacha sin an cheannaireacht chiúin, staidéartha agus an chomhairle shiosmaideach chiallmhar agus réasúnach a thugadh John Hume do dhaoine, go háirithe aon uair a d’éiríodh daoine tógtha agus feargach. Ba léir fosta go raibh muinín ag formhór daoine as.
Taobh istigh de dhá bhliain d’éirigh leis an ghluaiseacht athruithe suntasacha a chur i gcrích le cás na náisiúnach a fheabhsú trí leas a bhaint as modhanna síochánta agus le hargóintí nach dtiocfadh le Rialtas na Breataine gan aird a thabhairt orthu. Ar an drochuair thit an ghluaiseacht as a chéile mar gheall ar easaontas agus foréigean i measc baicle beag den lucht leanúna. Is cuimhin liom John ag maíomh san am sin go raibh géarghá le páirtí nua sa Tuaisceart, páirtí daonlathach a mbeadh prionsabail dhochta, spriocanna soiléire agus straitéis lena gcur i gcrích aige.
Bhíodh sé go minic ag caint sna meáin chumarsáide ag cur a smaointe chun tosaigh. Bhí sé glan in éadan an fhornirt. Ní hí ‘fadhb na hÉireann’ a bhí i gceist ach ‘fadhb na Breataine in Éirinn’, a deireadh sé. Ba mhór an chonstaic polasaí na Breataine nach mbeadh athrú ar bith sa Tuaisceart gan toil na nAontachtaithe. Níorbh í an teorainn ar thalamh na hÉireann an fhadhb ach an teorainn in aigne agus i gcroí na ndaoine. Ní píosa talaimh a bhí le haontú ach na daoine a mhair ann. Chaithfí aitheantas a thabhairt d’fhéiniúlacht na nAontachtaithe comh maith leis na Náisiúnaithe agus trí chomhréiteach a thiocfadh aontacht na tíre. Éire Chomhaontaithe a bhí riachtanach. Cé go bhfuil glacadh leitheadach ag gach páirtí leis an dearcadh sin anois, dearcadh fíor-radacach a bhí ann an uair sin.
Bhí ainm John Hume i mbéal an phobail náisiúnach thuaidh agus theas agus thacaigh an mhórchuid lena smaointe.
I mí Lúnasa 50 bliain ó shin ag cruinniú in óstán an Eargail i nGaoth Dobhair glacadh leis an moladh páirtí nua a bhunú, an SDLP. John Hume, Austin Curie, Gerry Fitt, Paddy Devlin, Ivan Cooper agus Paddy O’Hanlon a bhí i láthair.
Scríobh mé chuig John i dtrátha an ama sin ag gearán nach raibh an SDLP ag déileáil le fadhb na héagothroime i gComhairle áitiúil an Lurgain. Fuair mé freagra aon líne: ‘Caidé atá tusa ag déanamh faoi?’
Bunaíodh craobh Lurgan den SDLP ina dhiaidh sin agus roghnaíodh mé mar rúnaí.
Tá an-chuid scríofa le mí anuas fá John Hume. Is deacair cur leis.
Bhíodh am ar dóigh againn, teaghlaigh ón Tuaisceart le scaoi mhór páistí ag baint sult as laethanta an tsamhraidh ar thrá Mhachaire Gathlán
Ba mhinic a theach in aice le Taobh an Bhogaigh faoi ionsaí ag lucht tacaíochta Shinn Féin agus an IRA.
Is beag lá nach mbeadh uafás eile curtha i gcrích ag an UVF, an UDA an IRA nó na fórsaí cosanta.
Labhair John amach go láidir ina n-éadan uilig in ainneoin na maslaí ó gach taobh. Thug sé cinnireacht mhacánta agus thug sé uchtach go mórmhór don phobal náisiúnach.
Sna seachtóidí agus sna hochtóidí lean sé le saoire mhí Iúil i nGaoth Dobhair. Faoiseamh gan amhras dó féin agus
don teaghlach le linn na mblianta uafásacha sin.
Bhíodh am ar dóigh againn, teaghlaigh ón Tuaisceart le scaoi mhór páistí ag baint sult as laethanta an tsamhraidh ar thrá Mhachaire Gathlán, ar thurais go oileán Ghabhla nó ag dreapadóireacht ar an Earagail.
Bhíodh John in ár measc ag baint sult as an ‘tsaoirse’. Níos moille sa tráthnóna bhíodh comhluadar, ceol agus craic in Óstán Radharc an Eargail nó Óstán Ghaoth Dobhair. San am céanna ba dheacair le John éalú go hiomlán. Ba mhinic a bhíodh air pilleadh faoi dheifir go Doire le déileáil le fadhb éigin.
Ba mhór an phribhléid John agus Pat Hume a chuntas mar chairde gan trácht ar na blianta cinniúnacha a chaith mé mar chomhghleacaí le John, ag leanstan a chinnireachta agus ag obair, in éineacht le mórán daoine eile, chun an fhís a bhí aige ó thús a chur i bhfeidhm.
Táimid uilig in Éirinn, thuaidh agus theas go mór faoi chomaoin aige. D’fhág se síocháin bhuan againn. Tá síocháin shíoraí tuillte aige. Go ndéana Dia a mhaith ar a anam dílis.