Bua na bhfocal…

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tugtar ómós in eagrán na míosa seo do Bhreandán Ó hEithir a bhí tráth ina eagarthóir ar Comhar.

Tríocha bliain ó shin, i bhfómhar na bliana 1990, a bhásaigh an scríbhneoir agus craoltóir agus, mar a deir Póilín Ní Chiaráin, tá sé thar am a shaothar a chur ar fáil arís.

In ainneoin go mbímid ag maíomh go diomúch go mbíonn
an t-iriseoir Gaeilge chomh maith lena mhacasamhail sa Bhéarla ná in aon teanga eile, ní hamhlaidh an scéal i gcónaí.

Conas a bheadh agus a laghad sin againn ann? Níos teirce fós a bhíonn na heiseamláirí sa Ghaeilge ag an iriseoir óg a bhfuil luí leis an bpeann aige.

Ach an chéad uair ar tháinig cuid againn ar shaothar iriseoireachta Bhreandáin Uí Eithir thuigeamar gur obair eiseamláireach a bhí ann. Stílí ab ea é agus dála aon stílí, ba dhóigh leat ar a chuid scríbhneoireachta gur beag dua a caitheadh léi. Bhí sé greannmhar agus géarchúiseach agus cé go raibh sé lán gaoise is go cáiréiseach a chuir sé a phointe abhaile ort, má bhí a leithéid aige.

Bhí a theanga ar a chomhairle fhéin aige, mar a deir muintir Chonamara. Agus ní raibh aon fhoighne aige le bullsh*t, bunriachtanas na ceirde.

N’fheadar cad déarfadh sé le Donald Trump?

Is deacair a chreidiúint go bhfuil ceithre bliana curtha de ag an Trumpach mar uachtarán cheana féin.

Faoi mar a dúirt George W. Bush faoina anáil le Hillary Clinton nuair a chuir Trump críoch lena óráid ag a insealbhú in 2017, ‘Well, that was some weird shit.’

Tá rudaí éirithe níos aistí ó shin agus déanann Máirtín Ó Catháin iarracht dúinn ciall a bhaint as cúrsaí agus toghchán cinniúnach ar na bacáin i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá léirmheas againn chomh maith an mhí seo ar an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge agus a bhreithiúnas tugtha ar an saothar 1,800 leathanach ag Kevin Hickey.

Tá éacht déanta ag foireann an fhoclóra, ach mar a deir Póilín Ní Chiaráin, bheadh jab ag duine foclóir Uí Mhianáin a thabhairt leis ar eitleán, mar a dhein Breandán Ó hEithir le foclóir an Duinnínigh nuair a bhí sé ag imeacht ar cuairt chun Bogóta na Colóime cúpla mí sular bhásaigh sé.

Déarfainn go mbeadh Breandán sásta nach bhfuil deireadh ráite againn fós.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie