An fhírinne neamhráite
Cén fáth go bhfuil cearta teanga phobal na Gaeilge á séanadh ó aimsir Anraoi a hOcht go dtí an lá atá inniu ann, a fhiafraíonn Liam Mac Cóil
Chuir mé litir faoi bhráid an Choimisinéara Teanga mí na Nollag seo caite.
Chuir an Coimisinéir cóip den litir sin ar fáil do Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Bhí mé an-bhuíoch den Choimisinéir agus de bhaill an choiste as oiread sin spéise a chur sa mhéid a bhí le rá ag scríbhneoir Gaeilge atá ag saothrú sa teanga le hos cionn leathchéad bliain anois agus a bhfuil imní air go mb’fhéidir go mbeidh an Ghaeilge imithe as mar theanga phobail sula mbeidh deireadh a chúrsa scríbhneoireachta sroichte aige.
Chuir mé roinnt ceisteanna práinneacha sa litir úd agus ba mhaith liom iarracht a dhéanamh na ceisteanna úd a fhreagairt agus na fadhbanna damanta a bhaineann le reachtaíocht chearta teanga a réiteach – mar is cearta bunúsacha atá i gceist, cearta atá á séanadh ormsa mar shaoránach Éireannach agus ar go leor saoránach Éireannach eile. Tá mé i mo chónaí i nGaeltacht Ráth Chairn agus táim ag iarraidh a bheith ag plé le ranna agus le hinstitiúidí Stáit i dteanga na tíre le blianta fada agus sin ag teip chomh mór sin orm go bhfuilim tuirseach spíonta ag an iarracht anois. Ní dóigh liom gur aon áibhéil a rá go mbreathnaíonn go leor dúinn i bpobal na Gaeilge ar bhaill Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, agus ar an gCoimisinéir Teanga mar chosantóirí na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Státchóras – ar an Státchóras a d’fhéadfainn a rá.
Tarlaíonn rud an-aisteach
Tá rud suntasach tugtha faoi deara agam ó tosaíodh ag moladh cearta teanga do phobal na Gaeilge, i seascaidí agus i seachtóidí na haoise seo caite, agus ó tosaíodh ag féachaint le cruth reachtaíochta a chur ar na cearta sin sna 1990idí, is é sin gur beag nach fál go haer é, ag iarraidh rópa a dhéanamh as gaineamh, obair in aisce, déarfá, arbh ionann é agus olla a iarraidh ar phocán gabhair. Tá a fhios ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí Choiste Oireachtais na Gaeilge féin é sin go rímhaith. Tosaíonn daoine – Conradh na Gaeilge, Teachtaí Dála, Airí Rialtais – le moltaí ar fónamh, moltaí a rachadh chun leas na teanga agus a chuideodh go mór leis an nGaeilge a choinneáil mar theanga labhartha sa Ghaeltacht. Tugann an Chomhaireacht agus an Taoiseach agus an Rialtas féin éisteacht mhaith do na moltaí sin agus glacann siad leo, agus, le roinnt blianta, thacaigh Comhchoiste na Gaeilge leo go dearfa agus go diongbháilte. Cuirtear an reachtaíocht i dtreo a dréachtaithe. Ansin tarlaíonn rud an-aisteach. Ag pointe éigin sa phróiseas sin, lagaítear na moltaí, baintear na fiacla as an gcuid is fearr agus is láidre acu, agus cuirtear an mhoilleadóireacht agus an tseachantacht isteach san Acht mar ghnéithe bunúsacha den reachtaíocht. Cealaítear na cearta a bhí á n-éileamh. ar In aiste chuimsitheach faoin mBille Teanga agus na leasuithe atá faoi chaibidil faoi láthair ar Comhar mhí na Samhna seo caite, dúirt Pádraig Ó Laighin go ndearna Comhchoiste an Oireachtais moltaí ar fónamh ach gur thug an bille a tháinig ar ais ón bpróiseas dréachtaithe sa deireadh ‘an t-eiteachas glan do dhearcadh agus cur chuige an Chomhchoiste...’
Cealú an Daonlathais
Ionadaithe tofa an phobail. Agus tugtar an t-eiteachas dóibh. Tugann an chuid is mó mór de mhuintir na tíre tacaíocht don Ghaeilge agus do na hiarrachtaí ar a son. Ach féach, tá toil na ndaoine curtha ar ceal. Ní hamháin go bhfuil cearta daonlathacha daonna phobal na Gaeilge á gcur ar neamhní, is é sin an ceart bunúsach daonlathach atá ag gach saoránach le Gaeilge plé leis an Stát ina theanga féin, ach tá neamhshuim á déanamh de mhianta daonlathacha mhuintir na tíre agus a gcuid ionadaithe. Tá an próiseas daonlathach, an daonlathas féin, á chur ar neamhní. Is scannal mór é sin. Tá sé práinneach go bhfaighfí amach cén chaoi a bhfuil sé ag tarlú agus cén fáth.
Roinnt Coincheap
Ba mhaith liom díriú ní ar ghnéithe faoi leith d’ábhar an bhille – tá sin déanta cheana agus é déanta go maith – ach ar an bpróiseas dréachtaithe féin. Ar an ábhar sin, ba mhaith liom cúpla coincheap a chur faoi bhur mbráid a chabhróidh linn, b’fhéidir, an feiniméan uafásach seo a thuiscint, feiniméan arb ionann é agus tíorántacht dhalba neamhbheartaithe ar chuid shuntasach de muintir na tíre, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Mar a dúirt mé sa litir a chuir mé chuig an gCoimisinéir, ní dóigh liom go bhfuil aon chomhcheilg ar bun anseo. Na daoine atá páirteach sa phróiseas dréachtaithe is daoine ionraice, dúthrachtacha iad. Ach tá rud éigin ag dul amú.
Ní coincheapa nua iad seo agus is cinnte nach mise a chéadsmaoinigh orthu. Ach má chuireann muid le chéile iad mar uirlisí smaointe, b’fhéidir go dtiocfaimis ar thuiscint ar a bhfuil ag titim amach. Go dtuigimis cén chaoi a n-éiríonn leis an bpróiseas dréachtaithe féin oiread sin dochair a dhéanamh agus sin ar bhealach atá, domsa ar aon chuma, mistéireach. Conas go n-éiríonn leis an bpróiseas an fige a shú amach as an rolla fige seachas é a chur isteach? Cén chaoi a gcuirtear, bliain i ndiaidh bliana, ainneoin ár ndícheall uile, cearta absalóideacha shaoránaigh le Gaeilge ar ceal?
Béascna
An chéad choincheap ba mhaith liom a lua ná ‘béascna’. Téann an focal, ‘béascna’ siar go dtí tréimhse na sean-Ghaeilge agus go dtí seandlíthe na nGael, an Féineachas.
(San eagrán a rinne sé den tráchtas dlí, ‘ An Córus Bésgnai’, a scríobhadh am éigin sa seachtú haois agus ar chuid den Seanchas Mór é, deir Liam Breatnach nár mhiste níos mó taighde ar bhrí agus an fhocail ‘béascna’ agus an ceart aige, ar ndóigh.)
‘Culture’ an míniú a thugann an Foclóir Gaeilge Béarla ar ‘béascna’. Is é sin, ‘culture’ nó cultúr i gciall na hantraipeolaíochta den fhocal. In aon fhocal amháin, baineann béascna leis an saol uile mar a chaithimid é ó lá go lá.
Míniú Daniel Everett
Mar chur síos ar a bhfuil i gceist agam le ‘béascna’ is dóigh liom go bhfuil an sainmhíniú ag an antraipeolaí agus an teangeolaí Meiriceánach, Daniel Everett, sásúil go leor. Seo cuid den mhíniú aige: ‘... an abstract network – shaping and connecting social roles, ... knowledge domains, and ranked values...Culture permeates the individual, the community, behaviours and thinking.’
Sílim go bhféadfaí é sin a aistriú mar seo: is éard tá sa bhéascna gréasán teibí a mhúnlaíonn agus a cheanglaíonn rólanna sóisialta, réimsí eolais, agus luacha rangaithe. Fágann an bhéascna a lorg ar an duine aonair, ar an bpobal, ar a n-iompar agus ar a gcaoi a smaoiníonn siad.
Béascna agus Béascnaí
An uirlis is cumasaí agus is cumhachtaí lena ndéanann an bhéascna sin uile an teanga. Cuid den bhéascna an teanga agus ar an gcaoi chéanna, cuid den teanga an bhéascna. Tig linn béascna chomónta Éireannach a chur i gcás agus d’fhéadfadh antraipeolaithe nó socheolaithe roinnt luacha, nósanna, smaointe, etc. a liostáil atá againn ar fad i bpáirt le chéile. Agus tig linn ar an gcaoi chéanna béascnaí éagsúla in Éirinn a chur i gcás; fobhéascnaí, más maith linn , a bhaineann le grúpaí agus le pobail faoi leith. Ní hionann béascna na Gaeilge agus béascna an Bhéarla; ní hionann béascna na Gaeltachta agus béascna an bhaile mhóir; ní hionann béascna do lucht oibre na Carraige Duibhe i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ar bhain cuid de mo shinsir leo, agus béascna lucht báid san Inbhear Mór i gCill Mhantáin ar bhain sinsir eile liom leo. Ní hionann béascna lucht dlí sna Ceithre Cúirteanna agus béascna an Chlub Leabhar i dTigh Mholly. Ach is léir nach bhfuil na béascnaí sin scartha ar fad óna chéile. Níorbh ann domsa dá mbeadh. Ní hea ach ritheann na béascnaí isteach ina chéile, bíonn siad ag forluí ar a chéile, bíonn siad ag baint dá chéile agus ag cur lena chéile. Ná ní gá go bhfreagródh an teanga céad faoi gcéad don bhéascna a chleachtann lucht a labhartha. Ba bhreá le muintir Ráth Chairn riamh ceol agus amhránaíocht agus seanchas. Ach is é an focal Béarla ‘time’ atá acu ar a leithéid a bheith ar siúl i dteach duine de na comharsana. Mar sin féin, ní mór a aithint go bhfuil difríochtaí áirithe béascna idir lucht labhartha na Gaeilge agus iad siúd nach bhfuil acu ach Béarla nó arb é an Béarla an t-aon teanga a bhfuil siad compordach á labhairt. Ach ní ceist dubh agus bán é. I bhfad uaidh.
An Meon Aonteangach
D’fhéadfadh muid seal ama an-spéisiúil a chaitheamh ag cur is ag cúiteamh faoi na difríochtaí idir na béascnaí ar fad agus na cosúlachta atá eatarthu. Ní luafaidh mé ach aon cheann amháin anseo mar dar liom go bhfuil sé an-tábhachtach sa chomhthéacs seo. Ar éigean a aithníonn an duine nach bhfuil aige ach aon teanga amháin gur ann do theanga eile ar aon bhonn a bhaineann lena ghnáthshaol pearsanta féin. Ar éigean a aithníonn an duine aonteangach a theanga féin fiú amháin. Labhraíonn sé í gan smaoineamh gur teanga faoi leith í. Ní aithníonn an t-iasc an t-uisce. Ach tugann an té a bhfuil níos mó na aon teanga amháin aige an teanga faoi deara go mion is go minic. Mura bhfuil i gceist ach go mbíonn muidne, Gaeil nó Gaeilgeoirí, lucht labhartha na Gaeilge, bíonn muidne ag maireachtáil idir dhá theanga; ag aistriú go minic ó theanga amháin go teanga eile; ag faire amach féachaint cén teanga a labhróidh mé leis an duine seo nó an duine siúd, ar an ócáid seo nó ar ócáid éigin eile. Agus ag caint go pearsanta, goilleann sé go domhain orm mar shaoránach agus mar scríbhneoir nuair a dhéanann institiúidí Stáit agus leathstáit neamhshuim díom mar chainteoir Gaeilge. Sin cleachtadh saoil nach bhfuil aon eolas ag an duine aonteangach air; agus tá sin beag beann ar na luacha, na spéiseanna, an t-eolas, atá againn mar dhaoine a labhraíonn Gaeilge. Daoine aonteangacha Béarla an chuid is mó mór de státseirbhísigh na hÉireann. As béascna aonteangach Béarla, den chuid is mó, a fáisceadh iad agus is in uisce an Bhéarla aonteangaigh a bhíonn siad ag snámh i gcónaí. Ag an leibhéal pearsanta, chomh fada is a bhaineann le cuid mhór de státseirbhísigh na tíre, is mar ábhar scoile amháin a thuigeann siad Gaeilge. Níl aon taithí acu ar an nGaeilge mar theanga laethúil a labhraítear ar an gcaoi chéanna a labhraíonn siadsan Béarla. Ach amháin gur minic nach féidir leis an nGaeilgeoir sin a dhéanamh leis an Stát mar nach labhraíonn an chuid is mó mór de bhaill na státseirbhíse ach Béarla amháin. Arís is beag tuiscint atá acu ar an taithí chráite saoil sin.
Eolas neamhráite
An dara coincheap ba mhaith liom labhairt faoi an coincheap den ‘eolas neamhráite’. Tá eolas ag daoine mar gheall ar go bhfuil teanga acu. Tá sin fíor faoi chuile dhuine a bhfuil teanga aige. Cuid den bhéascna an t-eolas sin. Ach cuid mhór den eolas sin, cuid mhór dá bhfuil i gceist le béascna fiú, ní thig linn focail a chur air. Luaitear an téarma ‘tacit knowledge’ leis an bhfealsamh agus leis an eolaí Ungárach a tháinig chun cónaí i Sasana aimsir na Naitsithe, Michael Polanyi. Deir Polanyi mar shampla go mbíonn níos mó ar eolas againn ná mar is féidir linn a rá i bhfocail.
Tá taithí againn ar a bheith ag breathnú ar an tráchtaireacht tar éis cluiche peile abair agus go gcuirtear ceist ar an imreoir a scóráil an cúl a ghnóthaigh an cluiche. ‘Cén chaoi ar scóráil tú an cúl iontach sin?’ ‘Bhuel. Chonaic mé an deis agus thapaigh mé í.’ Tá scóráil an chúil sin mar atá imirt an chluiche féin lonnaithe san eolas neamhráite. Ach ina dhiaidh sin tig leis an lucht anailíse dul ag obair air agus iarracht a dhéanamh a mhíniú dúinn cén chaoi ar tharla an cúl iontach úd. Agus murar miste libh cuirfidh mé focal beag i leataobh leis an méid sin: sibhse an painéal sa chás seo. Is sibhse a chaithfidh
a fháil amach cén chaoi a dtéann iarrachtaí uile ar son cearta lucht a Gaeilge amú. Cén chaoi a dtéann oiread sin liathróidí ar fóraoil.
Scil
I measc na rudaí eile a bhaineann leis an eolas neamhráite tá scileanna: uirlis cheoil a sheinm, mar shampla, adhmad a shnoí, pictiúr a phéinteáil; nó bille a dhréachtú.
Ag tarraingt dúinn ar chuid den smaointeachas sa leabhar An Meon Folaithe, curtha in eagar ag Tadhg Ó hIfearnáin agus John Walsh, d’fhéadfadh muid b’fhéidir ‘idé-eolaíocht thostach’ a thabhairt ar chuid den eolas neamhráite. Ach is fusa cloí, sílim, leis an aon téarma amháin.
Táim cinnte go ndéarfadh baill na hOifige Dréachtaithe gur scil faoi leith í dréachtú dlíthe. Cuid mhór dá bhfuil i gceist le scil ar bith, eolas neamhráite é.
Tá sé an-deacair focail a chur ar a bhfuil i gceist le scil. An méid is féidir a dhéanamh go minic dar le Polanyi natháin nó ‘maxims’ a úsáid. Ach mura bhfuil an t-eolas agat cheana féin is beag an chabhair iad na natháin chéanna. Rud eile nach mór a rá faoi scil, go dtagann sé anuas ó ghlúin go glúin. Tagann scil dréachtaithe bille anuas ó ghlúin amháin dréachtóirí go dtí an chéad ghlúin eile. Labhróidh mé faoin traidisiún ar ball beag.
Eolas neamhráite corparáideach
Tá go leor forbartha déanta choincheap an eolais neamhráite ó thosaigh Polanyi ag caint air i gcaogaidí na haoise seo caite. Eolas pearsanta den chuid is mó a bhí i gceist aige siúd: marcaíocht ar rothar an sampla clasaiceach aige, agus scileanna mar déanamh aráin, déanamh ealaíne, teanga a labhairt. Anois aithnítear go bhfuil an t-eolas neamhráite feidhmiúil i réimsí eile; go bhfuil eolas neamhráite ag pobail agus ag grúpaí daoine agus iad ag feidhmiú mar ghrúpaí agus mar phobail. Tá sé aitheanta ag lucht gnó mar shampla go mbíonn eolas neamhráite feidhmiúil i gcomhlachtaí. Is é sin go bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘eolas corparáideach’ nó ‹corporate knowledge’.
Tá sampla breá tugtha dá bhfuil i gceist le heolas neamhráite i measc pobal daoine ag Harry Collins in Tacit and Explicit Knowledge – cúrsaí tráchta i dtíortha éagsúla, an trácht sa Róimh, mar shampla. Aon duine agaibh a thiomáin carr sa Róimh tuigeann sibh nach ionann é agus carr a thiomáint i mBaile Átha Cliath. Fiú an tsráid a thrasnú sa Róimh ní hionann é agus an tsráid a thrasnú i mBaile Átha Cliath. Ach tuigeann muintir na Róimhe cén chaoi lena dhéanamh agus den chuid is mó ní bhíonn timpistí acu. Ná ní leagtar oiread sin daoine ag trasnú na sráide. Leagfaí mise, shíl mé, agus mé ag iarraidh an tsráid a thrasnú in aice le San Pietro in Montorio murach go bhfaca Meiriceánach mé agus gur thóg sé ar láimh mé. Agus shiúil sé amach i lár na tráchta go dána agus mise taobh leis. Agus stop na carranna agus ní raibh aon timpiste ann, agus bhain mise San Pietro in Montorio amach slán sábháilte. Thug sé comhairle dom an lá sin agus ba mhaith liomsa an chomhairle sin a roinnt ar na Teachtaí Dála agus Seanadóirí atá ag plé leis an mbille teanga faoi láthair: ‘You’ve got to take command.’
Tá lucht gnó thar a bheith cinnte faoin gcumhacht a bhaineann le heolas corparáideach. Dar leis an smaointeoir faoi chúrsaí gnó agus bainistíochta, Peter Drucker, go bhfuil cumhacht ollmhór ag béascna comhlachta. Tá an nathán a chuir sé sa siúl sa chomhthéacs sin, cloiste ag cuid agaibh cheana is dócha, ‘Culture eats strategy for breakfast.’ Is é sin, is cuma cén straitéis a chuirtear le chéile i gcomhair an chomhlachta déanfaidh béascna an chomhlachta spior spear di mura bhfuil an straitéis ag teacht léi.
Ní taise don Státseirbhís é. Tá eolas ollmhór neamhráite corparáideach i dTeach Laighean. An bhféadfadh sé go bhfuil cuid den eolas sin, den bhéascna, ag obair in éadan cearta teanga don Ghaeilge?
Traidisiúin
Luaigh mé scileanna ar ball. Baineann scileanna le heolas neamhráite. Baineann siad le traidisiún. Cén chaoi a bhfoghlaimíonn muid scil? Foghlaimímid í ó bheith ag breathnú ar dhaoine a bhfuil an scil acu, ó bheith ag éisteacht lena gcuid nathán agus iad i mbun oibre, agus trí iarracht a dhéanamh aithris a dhéanamh orthu ina dhiaidh sin. Baineann eolas neamhráite le traidisiúin. Cuid mhór dá bhfuil i gceist le traidisiúin ní féidir focail a chur air. Agus tá traidisiúin ag baint le Tithe an Oireachtais, agus leis an Státseirbhís, traidisiúin a dtéann cuid acu siar i bhfad, roimh bhunú an Stáit go cinnte.
Traidisiún eascairdeach
Tá béascna, traidisiúin, scileanna agus teanga fite fuaite ina chéile agus iad ar fad lonnaithe cuid mhaith i réimse an eolais neamhráite. Ní miste an cheist a chur, mar sin, an bhfuil an t-eolas corparáideach neamhráite seo atá i Státseirbhís na hÉireann ag cuidiú le mianta Dháil agus Seanad Éireann a chur i gcrích? Is é sin sa chás seo an bhfuil sé ag cabhrú le cearta teanga phobal na Gaeilge a aithint agus a chur i bhfeidhm, nó an bhfuil sé ag obair ina n-éadan? An eascraíonn an t-eolas neamhráite atá i bhfeidhm sa Státseirbhís faoi láthair as traidisiún arbh í an phríomhaidhm a bhí leis pobal daoine a choinneáil síos? An bhfuil eolas neamhráite Státseirbhís na hÉireann fréamhaithe i gcóras stáit arbh í a mhóraidhm náisiún a smachtú agus a gcearta a shéanadh air? An cuid é sin den eolas agus den scil a thagann anuas ó ghlúin Rúnaithe Roinne go glúin, ó ghlúin Príomhoifigeach go Príomhoifigeach agus leas-Phríomhoifigeach, ó ghlúin Dréachtóirí Parlaiminte go glúin, siar go dtí Oifig Ionadaí an Rí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, agus Oifig an Chief Secretary for Ireland; siar fiú go dtí an reachtaíocht a rialaigh gurb é an Béarla amháin a bhí ceadaithe i gcúirteanna dlí agus in obair oifigiúil an Stáit. Cuimhnímis gur tháinig níos mó ná 90% de státseirbhísigh an tseanréimis isteach i riarachán Saorstát Éireann nuair a bunaíodh é i 1922.
Luacha Rangaithe agus Tosaíochtaí
Thug Everett ‘ranked values’ orthu, na luacha rangaithe ar dlúthchuid den bhéascna iad. Sin an tríú coincheap ba mhaith liom a chur faoi bhur mbráid: tosaíochtaí .i. na luacha a chuirimid chun tosaigh ar luacha eile. Tá na luacha céanna againn ar fad a bheag nó a mhór. Cinnte bíonn béascna faoi leith ag obair i gcás gach duine agus i gcás an phobail, ach táimid ar fad ar son daoine a chosaint, ar son na síochána, ar son na sláinte, ar son na saoirse. Ach ní hin an áit a bhfuil an deacracht. Cé na luacha acu sin a chuirimid chun tosaigh? Is luachmhar liom an aclaíocht, an cholainn chaol lúfar, agus is luach freisin agam bia maith blasta, béilte breátha, agus gloine nó dhó fíona. Déanfaidh sé difear do thomhas na n-éadaí a chaithim ó lá go lá, cé acu de na luacha sin a chuirim chun tosaigh. Tá luacha an-tábhachtach, ní hamháin sa saol pearsanta ach i saol pobail agus sa saol corparáideach. Cé na luacha a chuireann na Rúnaithe Ginearálta agus an Státseirbhís i gcoitinne mar chorparáid, chun tosaigh?
Luacha Rangaithe sa Státseirbhís
Ní gá gurb ionann na luacha a chuirtear chun tosaigh sa Státseirbhís agus na luacha a chuireann an Rialtas chun tosaigh, gan trácht ar an Dáil ná ar an Seanad, gan trácht ar chor ar bith ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta? Cé na luacha a chuireann na Rúnaithe Ginearálta chun tosaigh, murab ionann agus na Teachtaí Dála? Cuirfidh an Rúnaí Ginearálta éifeacht ach éascaíocht obair a Roinne chun tosaigh, mar is ceart. D’fhéadfadh sé nó sí breathnú ar an nGaeilge mar rud a chuirfeadh isteach go mór ar éifeacht agus ar éascaíocht na hoibre sin. Agus mar atá ráite ní gá go mbeadh na luacha sin agus na tosaíochtaí sin ar fad follasach; ach cuid acu neamhráite, iad lonnaithe san eolas corparáideach a tháinig anuas, i dtraidisiún neamhléir na hinstitiúide.
An bhfuil aon seans gur féidir linn solas éigin a chaitheamh ar luach rangaithe sin na Státseirbhíse, ar an idé-eolaíocht fholaithe atá mar bhonn le hobair an Státchórais? Mar shampla, an mbeadh sé ceart a rá go bhfuil tuiscint neamhráite ann nach bhfuil an Ghaeilge chomh hinniúil leis an mBéarla i gcúrsaí gnó agus riaracháin? An ndéantar talamh slán de nach teanga iomlán inti féin í an Ghaeilge, teanga nua-aimseartha, acmhainneach, inniúil. An ndéantar talamh slán de nach bhfuil sa Ghaeilge dáiríre ach comhartha den náisiúnachas, teanga atá luachmhar mar gur maith ann í ar ócáidí foirmeálta sollúnta?
Ní de réir tosaíochtaí phobal na Gaeilge a phléitear le moltaí na dTeachtaí Dála maidir leis an mBille Teanga a leasú ach de réir tosaíochtaí na Rúnaithe Ginearálta, Rúnaithe Roinne agus na Státseirbhíse. Is iad na luacha sin a chuirtear sa dlí agus ní luacha phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Agus ar an ábhar sin éiríonn pobal na Gaeilge as a bheith ag labhairt na Gaeilge mar theanga phobail.
Tosaíocht ama
Tá pobal na Gaeilge faoi léigear. Má tá pobal baile faoi léigear ní ceart gurb iad an chéad dream a lorgódh siad comhairle agus cúnamh orthu an dream lasmuigh de na ballaí, an dream atá ag ceilt bia agus soláthairtí beatha orthu. Ná hinis do scéal don té nach trua leis do chás, a deir an seanfhocal. Ach an chéad rud a dhéantar i gcás Bille na dTeangacha lorgaítear comhairle ar dhaoine nach é cás na Gaeilge is túisce ar an liosta acu ach socracht, sonas, agus so-oibriú a gcuid oibre féin.
Tosaíocht eile ba mhaith liom a lua, an tosaíocht ama, nó an t-ord ama. Bíonn impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis an ord ina ndéantar rudaí. Má ním m’aghaidh ar maidin roimh dom mé féin a bhearradh b’fhéidir go gcaithfidh mé an lá sin ar fad gan bhearradh. Má tá an teach trí thine ní hé an chéad rud a dhéanann tú iarraidh ar an gComhairle Contae tuairisc a chur chugat ar an soláthar áitiúil uisce nó glaoch ar an gcomhlacht árachais féachaint cé méid cúitimh a gheobhaidh tú. An chéad rud a dhéanann tú glaoch ar an mbriogáid dóiteáin.
Próiseas Fabhtach
Tuigimid tábhacht na tosaíochta ama ó thaobh na Gaeilge de. Mar shampla, tá foirgneamh agus áiseanna nua le dearadh in ospidéal nó i roinn rialtais nó i stáisiún gardaí. Ar dtús labhraítear leis an ailtire, b’fhéidir, ansin cuireann an t-ailtire dréacht de phlean ar fáil, labhraítear faoi na fógraí a theastóidh – is cuid den dearadh iad. Ansin tosófar ag ordú. Sa deireadh, labhrófar leis an té a bhíonn ag aistriú na bhfógraí go Gaeilge. Ach níl dóthain spáis don Ghaeilge sa dearadh mar nár luadh cúrsaí Gaeilge ag tús an phróisis. Fágadh an Ghaeilge ag an deireadh agus go minic is é an toradh atá air sin go bhfágtar an Ghaeilge as ar fad nó fágtar in áit na leathphingine í. Tá tábhacht ag baint le tosaíocht ama a bheith ag an nGaeilge i ngach iarracht stáit mar atá tábhacht ag baint leis an nGaeilge, ní hamháin toisc gurb í an chéad theanga náisiúnta í ach mar gheall ar gurb í teanga cuid shuntasach den phobal í agus go bhfuil ceart absalóideach acu ar ghnó a dhéanamh leis an Stát sa teanga sin. Ní a fhios agamsa cén t-ord ina ndréachtaítear bille. Ach glacaim leis go ndéanfadh sé difear cé a fhaigheann an chéad radharc air, an Oifig Dréachtaithe, Oifig an Ard-Aighne, Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminte, na Rúnaithe Ginearálta. An ndéanann na Rúnaithe Ginearálta moltaí agus an dtagann na Dréachtóirí ina ndiaidh ansin ag cur na moltaí sin i bhfeidhm? Agus thar aon rud eile, shamhlóinn gur cúis mhór moilleadóireachta agus seachantachta é mura bhfuil ord ama éifeachtach curtha i bhfeidhm. Milseacht bhriathar agus sínteoireacht aimsire, mar a dúirt Ó Néill le Mac Cochláin.
An bhféadfadh sé i bhfianaise luacha rangaithe na Státseirbhíse agus ord ama an dréachtaithe nach bhfuil an próiseas dréachtaithe sainoiriúnaithe; is é sin, mar a deirtear i mBéarla, gan a bheith ‘fit for purpose’? B’fhéidir nach bhfuil an fabht lonnaithe in aon staid amháin den phróiseas ach, ar na hábhair atá luaite agam, go bhfuil an fabht scaipthe tríd an bpróiseas uile.
Próiseas Béarla
An bhféadfadh sé go bhfuil dealbh cloiche ag teastáil ó Thithe an Oireachtais agus nach bhfuil ach scuaba péinte agus canbhás ar fáil do lucht an phróisis dréachtaithe? Tá an Dáil ag iarraidh rothar agus níl le fáil sa phróiseas dréachtaithe ach gluaisteáin dhubha. Is ceist teanga arís é. Tá an bhéascna lonnaithe sa teanga agus an teanga lonnaithe sa bhéascna. Go bhfios dom is i mBéarla agus i mBéarla amháin a dhéantar billí a dhréachtú. Cén fáth nach féidir bille a dhréachtú i nGaeilge agus eolas neamhráite, béascna agus luacha na Gaeilge a thabhairt isteach sa phróiseas? An ansin a luíonn an deacracht? Ní mar mhagadh nó le fonn fonóide nó díspeagtha a deirim é, ach is i dteanga Anraí a hOcht atá billí á ndréachtú, fiú na billí a bhaineann le Gaeilge. Is ea, agus béascna, luacha, tosaíochta, agus tuiscintí uile na teanga sin ar iompar aici. (Sa bhliain 1537 a rith Parlaimint na hÉireann an ‘Act for the English Order, Habit and Language’ mar shampla. An bhliain roimhe sin bhain Anraí VIII a stádas oifigiúil den Bhreatnais.)
Glacaim leis gurb iad an dream dréachtaithe iad féin an dream is déanaí atá ag iarraidh go n-athrófaí sin. Ach b’fhéidir nach bhfuil an ceart agam. B’fhéidir go bhfáilteodh an Oifig Dréachtaithe le comhghleacaithe a bhfuil Gaeilge acu a thógfadh cuid den chúram orthu féin chun reachtaíocht a dhréachtú i nGaeilge ón gcéad nóiméad.
Réiteach - Idirghabháil
Níl a fhios agamsa cén réiteach atá air seo ar fad. B’fhéidir gur féidir idirghabháil de shaghas éigin a dhéanamh. B’fhéidir go bhféadfaí idirghabhálaí a cheapadh, duine a dhéanfadh an bille a tionlacan tríd an bpróiseas agus é a chosaint. Theastódh saineolas maith idirghníomhaíochta ón duine sin. Agus theastódh údarás uaidh nó uaithi. Déarfá gur údarás ón Taoiseach féin a theastódh. Agus údarás polaitiúil freisin b›fhéidir, gur ionadaí tofa é, ball de Dháil Éireann atá ag feidhmiú le húdarás iomlán an phobail chomh maith le húdarás Cheann an Rialtais. ‘Interactional expertise’ a thugann Harry Collins in Tacit and Explicit Knowledge.
Níl a fhios agam. Is mar scríbhneoir agus mar úrscéalaí is mó a bhím ag obair agus ar an gcaoi sin is ag plé le cúrsaí na hintleachta agus na samhlaíochta agus le ceird na scéalaíochta a bhím go hiondúil. Ní gnách dom a bheith ag plé le fadhbanna praiticiúla a bhaineann le himoibriú daoine agus grúpaí le chéile. Ach tá súil agam go gcabhróidh cuid de na smaointe seo leo siúd a bhfuil an obair mhór phraiticiúil le déanamh acu maidir le sábháil na Gaeilge agus cearta phobal na Gaeilge. go háirithe na coincheapa, béascna, eolas neamhráite, agus tosaíocht luacha.
Orthusan atá sé an réiteach a fháil. Orthusan atá ár seasamh.
Focal Scoir
Tá sé seanráite nach é go bhfaigheann teangacha bás ach go maraítear iad. Is uafásach an ní é le rá ach tá gach cuma ar an scéal go bhfuil riarachán na tíre, idir náisiúnta agus áitiúil, ag obair in éadan phobal na Gaeilge agus a dteanga agus i gcoinne na Gaeilge mar theanga phobail. Is é sin le rá go bhfuil na fórsaí céanna a bhí i gceist san ochtú agus sa naoú haois déag, agus siar ar ais go haimsir na dTúdarach, fós san aicme riaracháin againn féin agus gurb iad an bhéascna chéanna, an t-eolas neamhráite céanna, na luacha céanna agus na tosaíochtaí céanna a bhí i gceist an uair dhorcha úd atá i gceist i gcónaí. Níor mhaith liom é sin a chreidiúint. Is náireach an scéal é más fíor é. Ach dáiríre, ag breathnú go praiticiúil ar an scéal, tá cearta phobal na Gaeilge ó thaobh teanga de á séanadh ó aimsir Anraoi a hOcht go dtí an lá atá inniu ann.
Teachtaí Dála agus Seanadóirí, go háirithe iadsan ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, a chaithfidh cinneadh a dhéanamh ar a bhfuil ag teastáil. Lucht an choiste a chaithfidh breith ar an maide stiúrach agus báidín beag seo Bhille na dTeangacha a sheoladh trí ghuairneáin, trí thanaíocha agus thar charraigeacha báite na Státseirbhíse. Is é mo ghuí go mbeidh cóir ghaoithe acu agus go n-éireoidh leo cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a thabhairt go cuan agus calafort, slán sábháilte, in achar gearr ama.
- Leagan leasaithe an t-alt seo de phíosa cainte a rinne an t-údar ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a bhí ar siúl i dTeach Laighean ar an 9 Nollaig 2020