Ciall na mBláthanna Do mo Mháthair
Brian Ó Daimhín
B’fhéidir nár thaitnigh a mboladh leat
(mar ba dhuine thú a bhí tugtha do rósanna)
agus mé ag féachaint ort – agus tú id thost
i measc bláthanna geala na gcrobh fola
á ndícheannadh le do mhéara scioptha.
Ach rósanna, rósanna! Bhí tú eolach ar a gceol buí is dearg uilig –
ó éileamh bródúil Burns go maolú deiridh an Mhórdhaigh –
ach níor fhéad mé mo dhrogall féin a shárú
is mo pholláirí ag éalú fós ón mos
ag borradh aníos ón mbréantas as Rinn an Dóchais!
B’in tasc nár fhéad mé a dhéanamh d’ainneoin do thostanna.
Tugadh grá sa bhreis don phuth spíosra geal
ag pléascadh ón tonóg liath, trí bhorradh chumhráin an róis
i bpléascáin bhoga an tráthnóna,
go dtí go ndéantaí deoch fearthainne
as plab ard liathróide a tháinig ón bpinniúr láimhe –
is ansin clagarnach na ngunnán
ón raon lámhaigh trasna na habhann ina bhlosc toirní,
is muid dár mbrú isteach dá réir.
Ach sna laetha úd, nuair a tháinig cuirfiú na gcaogaidí
(le gunnaí na “Specials” ar gach bóthar agus asail fhiosracha scaoilte san oíche dhorcha),
cé atá in ann a rá, ina n-ainneoin, nár tharla forneart níos teirce inár ngarraí? –
áit ar bhuail cumhrán ar chumhrán, mar bhuamaí boga ar dhaoine
is a mhoilligh ar a n-imeacht,
a gcloigne plúchta le múchna nach féidir a shamhlú!
Ach, sna blianta úd, ní raibh sé foghlamtha agam go n-imíonn áthas freisin.
Déanaim an dícheannadh anois
gan tú le m’ais, ag oibriú lámh scioptha ar chiall an tsaoil –
le forneart nárbh fhéidir ach grá d’fhonn trácht air.
Agus má shamhlaigh do thostanna míshástacht liom,
nárbh fhéirín iad ó mháthair mhánla
do chloigeog mhic?