‘...Liricí Gearra’

Alan Titley
‘...Liricí Gearra’

Léirmheas le Garry Bannister

Más Rabhadh: Dánta an t-ainm ar an chéad chnuasach de dhánta ón Titlíoch, ba chóir ‘Dánta Rabhaidh’ a thabhairt mar fho-theideal ar an dara ceann seo uaidh …Liricí Gearra. Sa chnuasach cumasach seo léirítear don léitheoir cuid de na téamaí Titlíocha coitianta atá mar chuid dhílis dá thuiscint leithleach féin ar chúrsaí staire, ar mhiotais, ar chultúr iolrach na hÉireann agus ar an teanga féin.

Rud a dhéanann an Titlíoch go sármhaith i gcónaí i saothar ar bith dá chuid ná íomhánna áille neamhchoitianta a fhí i dtaipéis idir sean agus nua, idir an rud laethúil agus rud atá ceilte orainne go léir - an rud diamhair mistéireach sin a bhíonn tochailte de shíor aige idir na focail agus a n-úsáid sa téacs. Tá an chéad chnuasach filíochta uaidh Rabhadh: Dánta lán le samplaí den chumas draíochta seo:

Mise an gadhar gaoithe, an ghealach i mo dhá shúil

Ag fógairt cogaidh shíoraí ar abhaic an réasúin. (Mac na Meanma )

Ach tá eilimint nua dá theannas paiseanta le tabhairt faoi deara sa dara cnuasach seo uaidh nach raibh chomh mór sim i Rabhadh: Dánta agus b’fhéidir ceann de na cúiseanna atá leis sin ná go bhfuil Titley ag leanúint comhairle Eduardo Bolano (atá luaite aige ar an gcéad leathanach dá leabhar): ‘Ní foláir don fhilíocht rud éigin a rá…’ Mothaítear go deimhin fríde an fhrustrachais maidir le filíocht a linne i ráiteas Bolano agus is léir ón chnuasach ‘…Liricí Gearra. go bhfuil smeach den fhrustrachas céanna ag priocadh Titley freisin.

Is scríbhneoir próis cumasach a bhfuil raon forleathan aige, Titley, ó úrscéalta mórchúiseacha staire go dtí scéalta éadroma greannmhara do dhéagóirí óga. Tagann Titley ón traidisiún clasaiceach próis isteach i hallaí na filíochta lena chur chuige féin agus lena dhearcadh nuálach - dearcadh an scríbhneora próis. Labhraíonn Titley mar sin le teanga scafa lom nach gcloistear go minic i gcampa na mbard; teanga nach gceileann loime ná aimhe a smaointe faoi aon bhrat doiléire fileata.

Ach ná déanaimis an botún gurbh iad an dá leabhar seo na chéad chéimeanna Titley isteach i ríocht na filíochta. Bhí suim i gcónaí ag Titley san fhilíocht. Tá ceann dá leabhair phróis is cumasaí ‘An Fear Dána’ bunaithe ar shaol agus ar shaothar an fhile iomráitigh, Muireadhach Albanach Ó Dálaigh, agus dornán de bhlianta ó shin tháinig úrscéal bríomhar eile uaidh, an uair seo i véarsaíocht, dar teideal ‘An Bhean Feasa’ - dán eipiciúil ar shaol tragóideach Goody Glover a cuireadh chun báis i mBostún ar chúis asarlaíochta sa seachtú haois déag. Sna saothair seo agus i saothair eile nach iad, feicimid go soiléir nach n-eitlíonn téamaí an údair seo ar ‘scátháin thréshoilseacha na rómánsaíochta’ ach gur fearr leis a chuid léitheoirí a bhá go neamhleithscéalach, gan trócaire ar bith isteach sna haincheisteanna móra polaitiúla/ moráltachta a bhíonn á chrá agus le plé aige ina shaothar. Dhá cheann de na téamaí sin atá idir lámha aige in ‘…Liricí Gearra’ is ea neamhaird an chine dhaonna dá thimpeallacht agus cruálacht ainrianta an duine dá chomharsa.

Tuigtear go cruinn ón chéad dán sa duanaire beag seo gur bríomhar práinneach an teachtaireacht faoin timpeallacht atá le craoladh ag Titley:

Mé plaisteach ar muir

Mé tonn dramhaíle

Mé glór eitleáin

Mé damh stuáilte ar bhalla

Mé seabhac ar láimh

Mé dealán radaighníomhachta

Mé lofacht fáis

Mé torc san iarsmalann

Mé bradán san fheirm éisc

Mé loch á bhá

Feictear foirm agus struchtúr sa dán seo lena mbuailtear go minic i bhfilíocht thraidisiúnta na Gaeilge. Ach ní hiad an t-ábhar ná an dearcadh traidisiúnta rómánsach iad mar a d’fheicfí i ndánta de chuid Howard Lawn:

Mise ocras is tart,

Le titim an tseaca.

Mise uair ag dul thart,

Is an bás ina haice.

Mise tosach an deiridh,

Mise conair gan cheann,

Mise samhradh chun geimhridh,

Mise gach a bhfuil ann.

(Howard Lawn: Amhrán na Beatha)

Díríonn Titley le léas léasair a cheirde go cruinn neamhbhalbh isteach ar an téama cruógach atá á léiriú aige sna línte gonta tapa atá á scaoileadh aige linne, líne i ndiaidh líne, ar nós urchar gonta as meaisínghunna fraochta. Screadtar amach os ard don léitheoir gur sinne féin a bhíonn ciontach as an phian agus as an dochar urchóideach uile a bhuailimid ar an dúlra agus ar na neacha mothaitheacha eile a chomháitríonn an pláinéad seo linne.

Forbraítear an téama céanna faoi chruálacht an duine sa dán próis a bhfuil de theideal ‘An Eilifint sa Seomra’. Sa dán seo léiríonn Titley go bhfuil cuid mhór den siamsa agus den ‘áilleacht’ a chruthaítear i lámha an duine, curtha i gcrích ar mhí-ádh, fhulaingt agus chéasadh neach mothaitheach eile: an bodhrán déanta de chraiceann an ghabhair, sreanga an veidhlín as putóga cait, agus nuair a bhuaileann ‘an pianódóir a chuid nótaí le fórsa anuas...’ is ansin a fheictear ‘an eilifint sa seomra ag éamh le pian agus le freanga uafáis’.

Tá ‘Coraintín’ ar na dánta is áille liom sa chnuasach seo - bailéad an-Titlíoch ar fad faoi thithe uafásacha na mbocht in Éirinn fadó:

An túisce ina rabhadar istigh ann

Do scaradh iad go léir lena chéile.

Do cuireadh an t-athair i measc na bhfear.

Do cuireadh an mháthair i measc na mban.

Do cuireadh Síle i measc na gcailíní mbeag.

Do cuireadh Diarmuidín i measc
na leanbh óg…

Ráitis ghearra thobanna stoite amach óna chéile gan chamóg ach le lánstad lom ag deireadh gach líne. Lánstad a chuireann deireadh dorcha gránna in áirithe do gach teaghlach arbh éigean dóibh dul isteach sna tithe táire ifreanda seo - deireadh lena bheith le chéile, deireadh leo mar chlann, deireadh le dóchas agus le teacht slán, deireadh duairc náireach do bheatha an duine.

Thángadar chun na háite ina raibh
an poll mór.

Bhí a fhios acu go raibh a bheirt leanbh

Thíos sa pholl i measc na gcéadta corp eile.

Gan cúlú ar bith á dhéanamh ag Titley ón sceimhle millteanach seo atá os ár gcomhair, léirítear dúinn an chruálacht scannalach a tharlaíonn do theaghlach bocht amháin i measc na milliún eile. Ní nach ionadh go bhfágtar Titley, amhail an léitheoir féin, ‘cathshuaite’ ina thost gan fiú cumas na hurlabhra fágtha aige:

Maidir le teagasc nó le múineadh

As an méid sin,

Is mise atá balbh.

Téama eile a thaiscéaltar
in ‘…Liricí Gearra’ ná seantéama dosheachanta a chránn an Titlíoch
go minic - an tomhaltachas caoch:

In ‘Villanelle in Aghaidh na nAlgartam’, molann Titley dá léitheoirí ruaig a chur ar gach algartam, agus ‘a bhfuiltear i gcónaí á sáirsingiú’ orainne a dhíbirt as ár saol.

...ní bí ach oiread id cookie, id fhianáin i gcló

Gach duine eile ag geabstaireacht go slán cruinnbheacht

a bhfuil cloiste acu ar teilifís, ag tráchtairí gach raidió,

Fainic! Ní dual bheith id algartam, anois, ná choíche go deo.

Agus sa trí Haikú ‘Ar Fhómhar a Chaipitleachais’, léiríonn Titley arís dúinn an ceangal docht a bhíonn idir bláth gan srian an Chaipitleachais agus fadhbanna práinneacha an chomhshaoil inniu:

Cártaí creidmheasa plaisteacha

A cur go mór

le banc dramhaíl na timpeallachta.

Tá an cheist seo faoi dhúpholl an ábharachais agus léirscrios anama a leanann dá dheasca ag crá Titley le fada ina shaothair. Chonacthas go follasach í ina dhráma cáiliúil Tagann Godot nuair a bhronnann Progastaron duaiseanna áiféiseacha ar an mbeirt bhacach, Estragon agus Vladimir - cuisneoir leictreach, nó físeán baile le scáileán plasma agus seafóidí eile nárbh fhéidir leo a úsáid.

Sa dán ‘An Sionnach Úd ar Shráid Ghrafton’, a spreag sionnach a chonacthas ag fálróid sráideanna folmha Bhaile Atha Cliath le linn na dianghlasála, samhlaítear don fhile cad iad na smaointe arbh fhéidir bheith ar siúl i gcloigeann an tsionnaigh agus é ag seachránacht ó shiopa go siopa suas an tsráid, ó Brown Thomas, Monsoon, Accessorize, Weir and Sons suas
go dtí…

‘Micí Maus ó sheomra Disney

nár mhaus le fírinne,

ná caora é’

Ag deireadh an dáin, téann an sionnach ar aghaidh go dtí Faiche Stiabhna le súil lacha nó gé éigin a fháil ansin dó féin.

Is amhlaidh, dar liom, gur meafar fadaithe atá sa dán seo ar shaol an duine féin ag dul ó shiopa go siopa, suas sráid a bheatha ar lorg faoisimh agus tairbhe sna rudaí ábhartha a thairgtear dó i gcaitheamh an aistir. Sa deireadh fágann gach taistealaí an seó folamh seo atá gan aon fhaoiseamh sásúil seasta dó. An bhfuilimidne go léir inár sionnaigh ar strae i gcathracha gríobháin ár saoil féin, cosúil leis an gcréatúr allta seo a ‘rinne iontas ar shráid Ghrafton/De na nithe nach raibh riamh uaidh, Inniu nó inné.’

B’fhéidir sa deireadh téimid uile ar aghaidh go dtí ár bhFaiche Stiabhna féin ar lorg na ngéanna agus lachain an tsonais nach bhfuil ar fáil sa tsaoltacht ná in earraí ar bith an tsaoil ábhartha nua-aoisigh seo.

Tá a lán eile sa taisce filíochta seo ón Titlíoch - an greann, an áilleacht, an gáire trí dheora agus an chlisteacht teanga. Mar a deir Rióna Ní Fhrighil ina réamhrá léirsteanach ar ábhar agus sheasamh na ndánta sa chnuasach seo: ‘Ní bláithíní sléibhe iad ‘…Liricí Gearra Titley ach clocha saoirsinne liriciúla.’ Is fiú go deimhin an duanaire nua seo a cheannach.

Alan Titley

Is scríbhneoir é Alan Titley.