Ceannródaithe a choinnigh beocht sa chultúr
Ómós cuí do ghluaiseacht cheannródaíoch atá in Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981, an saothar le Noel Ó Gallchóir bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin an mhí seo, a deir Breandán Delap
‘Glactar leis an drámaíocht i nGaoth Dobhair mar a ghlactar leis an cinema sa Ghalltacht.’ B’in é an t-ómós a léirigh an drámadóir Séamus Ó Néill d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair i 1942 deich mbliana tar éis a bhunaithe. Fíoraíodh na focail úd ar feadh dhá scór bliain ina dhiaidh sin, go háirithe ag aimsir na bliana úire nuair a bhíodh an amharclann lán go doras do na geamaireachtaí. Déanann an saothar úr seo mionchíoradh ar stair an chompántais - ón am a cuireadh na síolta go ré órga na gcaogaidí; ó bhorradh go meath; go haiséirí b’fhéidir.
Mac léinn leighis, Eoghan Mac Giolla Bhríghde, a mhol i dtús ama (sa bhliain 1931) go mbunófaí compántas amaitéarach i nGaoth Dobhair. D’aistrigh sé saothar le Lady Gregory agus chuaigh siad i mbun cleachtaidh i mbóitheach i Srath na Corcrach. Ba i dtús na bliana 1932 a léirigh Cumann Drámaíochta Dhoirí Beaga a gcéad drámaí – An tAonach agus Mrs Mulligan’s Millions i Halla Dhoirí Beaga. Sa chéad chaibidil den leabhar féinfhoilsithe seo, faigheann muid blaiseadh don saol corrach a bhí sa cheantar ag an am ar bunaíodh na haisteoirí: ‘Ceantar bocht, scoite a bhí i nGaoth Dobhair ina raibh an imirce tréan agus saol cruaidh ag daoine.’
Athraíodh ainm an chumainn go hAisteoirí Ghaoth Dobhair i 1935. B’iomaí cor a tharla i scéal na n-Aisteoirí ó shin a leith. Léirigh siad 150 dráma agus bhain siad cúig chorn is fiche ag na féilte drámaíochta náisiúnta. Fuair Eoghan bás i mbláth a óige i 1939 agus ba í a dheirfiúr, Áine (nó Annie Chonaill mar ab fhearr aithne uirthi), a bhí mar cheann feadhna ar an chompántas ó shin a leith.
Bhain na hAisteoirí a mbuaicphointe amach nuair a fuair siad scéala ón Teachta Dála áitiúil, Pa O’Donnell, i 1955 go raibh siad le maoiniú a fháil le hamharclann dá gcuid fhéin a thógáil. Ba ag an am sin fosta a cinneadh gan páirt a ghlacadh sna féilte a thuilleadh. D’oscail an t-aisteoir Siobhán Nic Cionnaith an amharclann sa bhliain 1961 – an chéad cheann dá leithéid in aon cheantar Gaeltachta. Ó lár na dtríochaidí ar aghaidh, socraíodh gur drámaí i nGaeilge amháin a bheadh á léiriú acu feasta. D’fhan siad dílis don sprioc sin agus bhain siad clú náisiúnta amach as caighdeán a gcuid léirithe. D’éirigh leo é seo a bhaint amach ag am nuair a bhí an bhróg ag teannadh agus an Ghaeltacht á bhánú – éacht nach beag.
Mhaígh an drámadóir Rúiseach Anton Chekhov tráth nár cheart go mbeadh gunna le feiceáil ar an stáitse sa chéad mhír mura bhfuil sé le scaoileadh sa dara mír. I bhfocail eile níor cheart aird an phobail a dhíriú ar mhionsonraí mura bhfuil tábhacht ag baint leo. Tá neart pictiúir agus gearrthóga as nuachtáin in achan leathanach den leabhar seo ach is amhlaidh go gcuireann siad go mór leis an insint seachas aird an léitheora a bhaint uaithi. Tá obair mhór déanta ag an údar na haltanna agus na grianghraif seo uilig a bhailiú agus a chur i dtoll a chéile go snasta agus go tarraingteach. Éacht eile.
Ní leabhar tur acadúil é seo ach a mhalairt. Ní dhéanann an t-údar aon leithscéal as an mheas agus as an bhá atá aige le ceannródaithe an chompántais agus admhaíonn sé go raibh sé d’ádh air léirithe na nAisteoirí a fheiceáil sna seascaidí agus sna seachtóidí, tráth a raibh siad in ard a réime. Go deimhin, ghlac sé fhéin páirt i gcuid de na léirithe ag deireadh na seachtóidí. Déantar cur síos sa leabhar ar an ghreann ar leith a bhain leis na geamaireachtaí. Tugtar léargas fosta ar an tionchar a bhí ag na haisteoirí ar an scoldrámaíocht agus ar mheas a chothú i nGaeilge Chúige Uladh. Ach thar aon ní eile tugann an leabhar chun cuimhne an díograis, an spleodar agus an diabhlaíocht a bhain le mhórphearsain an chumainn, leithéidí Neily Mulligan, Francie Mooney, Johnny Sheáin Ó Gallchóir, Tom a’ Bhunagló agus ar ndóigh Annie Chonaill í fhéin.
Ar ndóigh bhí stair na hamharclainne féin, nó ‘lárionad cultúir Ghaeltacht Thír Chonaill’ mar a thugann Noel Ó Gallchóir air, fite fuaite le rath na nAisteoirí agus údar mór misnigh don údar é athchóiriú agus athoscailt na háite dornán blianta ó shin. Dá réir sin maíonn sé nach bhfuil scéal Aisteoirí Ghaoth Dobhair thart go fóill, ná baol air. Cé go bhfuil cur síos cuimsitheach déanta ar na cúiseanna gur tháinig meath ar na haisteoirí ag tús na n-ochtóidí – agus an t-ualach mór a bhí á iompar ag Annie Chonaill – tá an traidisiún beo beathach i réimsí eile de shaol cultúrtha na Gaeltachta, dar leis. Deir sé gur fhág traidisiún na nAisteoirí a lorg ar TG4 siocair go bhfuil leithéidí CU Burn agus Gleann Ceo go mór faoi anáil na ngeamaireachtaí.
Leabhar thar a bheith soléite agus spéisiúil é seo. Níos tábhachtaí ná sin b’fhéidir ná gur taifead sóisialta é ar ghrúpa pobail a choinnigh beocht sa teanga agus sa chultúir ag am nuair a bheadh sé níos fusa na maidí a ligean le sruth. Óir i ndeireadh ama, níor cheart beag is fiú a dhéanamh de thionchar an chompántais: ‘Bhí páirt iontach tábhachtach ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair i saol phobal Ghaeltacht Thír Chonaill agus chruthaigh siad mórtas cine agus dúiche, chomh maith le caitheamh aimsire ar dóigh a chur ar fáil do chúpla glúin de phobal na Gaeltachta agus do na mílte cuairteoir a chonaic a gcuid léirithe.’
Caithfear moladh ar leith a thabhairt fosta do Chaomhán Ó Scolaí as an leabhar a leagan amach go slachtmhar agus go healaíonta. Tá caighdeán iontach ard leagtha síos aige do dhearadh leabhair Ghaeilge.
Is fada Noel Ó Gallchóir i mbun taighde ar an saothar seo – thug sé léacht faoi na hAisteoirí ag Tionól Uí Fhiaich i 1993 – agus is léir gur cúram é atá i ndeas dá chroí. Ní ligfear don ról a bhí ag an chompántas speisialta seo i stair na teanga agus na Gaeltachta dul i ndearmad a bhuíochas don saothar cumasach, tarraingteach seo ar ómós cuí é ar ghluaiseacht cheannródaíoch a leag an bhunchloch do dhrámaíocht na Gaeilge.