GUTH SAINIÚIL SUAITHINSEACH NA hINDIBHIDE
MÉ SUIBHNE
FEARGAL Ó BÉARRA
(INDREABHÁN: LEABHAR BREAC 2021)
LÉIRMHEAS LE Meidhbhín Ní Úrdail
IS É SEO an dara leabhar dá shórt ó pheann cumasach Fheargail Uí Bhéarra. Tá trí bliana anois ann ó d’fhoilsigh Leabhar Breac An Tromdhámh agus bronnadh gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ 2019 ar an saothar slachtmhar úd dá chuid. In Mé Suibhne, éiríonn leis os cionn ‘600 bliain de litríocht na Gaeilge’ a chuir ar fáil go máistriúil arís do phobal comhaimseartha na Gaeilge.
Cumadh an buntéacs, Buile Shuibhne, go déanach sa dara haois déag nó go luath sa tríú haois déag. Más ea féin, Éire an tseachtú haois is suíomh dó mar a gcuirtear síos ar na himpleachtaí tromchúiseacha a leanann mallacht a chuir Naomh Rónán ar Shuibhne mac Colmáin Chuair, rí págánach Dhál Araidhe, ceantar a bhí, fé mar a mhíníonn Ó Béarra dúinn, ‘suite sa limistéar ó Shliabh Mis anuas go hIúr Cinn Trá’ (136). Mhaslaigh Suibhne an naomh a bhí ag tógaint cille ina fhearann agus tar éis do Rónán a mhallacht a chur air, scanraítear ina dhiaidh sin é agus é ag troid ar son ardrí Uladh, Conghal Claon mac Scannláin, i gCath Mhaighe Ratha (Maigh Rath, Co. an Dúin). Imíonn sé ina gheilt ansan ón gcath agus ní leogfaidh an t-eagla dó fanúint socair i gcomhluadar aon duine go brách arís. Ní foláir leis taisteal ar fud na hÉireann ar feadh seacht mbliana ina fhear-éan clúmhach ag luascadh ina gheilt ó chrann go crann.
‘Tháinig na laethanta agus d’imigh na laethanta’ (35) agus téann an t-aonarán bocht ar thóir a mhná, Eorann. Nochtann sé a chrá croí di go háirithe toisc go bhfuil leannán nua (Guaire mac Conghail Chlaoin mhic Scannláin) ó shin aici. Dearbhaíonn sí siúd a grá dó, áfach, agus in ainneoin a ndeir sé mar gheall ar a chonair a bheith róbhocht agus ró-imníoch, tá sí sásta imeacht ar deoraíocht ina theannta. Mar sin féin, scanraítear Suibhne agus ní mór dó imeacht ar fán arís. Tar éis seacht mbliana eile fós ‘idir dhá urú intinne, seal ar só, seal ar mísho’ (89) agus seacht mbliana eile fós arís dó ‘faoi dhuairceas is faoi dhomheanma’ (112), buaileann sé le Naomh Mo Ling. Nuair a admhaíonn sé ar deireadh gurb é Rí na Glóire Gile a thiarna, caitheann sé an bhliain dar gcionn de réir a thola ina ‘gheilt ag teacht is ag imeacht’ agus ag filleadh ar Mho Ling gach oíche chun seanchais (123). Le teann formaid, goineann Mongán, tréad muc Mho Ling, an trú bocht Suibhne le ga chuige ‘anall tríd an aer gan choinne gan chairde de ruathar ríghéar reatha’ (124). Agus ‘an rua-fhuil ina roiseadh reatha go lár amach’ as (126), déanann sé aithrí agus glacann comaoineach naofa ó Mho Ling. Faigheann sé bás agus tugann a eitilt dheiridh caol díreach suas chun na flaithis é.
Is ionann creatlach an scéil thuas agus a bhfuil i gcaibidil a ceathair de Leabhar Dainéil. Cloiseann an rí Nabúcadnazar guth ó na flaithis á rá go ndíbreofar ó chomhluadar daoine é, go lonnóidh sé le hainmhithe an mhachaire, go n-íosfaidh sé féar dála an daimh agus go raghaidh seacht n-aimsir thairis chun go mbeidh a fhios aige gurb ag an Té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine. Tháinig an briathar chun críche agus tar éis don rí aithrí a dhéanamh, d’fhill a mheabhair air, slánadh é agus méadaíodh a thuilleadh fós ar a mhórgacht (Dain 4:22–33). Sampla slán is ea Suibhne, leis, den bhfigiúr Ceilteach ‘an fear fiáin’ arb ionann é agus Myrddin Wyllt (Merlin) an Vita Merlini sa Bhreatain Bheag agus Lailoken in Albain sa Vita Kentigerni. Is in Buile Shuibhne, áfach, atá an láimhseáil is cuimsithí den bhfear fiáin. Ní foláir nó mhair leagan den bhfinscéal seo in Éirinn chomh fada siar leis an ochtú nó leis an naoú céad i bhfianaise an dáin Sean-Ghaeilge M’airiuclán hi Túaim Inbir (‘M’aireagailín i dTuaim Inbhir’).
Ina ‘Iarfhocal’, tugann Ó Béarra cuntas léannta, dea-scríofa ar chúlra an bhuntéacs chomh maith le cur síos cuimsitheach a sholáthar dá léitheoir ar chúrsaí teangan, ar an bhfilíocht atá ina cuid láir sa téacs, ar na logainmneacha a chuireann dreach na fírinne ar an insint agus ar an luibhre a chothaíonn Suibhne (135–59). Áitíonn sé nach ‘lomaistriúchán ar Buile Shuibhne é Mé Suibhne ach athmhúnlú, athshamhlú, agus athcheapadh a cuireadh in oiriúint do thuiscintí agus do lucht léite na linne seo’ (138). Tá mórán mór oibre folaithe san áiteamh san aige, ní áirím an dúshlán is mó, dar liom, stíl an tsaothair bhunaigh a thabhairt i bhfriotal an lae inniu. Tá an méid sin déanta ar áilleacht ar fad aige. Más ‘guth sainiúil suaithinseach na hindibhide’ atá le clos in Buile Shuibhne de réir bhlurba an leabhair, is féidir an t-áiteamh céanna a dhéanamh i dtaobh Mé Suibhne a bhuíochas ar an insint atá ar maos ó thosach deireadh le blas ársa agus comhaimseartha d’aon turas.
Ní miste liom aird fé leith a tharrac ar conas mar a luigh Ó Béarra amach ar an bhfilíocht féin sa méid is: (i) gur fhág sé cuid den bhfilíocht athráiteach ar lár ar fad; (ii) gur chúitigh sé siolla atá caillte ó shin i bhfocail ilsiollacha ó thús ré na Nua-Ghaeilge Moiche, mar shampla, tré ‘féin’ a chur isteach chun líon na siollaí sa líne a shásamh; (iii) gur imigh sé in dhá chás ó mheadaracht an bhundáin de ghrá na soiléire agus na sothuigtheachta; (iv) gur chloígh sé le focail in Foclóir Gaeilge-Béarla ach nuair nárbh fhéidir é sin metri causa chuir sé réiltín (*) leis an bhfocal ba ghá a choimeád; (v) gur chuir sé focal de chuid na linne seo i mbeart focail a raibh a chiall athraithe ó am cumtha an dáin agus nárbh fhéidir é a choimeád ar mhaithe leis an gcomhardadh. Go deimhin, toisc a thábhachtaí is atá an fhilíocht tríd síos, thógas ceann den gcur chuige anseo a d’fhéach ‘le bheith cáiréiseach ina leith agus mé ag iarraidh í a thabhairt chun míneadais agus chun tuisceana as Nua-Ghaeilge’ (154). I bhfocail eile, is le hómós don mbuntéacs i gcónaí atá an líomhadh casta teangan seo ar fad ar bun.
I measc na seod eolais a chuireann Ó Béarra ar fáil in ‘Iarfhocal’ a shaothair — atá féin ina achoimre ar phlé níos cuimsithí dá chuid a d’fhoilsigh sé seacht éigin mbliain ó shin — tagraíonn sé d’fhoinsí lámhscríofa an bhuntéacs. Tá sé tagtha anuas chugainn i dtrí cinn de lámhscríbhinní. Is é an téacs in Acadamh Ríoga na hÉireann B iv 1 (fóiliónna 82a–95b) is iomláine díobh san, lámhscríbhinn a bhreac mórscríobhaí an tseachtú haois déag Dáibhidh Ó Duibhgeannáin (fl. 1651–1696) i bparóiste Sheanchuaich, Co. Shligigh, sna blianta 1671–1674. Tá léas léargais le fáil againn ar phearsantacht an scríobhaí seo a bhuí leis na nótaí imill a chuir sé go rialta lena chuid oibre. Ina théacs de Buile Shuibhne, cuirim i gcás, sa chuid sin a chuireann síos ar chailleach a bheith ag síorghriogadh Shuibhne chun comórtas léimnigh, briseann ar an bhfoighne ag Dáibhidh lena chiúta searbhasach ‘Ar mo Dhia go mbrister cosa na caillighe’ (B iv 1, fóilió 87b)! Ina ainneoin sin, lean sé dá chuid oibre agus chuir sé téacs breá ar fáil as ar eascair Mé Suibhne. Tá an t-aitheantas atá ag dul don scríobhaí déanta le héifeacht chaolchúiseach ag Ó Béarra i gciúta dá chuid féin, mar atá nóta tosaigh a shaothair Beannacht for hanmoin a Dhábidh uí Dhuibgeannáin (‘beannacht ar t’anmain a Dháibhidh Uí Dhuibhgeannáin’). Is ag tarrac anseo atá sé ar chuid de nóta (B iv 1, fóilió 118a) ó iarúnaeir na lámhscríbhinne, Charles O’Conor (1710–1791) Bhéal Átha na gCarr, Co. Ros Comáin. Tá, leis, íomhá as an téacs scríofa le fáil ar dhuilleoga ceangail atá greamaithe laistigh de chlúdaigh thosaigh agus dheiridh an tsaothair chlóite.
Chuir James George O’Keeffe (1865–1937) Buile Shuibhne in eagar do Cumann na Scríbheann nGaedhilge / Irish Texts Society a d’fhoilsigh an saothar sa bhliain 1913. Téacs Uí Dhuibhgeannáin is bunús don eagrán seo a foilsíodh arís sa bhliain 1931 mar chéad imleabhar an Medieval and Modern Irish Series. Bhain Flann O’Brien (1911–1966) an-úsáid as a ndearna O’Keeffe ina úrscéal At Swim-Two-Birds (1939) agus in Sweeney Astray: a version from the Irish (1983), bhunaigh Seamus Heaney (1939–2013) a ‘leagan’ súd ar eagrán O’Keeffe. Bainfidh léitheoirí na Gaeilge pléisiúr ar leith as an láimhseáil shnoite is déanaí seo le Feargal Ó Béarra. D’éirigh (arís) leis litríocht na seanré a chur inár láthair go healaíonta.