An sceamh fhánach

Dánta le Liam Prút

An sceamh fhánach

Fiú an sceamh fhánach
ní chloistear
as do chroí dúramáin.
Do scréach agóide
ina tost,
ina díchuimhne.
Iubhaile céad bliain
do Stáit
ina shochraid brealsún.
Sprid-teanga do náisiúin
i bpóca Beilgeach —
dearmadach ar Mhac Easmainn
Gan ach screamh bláthaí
ar dhabhach smuigléara
i bpá an gharda cósta.

A bhrealsúin, cuir béic
asat.
Cloistear do sceamh.
Ní haon chosaint
ar do dhíomhaointeas
an t-uaigneas.
Is fadó a cloiseadh
gogallach báis
do theanga
i gcéis-chluasaibh.

Irc agus airc

i
Is déirc le boicht
fiú irc ó airc:
di féin
sea scríobann cearc.

ii
ní bheir cáin ’na thír;
do-bheir in eile-thír
cáin ghall
ar abhus-mhaoin.

Airc fé irc-riocht
–airc-bhriocht!—
do bhoicht,
irc-bhuíoch,
abhus.