Cás casta na meán Gaeilge

Cathal Goan
Cás casta na meán Gaeilge

Bryan Brophy / 1IMAGE Photography

Ba é Cathal Goan a thug Léacht Uí Chadhain i mbliana, léacht inar dhírigh sé ar chás na meán. Foilsítear an mhí seo an chéad chuid de ‘Ceacht ón Bhóitheach’

I ndeireadh na dála nach é an scéal amháin é do na meáin phoiblí uilig na laetha seo, cuma cé acu meáin Ghaeilge nó eile iad? Nach iomaí anailís agus tráchtaireacht ó achan taobh faoi na meáin chéanna? Dream amháin ag maíomh gur bréagnuacht agus saobhscéalaíocht gach a bhfuil le feiceáil, le léamh agus le cluinstin ar na meáin thraidisiúnta; dream eile ar cúram daofa meáin láidre neamhspleácha in úinéireacht phoiblí mar chosaint ar mhífhaisnéis agus ar léigear an daonlathais i bpolaitíocht an iarthair. Dream eile arís ar neamhní leo an dioscúrsa seo ar fad ach fáil a bheith acu ar na sraitheanna is úire is mó éilimh ar Netflix, PrimeAmazon agus &rl. Baicle eile agus iad fáiscthe ag na meáin shóisialta. Dream eile arb í inmharthanacht na meán ina dteanga dhúchais féin an chloch is mó ar a bpaidrín. Agus cumasc breá de na braistintí sin ag cuid mhaith againn - ag brath ar an lá nó an ‘spin’ a bheadh orainn.

Anois agus arís, mar a tharlaíonn sé, tig cuid de na hargóintí seo i gceann a chéile sa dóigh is nach seasamh eisiach ar chaolchúis amháin a thig chun cinn ach comhthuiscint idir páirtithe leasmhara ar bhunluachanna na seirbhíse poiblí nó an leasa choitinn. Os a choinne sin, mhaithfí do dhuine a bheith den bharúil sa chomhthéacs áirithe seo gur ag tarraingt uisce ar a gcuid muilte féin a bhíonn na rannpháirtithe uilig sa phlé idir phoiblí agus phríobháideach, clóbhunaithe agus ilmheáin, náisiúnta agus idirnáisiúnta, i dteanga an mhóraimh nó i dteanga neamhfhorleathan.

Mar is léir ó na haighneachtaí éagsúla a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Um Thodhchaí na Meán in Éirinn a mbeidh tuarascáil uaidh le foilsiú gan mhoill, a deirtear, ní lia duine ná tuairim agus ní lia tuairim ná éileamh ar mhaoiniú. Ar mhaithe le ‘full-disclosure’ - agus deirim é sin de rogha ar ‘nochtadh iomlán’ an fhoclóra nua - i laetha seo na cainte uilig faoi dhea-rialachas, is páirtí leasmhar mé féin sna gnóthaí seo.

An rud is túisce agus is scáfaire a ritheann liom anois agus mé os bhur gcomhair ar ócáid seo Léacht Uí Chadhain nó go raibh mé sna binsí céanna sin bliain agus dhá scór ó shin nuair a thug Breandán Ó hEithir an chéad chaint sa tsraith a thionscain an tOllamh Breandán Ó Buachalla agus a chomhghleacaithe chun ómós a léiriú don Chadhnach deich mbliana i ndiaidh a chaillte.

De réir mar is cuimhneach liom anois í mar ócáid, ba ríméadach lúcháireach an comhthionól é agus sárchraoltóir, iriseoir agus údar i mbun scagtha ar chuid de thiomantas polaitiúil agus de dhán liteartha an Chadhnaigh ar a bhealach fíorshlachtmhar féin. Dála go leor sa chéad lucht éisteachta sin bhí mé mar a bheinn faoi dhraíocht ag focail Uí Eithir idir ghrinneas a chuid a smaointe agus a dheisbhéalaí. Ní raibh aithne phearsanta ar bith agam ar Bhreandán an tráth sin ach bhí de phribhléid agam a bheith ag obair ina chuideachta tamall ina dhiaidh sin – rud a gcluinfidh sibh a thuilleadh faoi ar ball. Plus ça change, plus c’est la même chose.

Mar a deir eagarthóirí na díolama Léachtaí Uí Chadhain, Caoimhín Mac Giolla Léith agus Liam Mac Amhlaigh, linn sa réamhrá do na haistí léannta seo a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite, bhí dhá sprioc ag an Bhuachallach agus é ag bunú na sraithe; go ndéanfaí litríocht agus cultúr na Nua-Ghaeilge trí chéile a athbhreithniú agus go dtabharfaí léargas nua ar shaol agus ar shaothar Uí Chadhain.

Níl de chumas ionam ná de shaineolas agam tabhairt faoi léargas ar shaol agus ar shaothar an Chadhnaigh ach tá súil agam go mbeidh macallaí éigin, más anbhann féin iad, dá threalamh aigne (mar a déarfadh an Buachallach) le brath i gcuid éigin dá mbeidh le rá agam anocht. Ba ábhar íogair éadóchais a raibh i ndán don Ghaeilge ag Ó Cadhain é nuair a labhair sé féin agus Breandán Ó hEithir in agallamh a rinneadh don Irish Times tamall gairid roimh bhás an Chadhnaigh agus mar ar thrácht Breandán air sa chéad léacht sa tsraith seo.

Mar a chéile ag duine ar bith é sa lá atá inniu ann a léifeadh na tuarascálacha is deireanaí faoi mheath na teanga sa Ghaeltacht. Mhaígh Ó hEithir féin sa chaint údaí: ‘Comhartha bisigh ar bith a thugas faoi deara le deich mbliana ní raibh ann ach biseach an bháis.’ Ón aithne a chuir mé air ina dhiaidh sin níl mé a rá gur duine duairc a bhí ann - dá dhuairce an ráiteas sin - ach déarfainn go cinnte gur fear é nár loic ariamh roimh an fhírinne mar a tuigeadh dó í agus gur dhual dó an fhírinne sin a roinnt lena dtiocfadh ina dháil.

Tiocfaidh mé ar ais chuig dearcadh Uí Eithir arís ar ball ach níor mhiste liom gné eile de cheist na meán mar chuid de shochaí an lae inniu a shníomh isteach sa phlé. Cuimsíonn an ghné seo, dar liom, na meáin i dteangacha atá faoi bhagairt agus mar an gcéanna na meáin sna mórtheangacha a bhraitear a bheith faoi bhagairt i ngeall ar athruithe ó bhonn ar chórais dáilte, ar phatrúin úsáidte agus ar dhlúthú úinéireachta ar scála domhanda sa ré dhigiteach.

Cor eile chun castachta is ea go bhfuil an litearthacht thraidisiúnta féin faoi bhagairt nuair nach féidir tabhairt ar mhic léinn a bheith ag léamh mar a dhéantaí roimhe seo – cuma cén teanga atá i gceist. Sa mhéid sin tá mé ag díriú airde ar éiceolaíocht na meán idir theangeolaíoch agus iomaíoch i gcomhthéacs leathan na hinmharthanachta eisí. Rud ar díol dianmhachnaimh é don chine daonna uilig.

Gan mé féin a chur in áit Cassandra ná sibh a bhodhrú le tairngreachtaí an uafáis, ní miste a rá agus muid ar thairseach COP26 gur leochaileach amach an saol ina mairimid, idir dhúlra agus bheatha dhaonna.

Cuireann sé i gcuimhne dom an rabhadh bagrach bíoblúil a bhíodh le léamh ar thaobh an bhealaigh idir Achadh na Cloiche agus An Ómaigh tráth dá raibh: Prepare to meet thy latter end; mana a chuireadh sna trithí gáire muid de bharr an chiall gháirsiúil a d’fhéadfaí a bhaint as ach arbh ionann é mar theachtaireacht agus an bhunbhrí a bhí ar intinn ag lucht déanta an fhógra - go raibh na críocha déanacha i ndeas dúinn. Más áil le ceannairí na Náisiún Aontaithe deireadh cúrsa na gcríoch sin a sheachaint agus malairt chúrsa a aimsiú dúinn uile, bhí sé de cheart againne ár slánú féin mar phobal teangabhunaithe a bheartú san éiceolaíocht úrnua athshamhlaithe atá chugainn más fíor.

Ón uair gurb é an rud atá i bhfaisean a bheith ag ceiliúradh mórimeachtaí a thit amach céad bliain ó shin, déanfar an rud faiseanta anseo agus tapófar an deis cúig bliain is fiche de TG4 a chaibidil fá sheachtain den Oíche Shamhna úd nach bhfuil ach mearchuimhne féin agam uirthi. Chomh maith céanna is gearr uainn comóradh leathchéad bliain a bhunaithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ceithre scór a bheith slánaithe ag Comhar iris mhíosúil a bunaíodh de thairbhe gníomhaíochtaí ghluaiseacht bhisiúil na n-ollscoileanna, An Comhchaidreamh. Tá nó bhí baint áirithe agam leis na trí eagras seo ar bhealach amháin nó eile i gcaitheamh na mblianta agus ba mhaith liom súil a chaitheamh ar a bhfuil bainte amach acu ar a ndóigh féin ó bunaíodh iad ina gceann agus ina gceann. Is mian liom iad a chaibidil mar mheáin i gcomhthéacs comhaimseartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di, i gcomhthéacs na ré digití a fhágann nach bhfuil léamh iomlán ag éinne ar a bhfuil romhainn amach. Agus é sin in ainneoin a bhfuil de thacaíocht stáit ann in Éirinn agus i dtíortha eile na hEorpa don choincheap a dtugtar ‘meáin seirbhíse poiblí’ air.

Ach an oiread le gnéithe eile de scéal na Gaeilge, tá saobhdhiallas le tabhairt faoi deara in iompar an Stáit i leith na teanga; ó pheirspictíocht amháin tugtar maoiniú agus tacaíocht shuntasach stáit don Ghaeilge trí Fhoras na Gaeilge, tríd an Roinn Oideachais agus tríd an mhaoiniú a thugtar do na meáin leictreonacha arb ionann é agus an ceathrú cuid beagnach den mhaoiniú iomlán stáit a chuirtear ar fáil do na meáin seirbhíse poiblí. Os a choinne sin, is é an stát – nó feidhmeannaigh shinsearacha a ghníomhaíonn in ainm an stáit - an dream is mó a chuireann cos i dtaca maidir le cearta teanga. San aighneacht mheáite a chuir sé faoi bhráid an Choimisinéara Teanga agus ina dhiaidh sin a seoladh chuig Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais agus leasuithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi phlé, is é a dúirt Liam Mac Cóil i dtaobh an aosa riaracháin:

Tá sé seanráite nach é go bhfaigheann teangacha bás ach go maraítear iad. Is uafásach an ní é le rá ach tá gach cuma ar an scéal gurb é riarachán na tíre, idir náisiúnta agus áitiúil, atá ag obair in éadan phobal na Gaeilge agus a dteanga, an Ghaeilge mar theanga phobail; is é sin na fórsaí céanna a bhí i gceist san ochtú agus sa naoú haois déag, agus siar ar ais go haimsir na dTúdarach; gurb iad an bhéascna chéanna agus an t-eolas neam hráite corparáideach céanna, na luacha céanna agus na tosaíochtaí céanna atá fós san aicme riaracháin againn féin is a bhí i gceist an uair dhorcha úd.

Más cosúil go bhfuil croí agus aigne na bpolaiteoirí fial agus foscailte i leith an Achta ní amhlaidh an scéal i measc díormaí an rialtais bhuain a bhfuil tús áite ann i dtólamh don mheon fuarbhruite aonteangach. Éifeacht agus éascaíocht chuid oibre a ranna rialtais féin an gad is giorra dá scornach siúd.

Beidh le feiceáil an athrú chun bisigh é an dearcadh dearfach atá léirithe ag an Aire Stáit Jack Chambers i leith na leasuithe iomadúla a bhí molta ag an Chomhchoiste.

Maidir le meath na Gaeilge mar theanga phobail tá údair éagsúla ar aon tuairim gur i bhfad siar a thosaigh an feo; in agallamh raidió ag deireadh chaogaidí na haoise seo caite, mhaígh Séamas Ó Grianna - nó ‘Máire’ - go bhfuair sí bás i ndiaidh Bhriseadh Chionn tSáile. Ag scríobh dó faoin Ghaeilge in oileán Chléire i 1992, dúirt Breandán Ó Buachalla:

Níl aon cheart agamsa ná ag mo leithéidse muintir Chléire a lochtú as iad a bheith páirteach le ceithre fichid bliain anuas san aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla a thúsaigh uaisle Éireann idir chléir is tuath, sa seachtú haois déag. Is trua liom go mór, gan amhras, nár léir is nach léir dóibh gurb í an eilimint is sainiúla dá n-oidhreacht - a gcanúint oileánda féin – atá á scaoileadh le taoide. Ach níl déanta – is á dhéanamh acu – ach leanúint de phatrún a lean formhór mhuintir na hÉireann le trí chéad bliain anuas. B’fhéidir nach raibh – is nach bhfuil aon rogha phraicticiúil acu nó ar a laghad, gur mar sin a tuigeadh is a thuigtear dóibh féin. B’fhéidir gur mar a chéile aistriú teanga agus athruithe eile teanga: bíonn a ndionaimic féin acu nach féidir a chosc.

Má tá blas na cinniúna ar an méid sin, tá fearg le brath ar alt le Máire Ní Fhinneadha a foilsíodh in tuairisc.ie i mí Lúnasa na bliana seo, faoin cheannteideal Tá an Ghaeltacht le cloisteáil in arraingeacha an bháis ach níl aon duine ag éisteacht, deir sí linn:

Is beag dul chun cinn a dhéanfar ó thaobh na Gaeilge sa Ghaeltacht fad is gur focal toirmiscthe an focal ‘géarchéim’ féin ag airí rialtais, státseirbhísigh agus lucht pleanála.Deirtear linn go bhfuil 12,586 teaghlach nó 99,617 duine ina gcónaí sa nGaeltacht oifigiúil agus labhraíonn 2,889 teaghlach acu [23%] Gaeilge chuile lá. Cuimhnigh gur dóigh ná a mhalairt gur duine amháin as an teaghlach a líon an daonáireamh agus níl a fhios againn cé mhéad Gaeilge a labhraítear sa teaghlach sin nó an labhraíonn gach aoisghrúpa Gaeilge leis an gcuid eile nó an corrfhocal anonn is anall sa teach a bhíonn i gceist. Cuirfidh mé an taobh is fearr amuigh – duine as gach ceathrar gur Gaeilge is túisce ar a bhéal. Má chasann an triúr eile air an iompóidh an triúr ar an nGaeilge mar chúirtéis? An dtuigfidh siad gur mínós Béarla a bhrú air? An gasúirín as an teaghlach sin atá ag cóisir leanaí i dteach an Bhéarla, céard a labhróidh sé? I gclós na scoile? Ag cúirtéireacht ina dhéaga? Ar an mbus scoile? Cá bhfaighidh sé foclóir is deise labhartha ina theanga?

Agus faoi dheireadh deir sí:

Agus mé go bolg i bhfarraige i dteaspach an tsamhraidh bhí scoth na gcainteoirí óga dúchais ag béarlóireacht lena gclann óg i mo thimpeall.

Ba dhoiligh dhul i gcoinne loime na dtuairimí sin mar fhianaise ar leochaileacht na Gaeltachta ach arís eile, mar mhalairt, tá léamh dearfach le déanamh ag an té ar mhian léi nó leis spéaclaí ar imir an róis a chaitheamh agus iad ag breathnú ar chás na teanga go náisiúnta. Ní raibh éileamh ar ghaelscolaíocht chomh tréan ariamh is atá anois agus an líon is mó daltaí ag freastal ar ghaelscoileanna. De réir suirbhéanna poiblí tá an chuid is mó de dhaonra na poblachta dearfach i leith na Gaeilge i gcónaí agus mar an gcéanna tá rath ar TG4.

Is san éiceachóras seo, le maoiniú stáit a fhéachann na meáin Ghaeilge le freastal a dhéanamh ar ghrúpaí agus ar phobail éagsúla, nach ionann iad i dtaca le haois, áitreabh, cumas, líofacht ná réimse spéise de.

Foilsíodh Comhar den chéad uair mí na Bealtaine 1942, tráth cogaíochta agus éigeandála agus ba bheag gealladh, shílfeá, a bheadh faoina leithéid agus ciondáil á cur i bhfeidhm ar úsáid an pháipéir chun críche foilseachán. Buíon óg thiomanta a bhí ina bhun; gluaiseacht an Chomhchaidrimh mar scátheagras orthu agus rud beag de shotal an ardoideachais le sonrú sa méid a bhí le rá acu fá dtaobh daofa féin:

Luíonn sé le nádúir gurb iad lucht iolsgoile cinnirí an náisiúin, agus dá réir sin, ’sí oibliogáid agus pribhléid na n-iolsgol teagasg náisiúnta ó thaobh geilleagair agus saoitheamhlachta, a fhorbairt agus a chraobhsgaoileadh. Is mór an nídh don náisiún mar sin é iris thréimhsiúil i nGaeilge, go bhfuil beartas náisiúnta aici, teacht as na hiolsgoileanna. Agus muna ndeinidh iris d’á léithéid ach staid na n-iolsgol féin a bhreithniú ní hobair ina aisce í. ’Sé ár n-aidhm go dtabharfaidh “Comhar” chomh fada agus a fhéadfaidh iris dá shamhail adhbhar léighte ionspéise do Ghaeilgeoirí; treoir don náisiún ar cheisteanna na linne seo; áis do lucht iolsgoile caidreamh a dhéanamh lena chéile, agus spreagadh chun feidhm a bhaint, ar mhaithe leis an náisiún, as an léigheann atá ortha agus ardán liteardha do chách go mór mór do sgríobhnóirí óga.

Ba í a n-aidhm go mbeadh Comhar ‘buan mar laom treorach agus mar lóchrann léighinn’ agus níor bheag í mar aidhm. Is iomaí sin cor sa tsaol ó shin agus má lagaigh tábhacht agus comhghuaillíocht na n-ollscol agus ról an Chomhchaidrimh, níor mhaolaigh ar dhílseacht Comhar don ardán liteartha ná don scríbhneoir idir óg agus aosta. Rud eile de nár mhiste a lua agus sinn ag smaoineamh siar ar bhlianta cúnga na tréimhse iarchogaidh nó níorbh eagal do lucht eagair na hirise dúshlán na heaglaise caitlicí ollchumhachtaí a thabhairt nuair a ghéaraigh ar an díospóireacht faoin ‘Scéim Mháthar agus Linbh’ agus gur éirigh Noel Browne as an aireacht sláinte. Ba bheag dream a bhí chomh misniúil leo. Liosta le háireamh na daoine gradamacha a d’fheidhmigh mar eagarthóirí ar an iris; Is tearc scríbhneoir fiúntach le ceithre scór bliain anuas nár foilsíodh saothar leo ar leathanaigh Comhar mar atá a fhios agaibh.

Ar ndóigh, bhí - agus cá bhfios nach mbíonn go fóill – lag trá i gcúrsaí na hirise agus bhí tamall ann tuairim is cúig bliana déag ó shin gur dhóbair di dhul as feidhm. Ach a bhuí le tiomantas an bhoird a bhí ann ag an am, tháinig téarnamh agus - is maith liom a shamhlú – bláthú úr. Thagair mé cheana don éilíteachas a bhain le lucht a bhunaithe agus lán chomh dóiche d’fhéadfaí an choir chéanna a chur i leith an bhoird reatha a bhfuil mise mar chathaoirleach air. Den chuid is mó dírítear gníomhaíochtaí COMHAR ar aos léitheoireachta ardoideachais. Chomh maith le foilsiú míosúil na hirise, tá bord stiúrtha COMHAR freagrach as:

LeabhairCOMHAR, teach foilsitheoireachta a fhoilsíonn idir cúig agus seacht leabhar nua i seánraí éagsúla gach bliain

COMHARTaighde, an t-aon ríomh-irisleabhar acadúil piarmheasta ar líne do litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus nithe atá gaolmhar léi.

COMHARÓg, foilseachán leathbliantúil atá dírithe ar dhaltaí iarbhunscoile agus ar shaothar na ndaltaí sin

PORTRÁIDÍ NA SCRÍBHNEOIRÍ GAEILGE, togra a bunaíodh i gcomhar le Foras na Gaeilge chun cnuasach mór a chur ar fáil ina mbeadh portráidí i bhfoirm grianghraf ann de scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge chomh maith le heolas faoina saothar. Bunachar beo ar líne anois é fosta agus táthar ag cur leis i gcónaí.

CLÓ, Imphrionta nua atá á fhorbairt faoi láthair le cabhair lucht léinn ó ollscoileanna ina mbíonn an Ghaeilge á múineadh. Léachtaí Uí Chadhain an chéad leabhar uathu.

Léitheoirí na Gaeilge; tionscnamh úrnua chun taighde a thiomsú agus straitéisí a fhorbairt le daoine a spreagadh chun a bheith ag léamh ábhair Ghaeilge. Is mar seo a chuireann an bord síos ar mhisean na hirise san am i láthair:

• go mbeidh Comhar ina hiris litríochta agus cúrsaí reatha barr feabhais, idir chlóite agus ar líne

• go mbeadh sí ina hardán ag pobal / léitheoirí na Gaeilge a chothóidh smaoineamh agus díospóireacht

• gur inti a fhoilseofar scoth na nualitríochta cruthaithí as Gaeilge, mar is dual di ó bunaíodh í sa bhliain 1942;

• go bhféachfar le líon na léitheoirí a mhéadú ar bhonn leanúnach

• go bhfeidhmeoidh Comhar, idir fhoireann agus bord, de réir dea-chleachtais rialachais, le dúthracht agus le héifeacht

Beirt atá fostaithe go lánaimseartha ag COMHAR, agus an t-eagarthóir agus an t-eagarthóir liteartha ar bhonn páirt-aimseartha.

Ar na dúshláin iomadúla atá sa chosán ar an mhisean uaillmhianach atá luaite agam, tá aimsiú agus cothú scríbhneoirí úra mar aon le haimsiú agus cothú léitheoirí úra agus - ar ndóigh - an dúshlán is íogaire den iomlán mar atá maoiniú. Is iomaí foilseachán idir Bhéarla agus Ghaeilge a tháinig agus a d’imigh ó bunaíodh Comhar agus ní ann don ráthaíocht a choinneodh Comhar beo go deo ach oiread. I dtaca le scríbhneoirí de, tá tamall maith ann anois ó chuir m’iarchomhghleacaí Pádhraic Ó Ciardha olc ar riar den lucht ardléinn agus é ag maíomh go raibh ceann scríbe sroichte ag ré na litearthachta agus gur mithid feasta díriú ar na dána digiteacha. Má chuaigh sé thar fóir de bheagán, b’fhurasta tuigbheáil dó ór níl amhras dá laghad go bhfuil béasa á n-athrú agus múnlaí á mbriseadh in éabhlóid na cruthaitheachta. Is saoithiúil an ní é a laghad iriseoirí oilte Gaeilge a bhfuil taithí na mblianta acu le Raidió na Gaeltachta agus TG4 a mbíonn saothar scríofa leo á thairiscint mar bhlaganna ar shuíomh RTÉ, TG4 nó ar Tuairisc.ie ná go deimhin ar Comhar.

Chomh fada is a bhaineann léitheoirí leis, tá ceithre chéad síntiúsóir ag Comhar agus díoltar amach is isteach ar chéad cóip eile sna siopaí. Tá fás beag leanúnach ar na figiúirí sin, ach ní léir dúinn go bhfuil an cíocras céanna léitheoireachta ar mhic léinn an lae inniu is a bhíodh tráth; agus má tá a thuilleadh léitheoirí le mealladh chugainn, mar ba mhian linn, is ar an dream ar acmhainn daofa an síntiús a cheannach is ceart breathnú.

Sa chéad eagrán sin den iris i mí na Bealtaine 1942, thagair scríbhneoir an eagarfhocail do ‘tua an bháis’ a bheith os cionn an tréimhseacháin. Níorbh eol dóibh an mbeadh an chéad eagrán eile ag teacht amach an mhí dár gcionn i ngeall ar Ordú Cumhachta Práinne ón Aire Soláthairtí a bhí le tabhairt i bhfeidhm de bharr gainne páipéir. Mar atá a fhios againn, tháinig siad slán mar sin féin. Cibé faoin tráth úd, braithimid faoi láthair go bhfuil corrán an bháis á ghéarú fánár gcoinne in Comhar ag lucht ceannais Fhoras na Gaeilge. Ní gainne páipéir ach malairt tosaíochtaí is cúis lena neamhshuim is cosúil mar aon le himní faoina laghad léitheoirí is atá ag Comhar más fíor.

Ó 2014 i leith cuireann an Stát €500,000 sa bhliain ar fáil trí Fhoras na Gaeilge do na meáin scríofa/chlóbhunaithe Ghaeilge. Breis is €800,000 sa bhliain a bhí ar fáil don earnáil suas go dtí 2010.

Tá ciorrú 33% déanta ag Foras na Gaeilge in 2021 ar an mhaoiniú a fhaigheann Comhar dá phríomhchúram – foilsiú na hirise míosúla. Is é sin €80 míle in aghaidh na bliana anois an maoiniú reatha. Ar líne amháin atá an dá mheán clóbhunaithe Gaeilge eile Tuairisc.ie agus NÓS.ie.

Is ionann an caiteachas iomlán sin agus níos lú ná aon faoin chéad den mhaoiniú a chuirtear ar fáil do na meáin leictreonacha Ghaeilge, RTÉ agus TG4. Chuir Comhar agus Tuairisc.ie
comhaighneacht faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán in Éirinn ní ba luaithe i mbliana inar áitigh muid gur meáin seirbhíse poiblí a bhí sna meáin chlóbhunaithe Ghaeilge chomh maith céanna leis na meáin leictreonacha, Raidió na Gaeltachta agus TG4, agus gur cheart iad a mhaoiniú dá réir. Ábhar iontais agus díomá dúinn nár sheol Foras na Gaeilge aon aighneacht faoi ghné ar bith de na meáin uilig faoi bhráid an Choimisiúin – Raidió na Life, a gcuireann siad féin maoiniú ar fáil dó, san áireamh.

Tuigimid nach mbíonn in aon rud ach seal ach a fhad is tá freastal le déanamh ar lucht léitheoireachta - dá laghad féin é - a bhfuil dúil acu in ábhar aibí dea-scríofa, chítear dúinn gur cheart gach uile iarracht a dhéanamh fanacht i mbun gnímh – óir is sinn an t-aon fhoilseachán clóite atá fágtha ar mairstin agus ag fáil maoiniú díreach stáit.

Frithghníomh ba chionsiocair le bunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus dá réir le bunú Raidió na Gaeltachta dornán beag blianta ina dhiaidh. Clár teilifíse Béarla Quicksilver a bhí le taifeadadh ag RTÉ sna Forbacha beag beann ar theanga an phobail áitiúil a mhúscail spiorad na hagóidíochta i measc ghlúin óg Ghaeltachta. Leanadh den agóid, rinneadh craoltaí bradacha raidió le linn Oireachtais neamhoifigiúil i Ros Muc a léirigh diongbháilteacht na léirsitheoirí agus a chruthaigh go bhféadfaí seirbhís lánGhaeilge a chur sa tsiúl. Dhá bhliain ina dhiaidh sin Domhnach Cásca 1972 tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer, faoi choimirce agus stiúir RTÉ, an eagraíocht arb é frithghníomh i gcoinne a cuid iompair teanga a chuir dlús leis an fheachtas an chéad lá ariamh.

D’fhás an tseirbhís de réir a chéile ó uaireanta an-teoranta agus mogalra tarchuir sean-aimseartha go dtí gur seirbhís iomlán atá ar fáil go náisiúnta atá anois ann. Is mór idir an fhoireann seisear fear a bhí fostaithe le tabhairt faoin chlársceideal, thuaidh, thiar agus theas an t-am úd agus an fhoireann de bhreis is ceithre scór a bhíonn ag plé le léiriú agus craoladh chláracha an lae inniu. Agus muna raibh ach fir le cluinstin leathchéad bliain ó shin, is iad na mná is mó atá chun tosaigh i mbun craolta ó thús maidine go tráthnóna anois. Craoltóirí cumasacha iad go léir a bhfuil moladh ag dul dóibh as feabhas agus éagsúlacht an ábhair a chuireann siad ar fáil idir chúrsaí polaitíochta - náisiúnta agus áitiúil, eachtraí pearsanta agus míreanna faoi mhodhanna maireachtála &rl.

Ar chostas an tríú cuid de chostas RTÉ Radio 1 a reáchtáiltear RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus é rud beag níos costasaí ná 2fm. De bharr nach mbíonn fógraíocht mar dhlúthchuid d’oibríochtaí an raidió ní bhíonn sé san áireamh sa JNLR – ‘an joint national listenership research’ - rud a fhágann nach mbíonn tuairiscí rialta ar líon na n-éisteoirí ach bhí scéal ar Tuairisc.ie in 2018 a dúirt go raibh taighde déanta ag an JNLR an bhliain roimhe sin a léirigh rochtain laethúil ag Raidió na Gaeltachta de 43,000 agus sciar den lucht éisteachta a bhí rud beag faoi bhun 1%. Bheirim na figiúirí sin daoibh mar eolas ginearálta ní mar bhealach chun Raidió na Gaeltachta a chur i gcomórtas nó i gcoibhneas le seirbhísí eile. Tá an comhfhiontar Fios Físe faoi scáth Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag plé le taighde ar lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta agus lucht féachana TG4 ach de réir mar a thuigim ní fhoilsítear tuarascálacha rialta faoin gcuid fionnachtana.

Más fiú seirbhís mar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheith ann tá costas ag baint leis agus aithnítear mar sin é gan fuacht gan faitíos. Níl aon duine a dhul a rá gur caifeach an tseirbhís í ach oiread. Ag an am céanna, dálta na seirbhísí eile de chuid RTÉ, bhí ar lucht a bhainistithe ciorruithe go leor a chur i bhfeidhm le blianta anuas agus tá a shliocht sin ar an chlársceideal. Bíonn streachailt le ganntan airgid agus foirne i gceist. Ní léir aon ridire ar each bán ar íor na spéire – murab é an tOllamh Brian Mac Craith agus a Choimisiún um Thodhchaí na Meán in Éirinn é.

Bíonn i gcónaí gá agus géarghá le seiftiúlacht agus géarchúis le haghaidh a thabhairt ar an anachain airgeadais agus bíonn na buanna céanna de dhíth le teacht i dtír ar athruithe sa teicneolaíocht agus i nósmhaireachtaí éisteachta. Ní haon ábhar iontais a bheadh ann agus an chaint sa tsiúl faoi mheath na Gaeltachta go mbeifí ag tuairimíocht sna cúinní aonteangacha riaracháin sin ar tagraíodh dóibh faoina bhfuil i ndán don tseirbhís. Ar cheart díospóireacht a thionscnamh arís go hinmheánach agus leis an lucht éisteachta féin - seachas a bheith ag fanacht ar dhream caolchúise ón taobh amuigh - faoi leagan amach réigiúnach na seirbhíse nó an amhlaidh gur gné dhoscaoilte de nádúr na seirbhíse í? An mbíonn a leithéid de phlé ar siúl cheana ag Fios Físe – níl a fhios agam.

Is cuimhin liom ceannaire raidió amháin a’ rá liom uair amháin blianta fada ó shin nach raibh Raidió na Gaeltachta in iomaíocht le haon tseirbhís eile raidió. Sa mhéid is nach raibh aon tseirbhís eile raidió ag soláthar clársceideal Gaeilge sna laetha sin roimh Raidió na Life, nó Blas nó Raidió Fáilte, b’fhíor dó; ach sa mhéid is go bhfuil an raidió ag roinnt an speictrim le seirbhísí Béarla atá san iomaíocht dá gcuid éisteoirí agus éisteoirí gach dreama eile sílim go bhfuil an anailís sin easnamhach. Tá an rogha chéanna ag lucht éisteachta Gaeltachta agus Galltachta agus ach oiread le snámhóirí Chonamara an tsamhraidh seo caite is fúthu féin an cinneadh.

Bhí ón tús agus tá go fóill an teannas sin - agus contrárthacht dhoréitithe b’fhéidir – idir an bhéim áitiúil agus an dualgas náisiúnta a shamhlaítear a bheith i gceist le seirbhís mar í. Níl aon tseirbhís eile a bhfuil an fócas gabhlánach sin leagtha orthu mar dhualgas. Ag brath ar an té a mbíonn tú ag caint léi nó leis, ní éisteann muintir cheantar an tuaiscirt le cláracha aniar ná aneas agus mar an gcéanna sna ceantracha sin lena bhfuil ar siúl ó thuaidh. Ach dá mbeifeá ag éisteacht leis na cláracha iarratais, mar sin féin, gheofá a mhalairt ghlan de thuairim.

Chomh maith céanna le TG4 ní meán cumarsáide sa ghnáthchiall é Raidió na Gaeltachta atá dírithe ar phobal éisteachta nó ar phobail éagsúla éisteachta mar a bhíonn seirbhísí eile ar a ndóigh féin. Ba leor sin mar dhúshlán - ach anuas air sin is ionstraim pholasaí stáit é. Go fiú agus mé ag caint libh anseo ní thig liom éalú ó théarmaí cainníochta agus ó bhealaí smaointeoireachta a dhéanann uirísliú ar an raidió mar chuid de réiteach na ceiste dofhuascailte faoina bhfuil i ndán don Ghaeltacht.

LIOSTA FOINSÍ

Comhar Bealtaine 1942

Comhar Eanáir 2021; ‘An Fhírinne Neamhráite, Liam Mac Cóil

Léachtaí Cholm Cille 23, Maigh Nuad, 1992 – ‘Duileasc a Cuantaibh Chléire’, Breandán Ó Buachalla.

Léachtaí Uí Chadhain Mac Giolla Léith, C, Mac Amhlaigh L.(eag.)
Baile Átha Cliath 2020

Tuairisc.ie ‘Tá an Ghaeltacht le cloisteáil in arraingeacha an bháis…’ Máire Ní Fhinneadha, Lúnasa 2021

Tuairisc.ie ‘Ardú ar líon na ndaoine a bhíonn ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta’, Lúnasa 2018

TG4 Fís Tar Éis Covid 2021

TG4 Tuarascáil Bhliantúil 2019

RTÉ Tuarascáil Bhliantúil 2020

The Tyranny of Metrics, Muller,
Jerry Z. Princeton 2018

Tadhg Ó hIfearnáin (2000) ‘Irish Language Broadcast Media: The Interaction of State Language Policy’, Broadcasters and their Audiences, Current Issues In Language and Society

Cathal Goan

Iarcheannsaí ar TG4 agus ar RTÉ é Cathal Goan. Tá sé ina chathaoirleach ar Bhord Comhar.