An Búda agus an Bhó le Gabriel Rosenstock 

Gabriel Rosenstock

The voice of Love seemed to call to me,

but it was a wrong number.

P. G. Wodehouse

Tá mo dhá lámh á leadradh aige:

Aon dó trí ceathair cúig sé

Aon dó trí ceathair cúig sé

Father Lehane ab ainm dó

Fear rugbaí

Bhí spéis aige sa diagacht

Thaitin P. G. Wodehouse leis

Tá bó ag cogaint na círe go mall:

Aon dó trí ceathair cúig sé

Aon dó trí ceathair cúig sé

D’éirigh tú as an bhféin-phionós, a Bhúda

Nuair a chan bádóir

‘Brisfidh an bogha

A tharraingítear rótheann . . .’

Tá mo dhá lámh á leadradh aige:

Aon dó trí ceathair cúig sé

Aon dó trí ceathair cúig sé

Father Lehane ab ainm dó

Fear rugbaí

Bhí spéis aige sa diagacht

Thaitin P. G. Wodehouse leis

Tá bó ag cogaint na círe go mall:

Aon dó trí ceathair cúig sé

Aon dó trí ceathair cúig sé

Cuirim aguisín le seanrann:

Is maith í an bhó
Is bainne í le n-ól
Is im í agus feoil
Is solas geal ar bord
Deineann a heireaball rón
Agus a hadharca ceol
Agus is maith é a leathar

Chun fearb a fhágaint ar lámha na n-óg

Tá mo dhá lámh á leadradh aige:

Aon dó trí ceathair cúig sé!

Aon dó trí ceathair cúig sé

Father Lehane ab ainm dó

Fear rugbaí

Bhí spéis aige sa diagacht

Thaitin P. G. Wodehouse leis

Tá bó ag cogaint na círe go mall:

Aon dó trí ceathair cúig sé

Aon dó trí ceathair cúig sé

Gabriel Rosenstock

Is file agus aistritheoir é Gabriel Rosenstock