Tráthnóna Beannaithe

Deirdre Ní Ghallachóir

Luí na gréine ag leá

i spéartha órga an iarthair

Is lámha péarla

ag múnlú is ag dealbhú

arán baile

Ealaín na cistine tuaithe

Deasghnáth tráthnóna beannaithe

Ar chúlbhalla

faoi fhothain

ó chlúdach samhraidh

an teasa is balsamaí

Cláiríní agus méara

ag fuineadh is ag fí

i scáth-dhamhsa

go hamhrán eala míne na Sionainne

An lándúnadh deiridh

Séalaithe le crois.

Deirdre Ní Ghallachóir