Tua

Tua

Gearrscéal nua le Gabriel Rosenstock

D’ardaigh sé an tua os cionn an tseanóra . . .
Spíonta a bhí an seanduine ó bheith ag aithris na salm:

Is chugat a thógaim m’anam, a Thiarna:

Is ionat a chuirim mo dhóchas,

Nár dhéantar mo náiriú, a Dhia,

Ná maíodh mo naimhde a mbua orm . . .

Déanfar do náiriú, a sheanduine, ná bíodh aon amhras ort ina thaobh sin, déanfar do náiriú agus maífidh do naimhde a mbua ort!

D’ardaigh sé an tua . . . Cá bhfaighfeá tua mar í! Ní raibh a leithéid in áit ar bith, Bleá Cliath, Loch Garman, Luimneach ná Corcaigh. Tua a leagfadh crann ab ea í, tua a bhainfeadh sciathán de chuileog.

D’ardaigh sé an tua os cionn an tseanóra . . . d’fhéach seisean thar a ghualainn agus tháinig na focail dheireanacha as a bhéal, ‘A Íosa, a Mhic Mhuire . . .’

Nach iomaí lomán breá a ghearr an tua chéanna chun connadh a chur ar fáil i gcomhair an gheimhridh. Lomán nó cloigeann seanóra; is é an dá mhar a chéile é. Ní smaoiníonn tua. Ní dhéanann tua idirdhealú idir rud amháin is rud eile. Déanann an tua a dualgas i gcónaí. Croí iarainn atá inti.

D’ardaigh sé an tua . . . bhí búiríl is béicíl le cloisteáil an lá ar fad, is an lá ar fad inné. Is bhí búiríl de shaghas eile le cloisteáil aige chomh maith, búiríl istigh ina cheann, mar ghlór easa. Eas fola. Ní stopfadh aon ní an bhúiríl sin ach tua. Tost a bhronnann an tua ghleoite sin – tost! Agus mura mbronnfar tost aoibhinn ar fhear láimhsithe na tua inniu, bronnfar ar an seanóir é!

Má ba bhinn lena chluasa riamh é giúis sléibhe á scoilteadh, ba bhinne fós é lá ar bith blaosc á briseadh ag tua, fuil á doirteadh ina sruth, inchinn ag úscadh amach as an mblaosc. Uair ar bith. Lá báistí. Lá gréine. Lá sneachta. Baineann aoibhneas dá chuid féin leis na laethanta go léir. Lá gaoithe. Lá séimh. Cuireann an tua í féin in oiriúint do thosca na timpeallachta is na haimsire. Rud mistéireach is ea tua. Inchinn ag úscadh amach as blaosc. Ní fhaca sé anam riamh ag éalú as cloigeann scoilte:

Leis an Tiarna a fuair mé dídean

Cén chaoi a ndéarfaidh sibh le m’anam:

‘Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.’

Féach na peacaigh ag teannadh an bhogha

Táid ag gléasadh a saighead ar an tsreang

Á gcaitheamh leis an bhfíréan sa dorchacht.

D’ardaigh sé an tua os cionn an tseanóra . . . d’fhéach seisean thar a ghualainn agus tháinig na focail dheireanacha as a bhéal, ‘A Íosa, a Mhic Mhuire . . .’

Bhí an tua sin ag a athair roimhe agus nuair a d’fhiafraigh sé de, agus é ina leaid óg, cé chomh sean is a bhí sí, chuir an t-athair ar a ghlúin é agus d’eachtraigh mar a leanas:

‘Ní fios, a gharsúin. Tá an tua againn le sinsearacht agus beidh sí agatsa lá éigin. Tabhair aire mhaith di. Coinnigh géar í. Coinnigh slán í. Ná fág as do radharc í. B’éigean don dream a chuaigh romhainn an hanla a athrú uair nó dhó – agus an lann féin – ach is í an tua chéanna i gcónaí í mar sin féin. An Scoiltire ainm na tua sin. Níl ansin ach ainm amháin uirthi. An Scréach ainm eile. Tugadh leis An Spéirbhruinneall uirthi, An Spéirling, An Spochadóir, An Splanc, An Spreagaire agus An Stiallaire. Beidh ainmneacha eile fós uirthi amach anseo. Bagair ar do naimhde í gan scáth. Bí dílis di. Beidh sise dílis duitse. Bíodh sí mar chompánach agat, mar chéile leapa is tú as baile. Bíodh sí le do thaobh ar maidin agus an ghrian ag soilsiú ar an lann; an rud deireanach a fheicfidh tú istoíche ná an tua agus solas na gealaí, nó solas na réaltaí, uirthi. Ná scar léi go deo. Bíodh sí ar nós do láimhe féin agat, mar ghéag. Doscartha. Dochloíte.’

D’ardaigh sé an tua os cionn an tseanóra . . . d’fhéach seisean thar a ghualainn agus tháinig na focail dheireanacha as a bhéal, ‘A Íosa, a Mhic Mhuire . . .’

Bhí a fhios ag an seanóir nach fada eile a bheadh aige ar an saol seo. Nach raibh an bhean sí cloiste aige! Bhí sé réidh. Bhí sé ullamh i gcomhair an bháis, na sailm fós á gcanadh os íseal ag a chroí:

Soilsigh mo shúile sula dtitfidh codladh an bháis orm

Sula ndéarfaidh mo namhaid go bhfuair sé an bua orm,

Sula ndéanfaidh m’eascairde lúcháir toisc gur thit mé.

D’ardaigh sé an tua os cionn an tseanóra . . . d’fhéach seisean thar a ghualainn agus tháinig na focail dheireanacha as a bhéal, ‘A Íosa, a Mhic Mhuire . . .’

Dá mbeadh fear na tua ann níos luaithe agus fonn éisteachta air, bheadh leathchéad salm cloiste aige. Ach cén chiall a bhainfeadh sé astu? Ní bheadh iontu ach gibiris. Nó dá mbeadh sé in ann ciall éigin a bhaint astu, déarfadh sé nach raibh iontu ach paidreacha baotha, nó geallúintí bréige:

Is deimhin liom anois go bhfuil an bua

Tugtha ag an Tiarna dá ungthach

Go bhfreagróidh sé óna fhlaithis naofa

Le gníomhartha is le cumhacht a dheasláimhe.

Bíonn dóchas droinge i gcarbaid

Agus dóchas droinge eile in eachra;

Cuirimidne, áfach, ár ndóchas

In ainm an Tiarna, ár nDia.

Treascófar iad siúd agus titfidh siad,

Seasfaimidne an fód go daingean.

Tabhair an bua don rí, a Thiarna,

Agus éist linn nuair a ghlaoimid ort.

D’ardaigh sé an tua os cionn an tseanóra . . . d’fhéach seisean thar a ghualainn agus tháinig na focail dheireanacha as a bhéal, ‘A Íosa, a Mhic Mhuire . . .’

Ceist ar bith a chuirfí ar athair fhear na tua, is ina scéal a tháinig an freagra uaidh:

‘Cén fáth ar léi féin í an ghealach?’

‘Fadó fadó, bhí an spéir i bhfad níos plódaithe ná mar atá anois. Bhí réaltaí gach áit. Is iad na réaltaí ba chóngaraí don ghealach an uair úd ná na réaltaí a leanas: An Mús, an Béabhar, an Mac Tíre, an Sionnach, an Dobharchú, an Luch, an tIora Rua, an Coinín, an Giorria, an Broc, an Torc, an Rón agus an Dreoilín. Trí réalta dhéag. Pé spadhar a bhuail an ghealach, theastaigh uaithi a bheith léi féin. Mar sin, oíche amháin, chuir sí ga gealaí uaithi i bhfoirm tua. Réab an tua sin tríd an spéir ina tintreach airgid. Theith na réaltaí go léir nuair a chonaic siad an tua chucu. An Dreoilín a theith ar dtús, agus ansin an Rón, an Torc, an Broc, an Giorria, an Coinín, an tIora Rua, an Luch, an Dobharchú, an Sionnach, an Mac Tíre, an Béabhar agus an réalta dheireanach a theith ón tua ná an Mús. Sin an fáth a ndeirimid, ‘Más mall a bhí an Mús, thug sé na cosa leis mar sin féin.’

‘Agus an dtiocfaidh siad ar ais?’

‘Ní fios, a ghamhain. Deirtear nuair a bhíonn stoirm ann go gcuireann an ghealach na scamaill soir agus siar sa tóir ar na réaltaí sin go léir a theith ón tua, ag impí orthu teacht ar ais. Má thagann siad go léir abhaile chuici slán, geallann sí deireadh a chur le stoirmeacha agus beidh farraigí uile an domhain ina linnte ciúine ansin . . . Téigh a chodladh anois, a ghamhain.’

D’ardaigh sé an tua os cionn an tseanóra. . . d’fhéach seisean thar a ghualainn agus tháinig na focail dheireanacha as a bhéal, ‘A Íosa, a Mhic Mhuire . . .’

Bhí an beart déanta. Lig an marfóir liú. Bhí a fhios aige go mbeadh a ainm in airde feasta, i ngar is i gcéin. Beidh sé ina sheasamh tráthnóna éigin cois cladaigh agus an ghrian ag dul faoi – san Iorua, ar Oileán Mhanann, nó Inse Orc – ag breathnú ar theacht is imeacht na taoide agus a fhios aige go gcuirfidh a scáil féin, agus scáil na tua sa sáile, scéin ar pháistí agus déarfaidh siad, ‘Cé hé sin, a mháithrín?’

‘Arú! An é nach n-aithníonn tú an laoch mór? Sin é an té a mharaigh –‘

Ní mar sin a bheidh sé. Ní bheidh Brodir ná a thua le feiceáil arís i gCríoch Lochlann na sreabh gorm – ná áit ar bith eile a bhí faoi smacht na nUiginneach. Is i gCluain Tarbh na sreabh dearg a bheidh a chnámha bána sínte go deo na ndeor – an smut díobh atá fágtha.