Dánta le Art Hughes

Cogadh Éisc

‘A shean-Shasain, tóg do bhród!”

arsa Boris is Jacob Rees-Mogg,

Bain gach iasc insa tanc

as gach bád ón Spáinn, Fhrainc

Baineadh Cabhlach gach eangach is lód!

Covid Eanáir Fiche a hAon

Scáfar scanrúil an scáth Covid,

choinníos srian le sruth ár saoil;

dúinne is gann tamall gan tagairt,

don scamall cham - bagairt bhaoil.

Scartha gach nead, néal ar theaghlach,

teann an t-am gan clann ar cuairt;

mairgneach is fíor leo go léanfhann,

faoi cheo shíor, bhréanam is bhuairt.

Fiche Fiche folamh dialann,

- duairc an físeán Fiche ‘hAon;

trí ráithe faoi ghéarghlas ghruama,

ó sheanbhlas go stuama staon.

Feidhm dúinn misneach mór is dóchas,

dúil le leigheas is biseach buan;

críoch le daoirse dhúr ar talamh

saoirse úr fá chaladh ‘s chuan.

Aicíd, imní ar intinn daoine

dubhré gan taitneamh an tráth;

scaradh mar fhál le gaol geanúil,

smál ar shaol, is sceanúil scáth.

An Teach Bán, Washington,

Eanáir 2021

Cath dearg insa Teach Bhán,

An tUachtarán is cúis leis an lán

Ach thig é a ruaig

Le hAcht Fiche a Cúig

Le Domhnall na díth céille slán!…

File, scoláire, agus ealaíontóir é Art Hughes