Domhan Thíos

Gearóid de Briotún

Ar ár mbealach go Páirc an Chrócaigh

is clapsholas seaca farainn, isteach

is amach linn tríd an gceo tostach liath

mar thaibhsí ciúine dúluachra.

Thit mo scaif gan choinne ar an gcosán tais

is chrom mé síos go pras chun an olann

ghorm is dúghorm a sciobadh óna leaca lonracha.

Trí fhuinneog íoslaigh gan chuirtín ag leibhéal

na sráide bhí bolgán lom nocht ar lasadh.

Fear i léine bhán bhrocach le triúr páistí in éadaí

daite oíche taobh leis ag breathnú aníos is naíonán

ag screadaíl go balbh i mbaclainn máthar.

Boscaí is mála taistil is almóir le doras amháin

is sorn is doirteal lán le soithí ag teannadh

go bagrach leo ó gach taobh.

D’fhéach mé féin is an fear i súile a chéile ar feadh ala.

Sheas mé suas go mall righin, cheangail an scaif

go docht le mo mhuineál is d’fhill ar dhromchla na cruinne.

File é Gearóid de Briotún