Má tá bréag ann

Má tá bréag ann
Mark Wickham
Gearrscéal le Katherine Duffy

‘Tá súil agam go mbeidh Emilio ar dualgas san óstán anocht,’ a deir Éilís, agus muid ar an eitleán, ar ár mbealach amach. ‘Tá an oiread sin le hinseacht agam dó.’ Tnúthán aisteach ina glór. Nóta práinne ag baint leis.

‘Nach dóigh leat go bhfuil tú imithe fada go leor leis an chluiche sin cheana féin?’ a deirim léi.

‘Mise?’ a deir sí, gasta go maith. ‘Tusa a chuir tús leis!’

Tagann cling bheag ón chóras fuaime ag an phointe sin, agus seo an captaen ag cur in iúl dúinn go bhfuilimid ag cúrsáil tríocha míle troigh os cionn sléibhte na nAlp agus go bhfuil uair go leith eile le cur isteach againn sula dtosóimid ag dul síos i dtreo na talún arís.

‘Goitse,’ a deirim, ag breathnú ar m’uaireadóir. ‘Ar mhaith leat dul chuig an pizzeria sin anocht – tá ’ fhios agat an ceann atá gar don sceardán sa chearnóg?

‘An rud is mó a thaitníonn liom faoi Emilio,’ a deir Éilís, ag cloí go daingean leis an ábhar comhrá is ansa léi, ‘ná go bhfuil bua na héisteachta aige, ’bhfuil a fhios agat? Rud is annamh sa lá atá inniu ann.’

Cúpla uair a’ chloig ina dhiaidh sin, táim amuigh ar an bhalcóin, i mo sheasamh faoi aer bog an tráthnóna. Thíos uaim, tá snámhaí aonair ag gluaiseacht go malltriallach suaimhneach ó bhun go barr na linne snámha, agus ar ais arís. Is ar éigean a shuaitheann a chorp an t-uisce gléghorm. Tugann sé síocháin dom, bheith ag breathnú air. Ar an taobh thall den linn snámha, tá cúpla óstán eile agus, taobh thiar díobh sin, sléibhte móra scáthmhara na Sicile. Má chromaim amach, agus dúid bheag ar dheis a chur orm, is féidir liom an fharraige a fheiceáil. An ghrian ag ísliú ina treo ar nós pingin mhór rua atá ar tí titim isteach i mbosca coigiltis.

Istigh sa seomra, tá Éilís ag socrú a cuid éadaí sa vardrús.

‘Is dóigh liom gurb é seo an seomra a bhí againn anuraidh,’ a deirim. ‘An gceapfá?’

‘Hmh? Déarfainn go bhfuil an ceart agat,’ a deir sí.

Déanann sí méanfach mhór ansin. ‘Féach, táimse traochta go maith, a Cháit,’ a deir sí. ‘An cuma leat má fhanaimid anseo don dinnéar anocht?’

An chéad bhliain a d’fhan muid san óstán seo, ba é Emilio a bhíodh ag freastal orainn, aon oíche a chaith muid béile an tráthnóna san óstán. Duine lách taitneamhach é. Déarfainn go bhfuil sé giota maith níos aosta ná na freastalaithe eile, agus cúpla bliain níos sine ná muidinne. Rud éigin staidéartha faoi - ba léir gur bhain sé sult as a chuid Béarla a chleachtadh agus bhíodh sé sásta ligean domsa triail a bhaint as mo chuid Iodáilise meirgí. Níor ghnách leis briseadh amach ag ceol amhráin Napóileacha mar a dheineadh na freastalaithe eile ach bhí sé gealgháireach ar a bhealach féin. Uair nó dhó, nuair a bhí muid fós inár suí chun boird tar éis an bhéile, agus a sheal críochnaithe aige féin, shuíodh sé síos linn chun gloine beag grappa a ól. D’fhás sé aníos sa cheantar seo, d’inis sé dúinn. Iascaire ab ea a athair, a fuair bás i dtimpiste bháid.

Freastalaí óg dóighiúil a bhuaileann chugainn anocht thar léibheann galánta bhialann an óstáin. Tagann strainc díomá ar Éilís nuair a fheiceann sí é ag teacht. Tá sí tar éis bheith ag casadh go corrthónach sa chathaoir le deich nóiméad anuas, ag breathnú timpeall uirthi go cíocrach. Ba bhreá liom dá socródh sí síos.

Ní raibh suim rómánsúil ag ceachtar againn in Emilio, nó sin a shíl mé, ar aon nós. Ní raibh ann ach gur thaitin a chomhluadar agus a chineáltas linn, go háirithe ós rud é gurbh fhuaire an fháilte a bhí romhainn san Iodáil anois mar bheirt bhan mheánaosta ná mar a chuirtí romhainn nuair a bhíomar níos óige. Ba chosúil Emilio le seanathair nó uncail a bhíodh sásta tú a fheiceáil ag teacht ar cuairt chuige am ar bith.

Ach déanaim scrúdú ar Éilís anois, ar a feisteas, a gruaig agus a smideadh. An bhfuil sí i ndiaidh iarracht speisialta a dhéanamh anocht? Ní shílim é. Ach is cinnte go bhfuil rud éigin aisteach uirthi, agus bhí an oiread sin trácht aici ar Emilio ar an bhealach amach go bhfuilim buartha anois go bhfuil athrú tagtha ar an scéal.

Is fíor di gur mise mé féin a chuir tús leis an amaidí. Ach braithim gur mó an chúis a bhí agamsa leis an méid a dúirt mé a rá. Bhí mé bréan den cheist a lean agus a leanann mé gach áit a dtéim. An bhfuil tú pósta, an bhfuil tú geallta, an bhfuil fear agat, an bhfuil duine agat? Bhí mé tinn tuirseach den cheist sin, agus de pé rud – trua nó ionadh nó dímheas - a leanadh an freagra ceart.

‘Bíonn sé millteanach gnóthach, m’fhear céile,’ a dúirt mé amach go tobann, an oíche sin. ‘Go leor leor freagrachtaí air i mórchomhlacht a dhéanann earraí a onnmhairiú, an dtuigeann tú? Is mór an strus an Breatimeacht dóibh, ar ndóigh…’

Tar éis tús a chur leis an raiméisíocht, ní fhéadfainn stad a chur liom féin. Bhí Emilio ag claonadh a chloiginn, cuma bhuartha bháidhiúil air. Bhí dhá shúil Éilíse sáite ionam.

‘Sea, is beag fonn saoire a bhíonn air tar éis an taisteal ar fad a dhéanann sé don obair. Ach, é sin ráite, bhí seachtain álainn againn ar Oileán Mhuirís i mbliana, i mí na Bealtaine…’

Dá bhfanfadh Éilís ina tost ansin, ní bheadh cúrsaí chomh holc sin. Ach ba léir go raibh fonn uirthise léim isteach san uisce liom.

D’fhógair sí go raibh sí tar éis scaradh lena fear céile sé mhí ó shin. ‘Ró-luath go fóill chun é seo a fhágáil uaim, ’ bhfuil ’fhios agat,’ a dúirt sí, ag síneadh amach méar na láimhe clé ar a raibh an fáinne ór.

Smaoinigh mé ar Mhaidhc, ag míogarnach ar an tolg sa seomra suí, mar a bhíodh sé go minic nuair a ghabhfainn isteach sa teach. Duine deas réchúiseach dílis. Céard a bhí uirthi, ag rá seafóide mar seo?

Ní hé go raibh éinne eile i gceist, a lean sí, ag bronnadh sonraí uile an scéil, mar dhea, ar Emilio bocht, ach díreach go raibh deireadh tagtha leis an chaidreamh agus go raibh an bheirt acu ar aon tuairim faoin méid sin. Ní raibh uaigneas uirthi, áfach, mar bhí a mac aonair fós ina chónaí sa bhaile léi. Ábhar dochtúra leighis - ní chreidfeá an staidéar agus an obair agus an strus a bhain leis an chúrsa liachta!

N’fheadar céard a déarfadh Ailbhe agus Ríona, iníonacha bríomhara Éilíse, dá mbeadh a fhios acu go raibh a máthair tar éis iad a scriosadh amach as a stair phearsanta agus strainséir de dheartháir a chur ina n-ionad.

Gach bliain eile ó shin i leith, tar éis bhliain na chéad bhréige, chloígh mise leis an fhoirmle chéanna: fear céile gnóthach, post dian aige in eagraíocht mhór. Saoire ghairid caite againn áit éigin chostasach iargúlta go luath sa samhradh. Antigua, na Bahámaí, Srí Lanca. Cheannaigh mé fáinne pósta in Argos agus chaith mé é, mar thaca leis an scéal agus mar chosaint ar an cheist dhamanta sin ó éinne eile.

Ach lean Éilís ag forbairt a scéil. An dara bliain ar chaith muid seal anseo, bhí an colscaradh tagtha tríd. Thaitin an neamhspleáchas úr go mór léi. Bhí sí cromtha ar an ióga a chleachtadh – bhí sí ag baint an-tairbhe go deo as. An tríú bliain bhí an peata de mhac, Cian, ag dul amach le bean nár thaitin le hÉilís – bhí eagla uirthi go ndéanfadh sé faillí sa staidéar dá barr. Rinne sí sobaldráma as an méid seo ar fad. Is minic a chuir sí mise agus Emilio araon ag gáire leis na tuairiscí géara a thug sí ar an bhean bhocht seo nárbh ann di ar chor ar bith.

An bhliain seo a chuaigh thart bhí deireadh leis an chaidreamh sin, buíochas le Dia, a dúirt sí, agus bhí Cian ar ais ar bhealach a leasa. Bhí Éilís féin tar éis teastas múinteoireachta ióga a bhaint amach agus theastaigh uaithi stiúideo ióga a oscailt ach bhí go leor constaicí le sárú sula bhféadfadh sí a leithéid a bhaint amach.

Forza, Éil-lís!’ a deireadh Emilio. Tiocfaidh tú tríd. Bíonn fuascailt ar gach fadhb.

Ní féidir locht ar bith a fháil ar fhreastalaí na hoíche anocht. Leaid sibhialta agus umhal é, ag teacht agus ag imeacht go gasta le bia agus fíon, le plátaí lána agus plátaí folmha. Ach is léir gur beag fonn comhrá atá air, agus is minic a théann a fhéachaint ar strae uainn go dtí an bord gar dúinn, áit a bhfuil comhghleacaí leis ag freastal ar lánúin óg. Spéirbhean rua atá sa bhean. Gúna corcra uirthi a bhainfeadh an tsúil as fear ar bith agus an t-uafás bráisléad órga ar na lámha caola. Tá an freastalaí ag déanamh grinn léi, ag cromadh ina treo agus ag geáitsíocht go bríomhar chun pointe éigin a léiriú. A lámha san aer, a aghaidh ar lasadh le lúcháir. Cheapfá go mbeadh fearg ar an fhear atá in éineacht léi ach cuma ghealgháireach bhródúil atá air siúd. Pé méid atá á rá ag an fhreastalaí leis an bhean óg, tá sé ag baint gáire ard binn aisti féin agus a cuid bráisléad.

Nuair a chuireann Éilís an cheist, deir ár bhfreastalaí óg nár chuala sé iomrá riamh ar aon Emilio bheith ag obair anseo.

‘Caithfidh go bhfuil sé tar éis an áit a fhágáil,’ a deirim.

‘Is ionadh liom go ndéanfadh sé sin,’ a deir sí, agus púic uirthi. ‘Nach ndeireadh sé go minic gur thaitin an post seo thar cionn leis. Ní bheadh sé in aois scoir go fóill, an mbeadh? Ní thuigim é.’

Leanann Éilís de bheith ar bís, ach níl tásc ná tuairisc ar Emilio an lá dár gcionn ná an lá ina dhiaidh sin. I lár na seachtaine, tagann muid ar bhean ag an deasc fáilte a aithníonn muid ó bhlianta eile. Míníonn sise dúinn go bhfuil sé imithe ar scor. Is cosúil go bhfuil cónaí air anois ina shráidbhaile dúchais cois trá, cúpla ciliméadar thíos ón mbaile mór.

Socraíonn Éilís síos beagáinín ansin, seachas go bhfuil sí níos ciúine ná mar a bhíodh. Tagann rithim ar na laethanta, mar a thagadh blianta eile. Mórán gach maidin, tugaimid siúlóid timpeall an bhaile mheánaoisigh thuas ar an chnoc. Cappuccino i gceann de na caiféanna beaga deismireacha. Lón blasta i gceann de na bialanna a thugann radharc amach ar na sléibhte. Tar éis lóin, is nós linn filleadh ar an óstán agus síneadh amach cois na linne snámha, ag léamh nó ag snámh nó ag déanamh codladh beag faoi theas an lae.

Ar an chúigiú lá den tsaoire, téimid isteach sa Duomo, an ardeaglais i mbarr an bhaile. Is deas éalú ón ghrian isteach sa dorchadas, as a nochtann pictiúirí agus dealbha aisteacha maiseacha faoi loinnir na gcoinnle. Glacaimid páirt i ndamhsa leisciúil diamhrach na dturasóirí, ag gluaiseacht timpeall, ag siúl is ag stad, ag siúl is ag stad, go mall fánach.

Is léir go raibh bainis ar siúl san eaglais ar maidin. Tá go leor maisiúchán ar an altóir agus fuadar faoi bheirt fhear á dtógáil anuas anois. Iad ag scaoileadh na gcriosanna srólda geala ó na suíocháin, ag baint cairn bhláthanna anuas ó cholúin adhmaid agus ag glanadh an t-ualach ar fad amach as an eaglais.

Téann duine acu thar ár mbráid agus ceann de na colúin faoina ascaill aige. Ar a bhealach, tugann sé uillinn sa droim d’Éilís, atá tar éis seasamh siar beagáinín chun radharc níos fearr a fháil ar dhealbh Santa Lucia.

Ow!’ a screadann Éilís, ach ní bhaineann sé sin stad ar bith as mo dhuine.

Lavoro, lavoro!’ a bhéiceann sé go giorraisc, ag brostú ar aghaidh gan fiú breathnú thar a ghualainn uirthi. Cuirim mo lámh amach go gasta chun nach dtitfidh sí.

‘An bastard sin! A leithéid de dhrochbhéas! An bhfuil tú ceart go leor?’

Tagann uafás orm nuair a fheicim go bhfuil deora sna súile aici.

‘Ó, a Dhia, a Éilís, a stór! An bhfuil tú ceart go leor? Ar ghortaigh sé thú?’

Croitheann sí a cloigeann ansin. ‘Ní hé sin é a Cháit, ach… táim féin agus Maidhc chun scaradh óna chéile.’

Téann muid le haghaidh lóin ansin, agus nochtann sí an scéal ar fad dom. Is deacair dom a chreidiúint go bhfuil bean eile ag Maidhc. Duine lách láidir a bhíodh i gcónaí abhus áit éigin timpeall ar Éilís, fad mo chuimhne. ‘Bhuail mé le mo phrionsa go luath sa saol,’ a deireadh sí go minic, in imeacht na mblianta. Cé gur fada anois ó chuala mé í á rá.

Thosaigh siad ag siúl amach nuair a bhíomar sa bhliain deiridh ar scoil. Ba é Maidhc a thionlaic chuig an debs í. Bhí gluaisrothar aige agus cuma dhathúil rógánta air ina shuí thuas air. Bhínn in éad léi an t-am sin agus, déanta na fírinne, minic go leor ina dhiaidh sin chomh maith. Bhí comrádaíocht speisialta eatarthu i gcónaí. Shíl mé go raibh saol breá cruthaithe acu le chéile.

‘An rud is measa,’ a deir sí, tríd an ghol, ‘ná go mbraithim gur cineál pionóis é seo don mhéid seafóide a bhíodh á rá agam… Tá ’s agat… an… an méid a bhínn a’ rá le Emilio, blianta eile. Níl a fhios agam céard a bhí orm, a’ ligean orm go raibh mé scartha. Ní hé sin a bhí uaim. Ach tháinig an tuar faoin tairngreacht!

‘Á, a Éilís, stad anois,’ a deirim go sólásach léi. ‘Níl baint ar bith aige sin leis seo, agus tá a fhios agat é. Ní raibh ansin ach amaidí saoire…’

‘Tá’s agam go bhfuil an ceart agat. Nuair a chruinním mo chiall, tá’s agam é. Ach, a Cháit, ní chreidfeá chomh mór is a theastaíonn uaim labhairt le Emilio agus an fhírinne a insint dó. Dá bhféadfainn labhairt leis, braithim go mb’fhéidir… níl a fhios agam… go mb’fhéidir go mbeadh rudaí ina gceart arís...’

Mise a thugann faoi deara é, ar an lá deiridh den tsaoire. É ina shuí faoi scáth crainn ar thaobh an piazza, ag ól caife ag bord beag. Tá seanbhean in éineacht leis, an bheirt acu ar a suaimhneas, ag breathnú ar na turasóirí ag dul thar bráid.

Tá cuma éagsúil ar fad ar Emilio gan an léine bhángheal agus an bástchóta buí a chaitheann lucht freastail an óstáin. T-léine ghorm atá air agus jeans. Tá beagán meáchain curtha suas aige. Nuair a labhraíonn sé tá a ghlór níos ciúine ná mar is cuimhin liom.

‘Cáit! Éil-lís! Is deas sibh a fheiceáil arís!’

Is í a mháthair atá in éineacht leis, bean bheag shlachtmhar a dhéanann scrúdú géar orainn nuair a chuireann sé muid in aithne di.

Come stai?’ a deir Emilio le hÉilís.

Anois a seans chun a faoistin a dhéanamh, ach teipeann na focail uirthi. Tá an oiread trua agam di, ina seasamh ansin ina staic, ag stánadh ar Emilio amhail is go bhfuil sí faoi gheasa.

Déanann sé sár-iarracht í a chur ar a suaimhneas. An bhfuil an mac ina mháinlia go fóill? Ar éirigh léi an stiúideo ióga a oscailt? Is iontach an chuimhne atá aige.

‘Níor éirigh… níor tharla sé sin, i ndeireadh na dála,’ a deir sí. ‘Ach, a Emilio, is é an rud é–’

Dica!’ a deir sé, agus cluas air.

‘Ní raibh mé ag… Is é sin, ní raibh ar intinn agam aon….’

Ach tar éis an dúil fhíochmhar chainte sin a bhí ar Éilís ó tháinig sí, ní thagann amach as a béal ach leath-abairtí stadacha bacacha gan mhaith.

‘Chuala muid san óstán go bhfuil tú i ndiaidh dhul ar scor,’ a deirimse, ag iarraidh an bhearna aisteach sa chomhrá a líonadh. ‘Caidé mar a thaitníonn sé sin leat?’

‘Saol eile ar fad atá agam anois,’ a deir Emilio. ‘Is maith liom an t-am a bheith agam chun leabhair a léamh. Bím in ann castáil le cairde le haghaidh caife nó grappa beag. Téim ag iascaireacht ó na carraigeacha agus, anois is arís, beirim ar ábhar dinnéir… nach fíor sin, Mamma?’ Deir sé rud éigin i gcanúint na Sicile lena mháthair a chuireann ag sclogaíl í.

E tu, come stai, a Cháit?’ a deir sé. ‘An raibh turas deas agat le d’fhear céile i mbliana?’

Tá miongháir bheag aisteach ar a bhéal agus é á rá. Ritheann sé liom gurbh fhéidir gur thuig Emilio go maith ón tús nach í an fhírinne lom a bhíodh á déanamh againn sna comhráití sin a bhí againn leis thar na blianta. B’fhéidir go raibh sé i dtaithí ar a leithéid – seans nach muidinne an t-aon dream amháin a thapaíonn an deis chun saol eile a shamhlú dóibh féin agus iad i bhfad ó bhaile.

Labhraíonn an mháthair ansin agus, cé nach dtuigim í go baileach, is léir go bhfuil fonn imeachta uirthi. Tá sí tuirseach, a mhíníonn Emilio dúinn. Beidh orthu slán a fhágáil linn.

Ní móide go bhfeicfimid Emilio arís. Ní dóigh liom go mbeidh fonn orm féin ná ar Éilís filleadh ar an áit seo an bhliain seo chugainn. Ag breathnú air féin agus a mháthair, agus iad ag imeacht uainn, n’fheadar an fear sásta nó an fear uaigneach é.

‘Is dócha go bhfuil sé in am againn dul ar ais,’ a deirim. Sméideann Éilís a cloigeann, agus tugaimid aghaidh ar an bhóthar chun an óstáin. Tá an dualgas pacála romhainn ansin, an snámh deiridh, an dinnéar deiridh. Agus amárach, tabharfaimid droim le bréagshaol na saoire agus aghaidh ar an ghnáthshaol, an saol sin a mbíonn cuma sheasta air ach a bhíonn ag athrú ó lá go lá, go bhfios nó i ngan fhios dúinn.

Cuimhním anois ar m’árasán beag féin agus ar na seomraí néata folmha atá ann romham. An pháirc cois na habhann ina dtéim ag siúl – beidh blas an fhómhair ag teacht uirthi i gceann tamaill. Ní fada go mbeidh mé ar ais ag obair san ionad ealaíon. Tá an t-uafás pleananna againn ansin, go leor tionscadal spéisiúil le reáchtáil tar éis shos an tsamhraidh. Beidh obair mhór i gceist, ach sásamh mór le baint as chomh maith. Ag deireadh na seachtainí, casfaidh mé le cairde, Éilís ina measc, agus caithfimid béilí le chéile, nó rachaimid chuig drámaí nó scannáin. Sin é an saol atá agam, agus is mé atá sásta leis. Sin é mo scéal.