Teannas in Stormont
Bhí gangaid agus galamaisíocht mar chomharthaí sóirt ar Stormont le blianta ach tá a thuilleadh nimhe anois ann, a deir Póilín Ní Chiaráin
Ní haon iontas é an teannas in Stormont agus sa bhFeidhmeannas go háirithe. An Pósadh práinne atá ann ina bhfuil aidhmeanna na bpáirtnéirí ag teacht salach ar a chéile. Chuir an t-ualach a bhaineann le paindéim Covid-19 brú breise ar na páirtithe gan trácht ar an mBreatimeacht a bheith ina chlaíomh défhaobhrach.
Anuas ar an méid sin, tá amhras go dtiocfaidh feachtas uile-Ríochta de chuid an Phríomh-Aire Boris Johnson salach ar an déabhlóid i dTuaisceart Éireann. Sa mullach ar na fadhbanna a chothaíonn an Breatimeacht, táthar imníoch go ndéanfar creimeadh ar na cumhachtaí díláraithe abhus de dheasca iarrachtaí Johnson chun neamhspleáchas na hAlban a sheachaint.
In Stormont féin tá an ghuagacht pholaitiúil i ngeall ar an bPrótacal iar-Bhreatimeachta follasach. Tá an DUP, an páirtí is mó sa bhFeidhmeannas, ag diúltú déileáil leis an bPrótacal, ceann den dá mhórcheist atá le fuascailt i dTuaisceart Éireann. Tá Sinn Féin, an dara páirtí is mó, ag féachaint le leas a bhaint as an mBreatimeacht chun a thogra uile-Éireann a bhrú chun cinn. Tá na ‘mionpháirtithe’, an UUP, an SDLP agus Alliance, míshocair faoi chleachtais agus nósanna imeachta an dá mhórpháirtí ach tá laincis orthu de dheasca na paindéime. Conas a d’fhéadfadh aon dream acu siúl amach le linn na géarchéime?
Nuair a chuir an DUP tús lena bhfeachtas in aghaidh an Phrótacail, d’fhógair siad nach mbeadh aon bhaint acu le hobair oifigiúil ina leith. I bhfocail eile bhailigh siad leo lena liathróid agus d’fhág siad an pháirc. Bhí brú orthu ó aontachtaithe eile a dúirt gurb é iompar an DUP nuair a bhí cóimheá na cumhachta acu in Westminster faoi ndear an teorainn i Muir Éireann.
Ba é Jim Allister an TUV ba ghéire a cháin iad agus ba é a bhí ag sú vótaí uathu de réir pobalbhreith a foilsíodh
mí Feabhra. Níorbh iontas é gur thacaigh siad le dúshlán cúirte
Allister don bPrótacal agus iad ar a ndícheall ag iarraidh aontachtaithe a aontú sa bhfeachtas. Bhí sé de bhua ag an aontas sin gur bhain sé an ghoimh as an milleánú orthu; bhí siad in ann iad féin a chur chun cinn mar chosantóirí an phobail in áit a bheith áirithe mar
‘an dream a rinne níos mó dochair
don aontas (ríoga) ná feachtas fuilteach an IRA’.
Chomh maith leis na páirtithe aontachtacha chuaigh siad i gcomhairle leis na dílseoirí. Cáineadh ceannaire an DUP Arlene Foster, an Chéad-Aire, as bualadh le scátheagraíocht na bparaimíleatach dílseach ach bhí sí neamhleithscéalach faoi. Bealach an daonlathais a mhol sí dóibh, a dúirt sí nuair a ceistíodh í san Tionól.
Cothaíodh imní faoi leagan amach na bparaimíleatach dílseacha áfach nuair a d’fhógair an scátheagraíocht sin, an LCC, go raibh tacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta á haistarraingt go dtí go réiteofaí an fhadhb faoin bPrótacal. Dúradh gur feachtas síochánta in aghaidh an Phrótacail a bhí uathu ach ba mhór idir sin agus tagairt don bhonn a bhí lena sos comhraic i 1994 a bheith pollta. Maíodh ó shin go raibh easaontas i measc na nglúnta éagsúla de na paraimíleataigh, agus dúil sa chogaíocht in aghaidh an Phrótacail ag an dream óg. Áirítear go bhfuil 12,000 ball san UVF agus an UDA. Daoine a bhformhór a earcaíodh ó bhí siad in ainm is a bheith ar shos cogaidh.
An mbeidh siad contúirteach má theipeann ar an bhfeachtas polaitiúil deireadh a chur leis an bPrótacal? Port seanchaite is ea an bhagairt sin abhus ach ní hionann sin agus a rá nach bhfuil baol ar bith ann. Chinn an PSNI nach raibh foréigean á bhagairt faoi láthair ach níor léir go raibh siad in ann measúnú a dhéanamh faoina bhfuil i ndán dúinn.
Maireann an tréimhse cairde, a shocraigh an Bhreatain go haontaobhach, i leith srianta custaim ar earraí ón mBreatain Mhór go dtí Deireadh Fómhair. Is cosúil gurb í an fheachtasaíocht chun stop a chur léi a bheidh mar thosaíocht ag an DUP go dtí sin nó go deimhin go dtí aimsir an toghcháin do Stormont an bhliain seo chugainn. In ainneoin bhrú na n-aontachtach deir rialtas an Breataine go seasfaidh an Prótacal. Cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go seasfaidh rialtas Boris Johnson lena chonradh leis an Aontas Eorpach is deacair malairt socraithe a shamhlú.
Ní fios ach oiread cén toradh a bheas ar dhúshlán cúirte an AE don Bhreatain as an gconradh a shárú nó a lúbadh.
Cé mhéad fuinnimh a bheidh le spáráil ag an DUP i ndiaidh a gcuid feachtasaíochta chun déileáil le hiarmhairt na paindéime, cibé uair a bheas deireadh leis an tromluí? Bhí gangaid agus galamaisíocht mar chomharthaí sóirt ar Stormont le blianta ach tá a thuilleadh nimhe ann de bharr an Bhreatimeachta agus an Phrótacail. Tá an scoilt faoi na ceisteanna sin domhain, tá díobháil déanta don chaidreamh idir na páirtithe agus dochar déanta freisin don chaidreamh le Rialtas na Breataine, le rialtas na hÉireann agus idir an dá rialtas.
Tá an DUP thar a bheith míshásta le Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha. Is minic Arlene Foster ag casaoid faoi sheasamh Coveney agus an Tánaiste Leo Varadkar. Cuireann sí ina leith go ndearna siad neamhshuim de chás na n-aontachtach. Tá Sinn Féin, an SDLP agus Alliance míshásta le rialtas na Breataine, iad suite de nár theastaigh an Breatimeacht uathu ach gurb é an Prótacal an t-aon rogha atá fágtha agus gur mífhreagrach an mhaise ar Johnson é an dlí idirnáisiúnta a shárú.
Faraor, ní hé an Breatimeacht ná a scalltán, an Prótacal, amháin atá ag cothú guagachta in Stormont. Bhuail Aire Infreastruchtúir Stormont, leascheannaire an SDLP, Nicola Mallon, le scata airí ó rialtas na Breataine chun a míshástacht a chur in iúl faoi cheist mhór eile. Mhaígh sí go raibh sciobadh cumhachta ar siúl agus an bonn á bhaint den déabhlóid ag na Tóraithe.
D’fhógair Roinn Tithíochta, Pobail agus Rialtais Áitiúil na Breataine go mbeadh siad ag earcú foirne d’oifig abhus chun cláir infheistíochta na Ríochta Aontaithe a chur i bhfeidhm. Is iad cúraimí na roinne a bhfuil Nicola Mallon ina bun is mó a bheadh i gceist sna cláir sin is cosúil. Seans gurb in é an fáth go raibh sí ina cadhain aonair ag agóidíocht i dtosach - ní chuireann na mórpháirtithe aon stró orthu féin le cuidiú leis na mionpháirtithe. Tar éis tamaill áfach, cháin an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill, Sinn Féin, an beart freisin mar iarracht an dílárú cumhachta a chur as a riocht.
Bhí an DUP ina fhabhar, a dúirt Arlene Foster agus Diane Dodds. Ní hiadsan a cheistigh an dílárú cumhachta, a dúirt siad. Ba léir nuair a thug an Príomh-Aire cuairt ar Fhear Manach agus Béal Feirste le gairid go raibh sé ag iarraidh na hAontachtaithe a shuaimhniú. Arb é sin a bhí ar siúl ag Jacob Rees-Mogg nuair a shéan sé gurbh fhíor an méid a dúirt Státrúnaí Peter Brooke faoi chaidreamh na Breataine leis an Tuaisceart, is é sin ‘nach raibh suim straitéiseach, ná leithleasach ar bith ag an Ríocht Aontaithe i dTuaisceart Éireann’? Bhí an ráiteas sin mar bhunchloch ag na cainteanna síochána as ar eascair Comhaontú Aoine an Chéasta. Rinne Rees-Mogg, feisire parlaiminte, beag is fiú den ráiteas cheana nuair a chas leis an DUP ar an mBaile Meánach in 2019.
Ní leis an Tuaisceart ná an DUP go príomha a bhaineann col na gCaomhach leis an déabhlóid a bhunaigh Rialtas Lucht Oibre Tony Blair. Bhí sciobadh cumhachta ar ais ó na réigiúin dhíláraithe fite fuaite leis an dréachtreachtaíocht chonspóideach um mhargadh aonair anuraidh, dar le Nicola Sturgeon, Céad-Aire na hAlban. Caitheadh an bille sin, a sháraigh an dlí idirnáisiúnta, i leataobh nuair a rinneadh conradh leis an AE. Is é mian Boris Johnson chun neamhspleáchas na hAlban a chosc a spreag cuid mhaith den naimhdeas do na socruithe déabhlóide, ach is ábhar spairne eile é ag na páirtithe logánta nach raibh aon ghanntanas easaontais orthu roimhe sin.