Bás in Basel

Bás in Basel

Gearrscéal le Pól Mac Úistin

Tar éis dom m’athair a mharú, bhí rud beag aiféala orm.

Agus cén fáth nach mbeadh mar ní hé gach lá a chuireann mac lámh i mbás a athar. Ach ní fada a mhair an t-aiféala. Is fear simplí mé, fear nach raibh tóir riamh aige ar an inbhreathnú. Is fíor go raibh sé maraithe agam, ach níor cheart go mbeadh sin ina ábhar aiféala, dar liom, toisc gur sin díreach a bhí uaidh (bhuel, má thuig mé i gceart é, ar aon nós).

D’fhéach mé ar chorp m’athar, sínte go dearóil ar leaba an óstáin, an eisint dhaonna, pé rud í, taosctha as.

‘Bhuel, a Roger,’ arsa mise faoi dheireadh, ‘anois tá tú san áit chéanna ina bhfuil Nancy.’

An áit sin, an áit ina raibh Nancy, mo mháthair a bhásaigh an lá roimhe sin, níorbh áit í, ar ndóigh, ach folús síoraí. Ar aon aigne faoi sin a bhí an triúr againn - mise, Roger agus Nancy.

Seachfhocal. Tugaim a gcéadainmeacha, Roger agus Nancy, ar mo thuistí, agus sin ó bhí mé a cúig déag. Seo mar a tharla. Bhí clár feicthe agam ar BBC2 faoi theaghlach uasaicmeach Sasanach, eccentrics meallacacha, a dhéanadh amhlaidh, agus chuaigh an coincheap go mór i bhfeidhm orm. Chinn mé go mbeadh mo thuistí ina Roger agus Nancy as sin amach agus go mbeadh an triúr againn inár eccentrics, rud ab fhearr liom ná an smaoineamh eile a bhí ag sleamhnú isteach i m’aigne (cé nach raibh an téarma ‘sochapatach’ i mo stór focal fós). Ní gan doicheall a ghlac siad le mo chinneadh, go sonrach toisc nárbh iad sin a bhfiorainmeacha ar chor ar bith ach ainmneacha a bhí glanchumtha agam. Ach leaid tiomanta ab ea mé, agus bhí bua ag an mbuanseasmhacht. Má ghéilleadar faoi dheireadh, is amhlaidh go raibh buarthaí ní b’achrannaí orthu ag an am sin, mar bhíodar i mbun scartha, agus toisc gurbh é sin an chéad uair a ndearna siad é ní raibh siad imithe ina thaithí fós.

Cúpla lá roimh a bhás, d’iarr m’athair orm ‘Daidí’, seachas Roger, a thabhairt air, mar a dhéanainn tráth, dar leis. Ní dhearna. Maith dom é, a Roger – bhí aiféala orm faoi sin thar aon rud eile.

Sular chuir mé glaoch ar na seirbhísí Eilvéiseacha, chuir mé slacht beag ar an seomra. Chuir mé amach mála bruscair ina raibh i measc rudaí eile: bróisiúr gáifeach an chlinic eotanáise, dhá bhuidéal pastis, lánfholmhaithe, spuaicphaca amháin Viagra, leathfholmhaithe, agus cárta cuartaíochta de Jezebel, an stiúideo striapachais le hais an óstáin.

Bhí teanga mo mháthar ag dul chun faobhair de réir mar a bhí a hintinn ag dul chun maoile. ‘Is focaeir magairleach é an bás, is fearr an bastard a sciúchadh sula ndéanfaidh sé muidne a sciúchadh,’ ar sise oíche amháin sa seomra suí, á chur in iúl dúinn den chéad uair go raibh eotanáis ar intinn aici. Bhí an néaltrú soithíoch a raibh sí buailte leis le roinnt blianta ag éirí ní ba mheasa, agus bhí eagla uirthi faoina raibh amach roimpi. Níorbh é an seachrán a chuir as di, mar is beag gean a bhí aici ar a saol féin agus níor mhiste léi sleamhnú isteach i saol leathshamhailteach eile. Ba é an míchumas fisiciúil a chuir col uirthi.

Ba bhreá léi riamh dhá bhuidéal fíona in aghaidh an lae. Murarbh ionann is Roger nár ól riamh, alcólach ardfheidhmiúil (ina focail féin) ab ea Nancy. Ach le déanaí bhí an fíon ag cur iompú ar a goile. Agus ní ba mheasa fós bhí sí scanraithe go raibh smacht á chailliúint aici ar a corp, agus sula i bhfad go mbeadh sí in institiúid éigin ag brath ar eachtrannaigh.

‘An lá a scaoilim mo chac, go scaoilfí mé!’

Agus sin mar a tharla...beagnach. Tamall ina dhiaidh sin, bhí an triúr againn os comhair na teilifíse. Bhí cuireadh tugtha ag Nancy dom féachaint ar an Toy Show leo, seachrán úrnua uirthi de réir dealraimh, agus í lánchinnte gur nós teaghlaigh seanbhunaithe é. Bhí mé chun a mheabhrú di nárbh amhlaidh riamh agus, anuas air sin, chun a chur i gcuimhne di an saghas leaid a bhí ionam i ndáiríre, buachaill beag ann féin a raibh fuath aige ar bhréagáin agus gach rud eile bainteach le haois na hóige.

Ach ní dhearna, mar le déanaí bhí dea-ghiúmar uirthi agus ba leasc liom é a mhilleadh. Bhí deoch nua faighte aici, pastis na Fraince, a réitigh go hiontach lena goile. Agus bhí Roger fillte, uair amháin eile. Buailte le hailse, tréigthe ag a leannán Brasaíleach, ar an trá fholamh, bhí sé ar ais le mo mháthair. Bean mhaiteach ab ea Nancy, cé go raibh sise (ar an iomlán) dílis do Roger, níor mhór léi dó a chliúsaíocht agus a mhídhílseacht shíoraí. Anois bhí sí thar a bheith sásta go raibh sé sa teach arís, go deo gach seans, agus an triúr againn le chéile ar an tolg.

Ar an scáileán, bhí dallarán de láithreoir i ngeansaí gránna ag spochadh as buachaillín cabanta agus níor thuig mé cad a dúradh de ghreann, ach rinne Nancy scig-gháire millteanach, a raibh snagaireacht thobann sna sála air, agus i gceann nóiméad beag bhí bréantas ag leathadh ar fud an tseomra, bréantas arbh fhollas láithreach nár thoradh cinn dá gnáthbhromanna é, ach scaoileadh putóige de théagar eile.

‘Bhuel, sin é,’ arsa Nancy, a gloine á diurnú aici. B’in é.

Cé gur theaghlach mífheidhmiúil muid, bhí sé de bhua riamh againn go rabhamar ar ár gcompord i lár na gceisteanna meitifisiciúla agus flosc i gcónaí orainn chun focail a aimsiú le dul i ngleic leis na rudaí atá ar thairseach na tuisceana daonna.

Murarbh ionann is Nancy, nach raibh aici sa bhás faoi dheireadh ach múchadh solais (agus tráthúil go leor mar bhí a ham codlata sáraithe le fada), bhí coincheap ní b’fhealsúnaí ag m’athair i leith an bháis. Fear fiosrach ab ea Roger a bhí tugtha d’fhorlíontaí eolaíochta an Domhnaigh agus Discovery Channel, agus é ar aon aigne, mar a mhaígh sé, le sciar maith dá raibh le rá ag an mboicín sin, Stephen Hawking.

Dul i dtreo an bháis, dar leis, bheadh sé ar nós dul i dtreo dúphoill. Bheadh event-horizon, nó tairseach, ann agus an t-amleathadh a bhíonn gar don dúpholl, de réir theoiric na coibhneasachta, is an saghas céanna d’fheiniméan a bheadh ann gar don bhás, ionas nach rud tobann a bheadh sa bhás, don té atá ag tarraingt air, ach síneadh amach ama, an t-am féin ag leathadh go bog agus de réir a chéile go dtí teorainneacha na síoraíochta.

An cinneadh tobann a rinne Roger tabhairt faoin eotanáis i dteannta Nancy, níorbh ionadh liom é. Má bhí an ailse phróstatach faoi smacht le cúpla bliain, bhí an aicíd scaipthe go dtí a inchinn le déanaí, agus an meall a bhí ag méadú ann, ní bheadh teacht ag aon sceanóg air. Cé nach raibh sé ag fulaingt fós (iontach suimiúil an t-orgán í an inchinn, a deireadh sé go haigeanta, an t-aon cheann amháin nach bhfuil gabhdóirí péine ann!), ba mhaith ab eol dó nárbh fhada uaidh na drochlaethanta, agus uaireanta agus dá ainneoin féin, lasfadh splanc ina shúile ina raibh le feiceáil an scanradh lom a bhí air roimh an mbás. A bhí taobh thiar den chinneadh, faoi dheireadh, ná an rud céanna a chuir ar ais le Nancy é - meatacht, scaoll agus eagla roimh a bheith ina aonar. Mar sin féin, ghlac Nancy go fonnmhar leis an gcinneadh. Más suarach a bhí ár saol le chéile, ar sise, is sólás é go mbeidh dínit inár mbás - class act a bheidh ionainn faoi dheireadh.

Bhuel, mac dílis soilíosach mé, agus nuair a d’iarr mo thuistí orm an plean a chur i gcrích, chuaigh mé i mbun taighde ar an bpointe. Seachtainí a chaith mé i nduibheagán an idirlín, an darknet, áit a raibh an uile rud le díol - drugaí crua, pléascáin, striapacha, gunnaí agus fir gunnaí féin, pornagrafaíocht leanaí agus leanaí féin, áit a meilfí an grán deireanach de mheas a bheadh ag duine ar an gcine daonna, ach áit í ina bhfuair mé a raibh uaim - oideas bréige agus fleasc Pentobarbital, tiubhaithe, a oiread is a dhíothódh tréad bó, gan trácht ar bheirt seanóirí spíonta.

Chuir mé an buidéal os a gcomhair ar an tábla caife. Cé go raibh ríméad ar Nancy, bhí Roger buailte le huafás. Nuair a mhínigh mé dó a raibh i gceist - fiúigilín 8 ngram, gan bhlas, a chuirfinn ina ndeoch, a pastis i gcás Nancy, a chaife Americano ina chás féin - tharraing sé siar le teann samhnais. Cad é an ealaín seo? Ní mar sin a bhí scéal na heotanáise samhlaithe aige, ar sise de ghlór caointeach. Ní hé sin a bhí uaidh, ba chóir go mbeadh sé ina ócáid ghalánta, ba chóir é a chur i lámha an lucht gairme. Ní raibh Roger réidh. Lig Nancy osna. Bóthar na hEilvéise a bhí amach romhainn anois.

Trí mhí ní ba dhéanaí, bhí an triúr againn in Basel, cathair shéimh na scairdeán baisilisc.

San eagras eotanáise, Valedictia, bhuaileamar le Caroline, ár ‘treoraí trasnála’, bean éifeachtach dhea-chumtha a chuir fáilte aisteach phlámásach romhainn - ríméad as cuimse uirthi, agus breá sásta go raibh Valedictia roghnaithe againn, Valedictia seachas Dignitas nó LifeCircle, óir mar ab eol dúinn gnólacht rathúil a bhí anois san eotanáis agus dianiomaíocht idir na heagrais san Eilvéis.

Má tá sé de phribhléid ag an duine beo réamheolas cruinn a bheith aige faoi am agus faoi áit a bháis, i gcás Roger is Nancy ba lagmheasartha an phribhléid í mar is in árasán gránna lomfheistithe i mbruachbhailte Basel, tráthnóna Luain duairc, a mbuailfeadh a n-uair dheiridh. Árasán príobháideach, seachas clinic, a bhí á úsáid ag Valedictia le tamall, scéal a bhí mionmhínithe ag Caroline dúinn - ceisteanna casta faoi árachas agus costais, ach ar an dea-uair, ar sise, bhí comhpháirtíocht fhiúntach acu le AirBnB anois.

I seomra singil an árasáin, cuireadh mo thuistí ina leasluí ar dhá dhibheán. Murab ionann is Nancy, a raibh a gnáthéadaí uirthi, cairdeagan gan dealramh agus bun níolóin de shaghas éigin, bhí Roger dea-ghléasta, fallaing sheomra shíoda á caitheamh aige don ócáid, a bhealach leithleach chun a dhearbhú gurb é an suan síoraí a thriall féin.

Tháinig Caroline amach as an gcistin, mar a raibh a soláthairtí leighis leagtha amach go discréideach aici. Bhí an prótacal Valedictia mínithe go foighneach aici dúinn – trí huaire i ndiaidh a cheile, chuirfeadh sí an cheist chéanna ar mo thuistí, an raibh siad toilteanach i gcónaí aghaidh a thabhairt ar an mbás, agus ansin chuirfeadh sí deoch an tsuaimhnis ar fáil dóibh.

Chuir sí an cheist den chéad uair.

Tá, arsa Nancy, láithreach. Tá, arsa Roger, soicindí ina diaidh, soicindí a bhí gairid go leor ach sách fada chun éiginnteacht úrnua a thabhairt faoi deara.

Bhí trinsiúr ag Caroline a raibh dhá ghloine air. I bhfianaise mhíshuaimhneas Roger mhínigh sí gur frithurlacach a bhí ann, chun aon samhnas a d’fhéadfadh a bheith ann níos déanaí a sheachaint. Dhiúltaigh Nancy glan dó - cad ba ghá di é agus a goile ar fheabhas i ndiaidh na trí pastis a d’ól sí lena lón! D’ól Roger, ach ar bhealach chomh faiteach is nár léir a mbeadh le teacht.

Bheadh deis againn dul i mbun comhtharraingte agus plé teaghlaigh anois, arsa Caroline go beannaitheach agus an chistin á tabhairt uirthi féin arís. Cé acu a bhí na focail iomarcach nó ár stór díobh ídithe le tamall, ach faic ní raibh le rá againn agus bhí faoiseamh orainn nuair a tháinig Caroline ar ais deich nóiméad ní ba dhéanaí.

Den dara huair, chuir sí an cheist orthu. Tá, agus tá arís, a d’fhreagair Nancy go grod mífhoighneach. Cinnte dearfa! a d’fhógair Roger, tréine na mbriathra ag teacht salach ar an marbhlaige a bhí anois ar a ghuth.

‘An é sin coileach ag glaoch a chloisim ?’ arsa Nancy os ard, gan súil a chaitheamh ina threo.

D’imigh Caroline, agus tháinig ar ais ar ball le dhá chuach leachta éadathaigh a chuir sí go sollúnta i lámha na beirte. Chuir sí an cheist arís, den tríú uair, ach ar éigean a bhí na focail as a béal go raibh an leacht slogtha siar ag Nancy, siar go dtí an braon deireanach, amhail is dá mba é an pastis deiridh dá saol é.

Rug mo mháthair ar mo lámh go muirneach. Ansin rinne gáire lagbhrónach. Faoiseamh fuascailt a fháil nó aiféala an saol a fhágáil, níorbh eol dom cad a bhí sa mheathgháire sin. Ceachtar acu seans, is dócha nach raibh ann ach meadhrán súgach, iarmhairt a lóin dí.

Chaith sí a súile ansin ar an dibheán eile, mar a raibh Roger, ina staic, an cuach go righin ina lámha, gan focal as a bhéal, gan bogadh as a mhéara. Cibé dúpholl a bhí os a chomhair, cibé tairseach a bhí feicthe aige ann, ní raibh sé réidh le dul thairsti fós.

‘A chladhaire lofa’, arsa Nancy sular dhruid sí a súile arís, a focail dheireanacha.

I dtaobh bhás truamhéalach Nancy, má b’fhainnide meon Roger é, is amhlaidh nár lúide a rún é, mar bhí greim docht ag an gcinniúint ar a shaol anois, agus bhí sé meáite a chlabhsúr a ligean di.

‘Tá mé cloíte spíonta, a mhic, a chroí,’ ar seisean agus muid ar ais san óstlann. ‘Gan do mháthair, tá mé focáilte.’

B’fhíor dó.

‘Bíodh deireadh leis an rud lofa seo!’

‘Plean B, mar sin?’ a d’fhiafraigh mé de go patuar. Ba é Plean B an plean a bhí beartaithe agam ar dtús, plean a bhí luaite agam go fánach ar an mbealach, stuif an idirlín a thabhairt dó. Bhí sé curtha i mbúit an Panda agam ar eagla na eagla.

D’ísligh sé a shúile, agus sméid a cheann go sollúnta. ‘Bíodh amhlaidh.’

Bhuail ansin daigh amhrais é.

‘Ach amháin gan a rá liom nuair a dhéanann tú é. Seans go ndiúltóinn arís. Ceart ag do mháthair, is cladhaire lofa mé.’

D’fhéach sé orm, náire ina shúile, ach náire ina raibh anois splanc fhánach dhóchais.

‘An ndéanfá é sin? Déanfaidh. Go maith. Ní dúirt mé riamh go raibh mé bródúil asat. Ach tá.’

Is mar sin a chuir mé deireadh le saol m’athar. D’fhanamar i seomra an óstáin ag féachaint ar an teilifís an lá ina dhiaidh, na trí bhéile in aghaidh an lae ordaithe agam, agus mar ba ghnáth bheadh a Americano aige le gach béile. De réir a mhianta ní dúirt mé faic faoina raibh beartaithe agam.

Chinn mé gan an Pentobarbital a dhoirteadh ina chéad chaife, ná sa dara ceann, ach sa tríú ceann; dar liom, bhí siombalachas beag gnóthaithe ag na tríonna le déanaí nár mhór cloí leis. Ina mhuga Americano, ceann deireanach an lae, dhoirt mé go discréideach 12 ghram den leacht, dáileog mhaith, farasbarr réasúnta ar fhaitíos na bhfaitíos (ba scrupallach riamh an mac mé).

Ar feadh m’eolais, ní duine cruálach mé. Níor bhain mé aon taitneamh as an dreach cráite a bhí air agus é ag blaiseadh go hamhrasach ar na trí chaife i ndiaidh a chéile, agus is cinnte gur rith sé liom gur dhaonnachtúla an beart a dhéanamh ar an toirt agus gan mhoill.

Ach ós rud é nach bhfuil ach bás amháin i saol an duine, ba dhóigh liom gur pribhléid é, seachas mallacht, an deis aghaidh a thabhairt air níos mó ná aon uair amháin. Smaoinigh mé ar Nancy an lá roimhe sin, a roghnaigh an bás trí huaire i ndiaidh a chéile agus ar bhealach éigin theastaigh uaim go mbeadh eispéireas den chineál céanna ag Roger anois, go mbeadh deis aige chomh maith a easpa misnigh a chúiteamh agus cá bhfios nach mbeadh ceangal breise aige lena bhean chéile dá tairbhe. Ar aon nós, cibé fuascailt a bhí faighte ag Roger, thug mé faoi deara gur mhó faoiseamh ná sceimhle a bhí ina shúile nuair a thug sé faoi chaife deiridh an lae agus bhraith greim spadánta an bháis á fháscadh de réir a chéile.

Trí lá ina dhiaidh sin, bhí mé ar bhruach na Réine chun na luaithrigh a scaipeadh. Fuarlach maorga os mo chomhair, próca i mbacán gach láimhe, teas an chréamatóiriam fós iontu, sheas mé ann ag fanacht go ciotach le rud éigin nach raibh le tarlú, le fuascailt nach dtiocfadh, le dobrón nach nochtfadh. Is leithleach an duine mé, is maith is eol dom, nach mac mo thuistí mé (tar éis an tsaoil), rudaí beaga a théann i bhfeidhm orm seachas na rudaí móra; níl neart agam air, níl neart agam ar an bhfolús a ghlacann seilbh orm go míthráthúil. De cheal deor agus in éagmais aon éagmaise, rinne mé an rud sin nár chuimhin liom a dhéanamh is iad beo, póg a thabhairt do mo thuistí. Thug mé ceann beag amháin do gach próca.

D’fholmhaigh mé ansin a raibh fágtha de Roger agus Nancy sa sruth.