CARNABHAL

CARNABHAL

Le Rua Breathnach

Seanchaifé Pléimeannach ag an gcoirnéal, greamáin thréigthe Guide du Routard ar ghloine an dorais, tíleanna buí agus donna ar an urlár, Brasserie Haelterman deartha i seanchló ar thosach an chúntair.

Siúlann Pilib caol díreach go dtí na leithris. Síos na céimeanna rite leis. Fear eile roimhe ag druidim chnaipí a bhríste, míshochair ar a chosa agus é ag seasamh anuas ón bhfualán, amhail aisteoir aosta ag fágáil an stáitse den uair dheireanach.

Plúchta anseo faoi thalamh, boladh láidir bleach. Isteach leis sa chillín, an doras gan aon ghlas air. Déanann sé a mhún. Glanann sé a bhod leis an bpáipéar - cúis náire na braonta beaga sin. Scráib ar an mballa: “Argent gratuit pour tous ! À bas le capitalisme !” Lorg toitíní nár múchadh ar bharr an umair.

Suas an staighre leis arís. Gach ceann de na suíocháin cois fuinneoige glactha. Bord mór amháin saor ag tosach an tí. Naipcíní brúite le chéile agus fuílleach bia fágtha ar phlátaí gréisceacha. Os a chomhair, colún ar a bhfuil clár dubh crochta, le roghanna an lae scríofa i gcailc air:

Bon Appétit – Smakelijk !

* Stoemp Carottes – Saucisse 12€

* Tartine Pottekeis 8€

* Camembert chaud 11€

Le plat du jour

* Chicons au gratin 16€

* Duo de Lardons 15€

Dessert

* Crêpes Mardi Gras 7€

Tagann an caife. Uachtar ar a bharr. Spúnóg bheag agus cnap siúcra ar thaobh an fhochupáin, briosca speculoos agus pota plaisteach de bhainne ultra-theaschóireáilte. Doirteann sé an drochbhainne isteach sa chupán agus ólann bolgam beag. Déanann sé gráinseáil ar an mbriosca. Chomh tirim le corc. Ólann sé bolgam eile caife.

Is ann a bhuail sé léi anuraidh, an tráth céanna den bhliain—cúpla lá tar éis an charnabhail. Síneann rue des Renards ar thaobh amháin den chaifé. Bhí Pilib ina shuí ar terrace na sráide sin ag deireadh an lae ag ól caraf d’fhíon dearg an tí, agus radharc aige ar an gcearnóg—stiallbhratacha ildaite na féile ag flapáil sa ghaoth, meathsholas ghrian mhí Feabhra á chaitheamh ar ais ó urláir uachtair an Tour du Midi. Ba gheall le pictiúir uiscedhatha aghaidheanna na bhfoirgneamh agus an spéir tláith os a gcionn.

Ag brostú léi i dtreo dhoras an chaifé, thug sí cic de thimpiste den charaf fíona a bhí leagtha síos aige ar dhuirleog den chosán—de bharr an bord a bheith sórt corrach. Chas sí timpeall agus d’amharcadar ar a chéile agus ansin síos ar an gcaraf fíona a bhí slat ar shiúl ón mbord anois, é iompaithe ar a thaobh, an leacht dearg ag brúchtadh amach as.

Ina shuí anois ar a chompord taobh istigh den chaifé, tugann Pilib chun cuimhne an chéad amharc sin. Déanann sé iontas de ghléine na cuimhne. Sa chúpla soicind sin, thug sé faoi deara go raibh a cuid gruaige ceangailte suas le scaif shíoda bhuí, go raibh scáthú súl gorm mar smideadh uirthi, meangadh leathscéalach ar a haghaidh, ach dreach ina súile go raibh a hintinn ar rud éigin eile ar fad.

D’ordaigh sí caraf úr ag an mbeár agus bhuail sí fúithi ar shuíochán in aice leis. Bhí a lámha ag crith agus í ag iarraidh an toitín a thug sé di a lasadh. Shín sé chuici a thoitín féin agus chuach sí a lámha timpeall ar a lámha siúd. D’fhanadar ina dtost ar feadh tamaill. Is ise a bhris an ciúnas:

Anglais?’

Irlandais.’

Quoi ? Néerlandais ?’

Non, Irlandais,’ a dúirt sé arís, ag leagan béime ar chaon siolla den fhocal.

Oui, oui, ik spreek, ik spreek...’ a d’fhreagair sí go spraíúil. ‘Pas de petite amie ?’

B’éigean dó pléascadh amach ag gáire ansin. Chroith sé a cheann go maolchluasach.

Tu connais Rachid ?’ a d’fhiafraigh sí go tobann.

‘Rachid ?’

Oui, tu le connais? Il vient ici souvent jouer aux échecs.’

‘Níl suim dá laghad agam i gcluichí boird—tá brón orm. Cén chuma atá air?’

Is amhail gur firín beag miotalach a bhí ann. Seaicéad leathair. Colm beag ar chlár a éadain.

Bhraith Pilib splanc díomá nárbh dhual dó ina ucht. Chroith sé a cheann arís.

Si tu le vois, dis-lui que Nouara le cherche.’

Bhain sí amach stumpa peann luaidhe as a mála láimhe agus bhreac sí síos uimhir.

‘Voici mon numéro fixe.’

Dá ainneoin féin, leath meangadh gáire béal Philib.

Dhearc sí air go fonóideach. Bhain sé sin lasadh as a ghrua.


‘Ná bíodh aon nóisean agat faoin mbeirt againne, mon vieux! Má chasann tú leis, abair le Rachid go bhfuilim ar a thóir.’

Laistigh de mheandar, bhí sí imithe…

Nouara.

Leag sé a lámh ar an bpíosa páipéir brúite sin i dtóin a phóca leathbhliain tar éis an charnabhail. Bhí sé idir dhá chomhairle faoi ghlaoch uirthi. Aingeal amháin ag rá leis go raibh rudaí á samhlú dó agus é amach sna blianta; aingeal eile ag maíomh go raibh an saol róghearr, go raibh mná óga ann ar thaitin fir chríonna leo—cineál samhail d’athair, fear stuama, seansparán bealaithe go fiú. Ba chuma leis—ní caidreamh collaí amháin a bhí uaidh. Ach cad faoi Rachid, nó dá mbeadh fear éigin eile ar an bhfód faoin am seo? Cad faoi na difríochtaí cultúir? Rinne sé cuardach ar an idirlíon: Nouara, ‘Bláithín’, de bhunús na Beirbeirise. Dúirt sé a hainm arís is arís eile ina intinn. Shamhlaigh sé a bheith á rá os ard.

Bhí Rachid ag fanacht leis maidin ghrianmhar siar san fhómhar os comhair an tsiopa bhúistéara halal. Bhí cuma neirbhíseach air, guailleán ar a ghéag. Chroitheadar lámh lena chéile go hamscaí. Bhí doras na sráide ar leathadh. Sheasadar isteach sa halla caol, boladh feoil amh san aer. Suas na céimeanna leo sa chlapsholas. Mhol sé do Philib greim a choinneáil ar an mbanastar.

Oifig aistritheora a bhí ar an gcéad urlár: Traductrice arabe-français-néerlandais, Mme Bentayeb. Suas leo staighre amháin eile. Chas Rachid an eochair sa ghlas agus isteach leo lom díreach sa chistin—bord le grabhróga air i lár an tseomra, doirteal lán le gréithe, sorn le fáinní gáis ar thaobh amháin, an cuisneoir sa choirnéal, a dhoras á choinneáil dúnta le seanbhataire cairr. Bhí an seomra suí ar thaobh na sráide, gach rud in aimhréidh, gloiní folmha agus luaithreadán ag cur thar maoil fágtha ar bhord caife íseal in aice le clár fichille le píosa nó dhó den chluiche fós ina sheasamh air.

Isteach leo ansin ar chlé go dtí an pasáiste. D’oscail Rachid an chéad doras ar dheis agus thaispeáin an seomra do Philib. Leaba shingil chúng, í brúite suas in aghaidh an bhalla, prios éadaigh ag a bun. Tharraing sé siar an cuirtín sions agus d’oscail an fhuinneog. Bhí bonnáin le cloisteáil áit éigin sa chathair thar chlampar an tráchta.

‘Níl teas lárnach sa seomra, ach is féidir linn téitheoir leictreach a chur isteach, agus deasc beag má thograíonn sé é.’

Dúirt Rachid an méid sin gan amharc air. Amuigh sa phasáiste arís, thaispeáin sé an leithreas agus an seomra cithfholctha dó. Thug sé faoi deara Pilib ag breathnú i dtreo dhoras dúnta ag deireadh an phasáiste. Bhí pictiúr a rinne páiste de bhlaosc is cnámha crochta ar an doras agus an foláireamh “Chambre d’Ismaël. STOP. Défense d’entrer !” deartha air.

‘Sin seomra mhaicín mo chéile.’

‘Is cosúil go bhfuil cosc ar dhul isteach,’ arsa Pilib.

D’éirigh Rachid níos cairdiúla nuair a ghlac Pilib lena thairiscint deoch a ól. Bhain an t-aoi de a chóta agus shuigh síos ar tholg beag. Tháinig an t-óstach ar ais ón gcistin le dhá channa beorach.

‘Gabh mo leithscéal faoin bpraiseach. Bíonn jab agam slacht a choinneáil ar an áit nuair nach bhfuil bean an tí sa bhaile.’

Bhaineadar slog as an mbeoir.

‘Tá tú féin ag obair sna hinstitiúidí, a’ bhfuil?’ a d’fhiafraigh Rachid.

‘Bhí. Táim retireáilte le cúpla mí anuas.’

‘Tá pinsean maith agat mar sin.’

‘Tá sé maith go leor. Bíonn orm sciar dó a thabhairt do m’iarchéile atá ina cónaí in Éirinn anois. Táimid colscartha.’

‘Crá croí na mná,’ arsa Rachid. ‘Bhfuil clann agat?’

‘Níl, buí…’ Bhí Pilib ar tí “buíochas le Dia” a rá, ach chur sé srian ar a theanga. B’fhéidir nach mbeadh an fear eile róthógtha leis sin, fiú murar Moslamach ródhocht é de réir cosúlachta.

‘Agus nár mhaith leat filleadh ar do thír dhúchais?’

Smaoinigh Pilib ar feadh bomaite.

‘Dá mbeinn fiche bliain níos óige, b’fhéidir. Níl mórán ceangail agam leis an áit faoin tráth seo. Taobh amuigh de Pháras is í seo an chathair is fearr liom. Is maith liom an meascán cultúir agus teangacha.’

‘Caithfidh go bhfuil Éire go hálainn. Chonaic mé an scannán sin le Mel Gibson…Cad a bhí ann arís? Cœur vaillant . Tá sléibhte arda cosúil leo sin againne sa Mharacó freisin –
an tAtlas.’

Lig Pilib air féin nach raibh an scannán feicthe aige.

D’ainneoin a mhíchumais, rinne Rachid iarracht mhór lámh Philib a chroitheadh go bríomhar ar leac dhoras na sráide.

‘Scaoilfear saor mo chéile ón ospidéal i gceann roinnt seachtainí. Bhí drochthimpiste bhóthair aice…’ Cheartaigh sé é féin, “Againn. Is ise a bhí ag tiomáint. Briseadh a cuid easnacha agus fuair sí buille trom ar thaobh amháin dá haghaidh.’

D’inis Rachid an méid seo gan smid de mhothú le léamh air. Ansin rinne sé meangadh gáire agus a chuid fiacla ag gearradh a chéile.

‘Más mian le do nia bogadh isteach roimh thús an téarma ollscoile, ní bheadh fadhb ar bith ann. Cathain a bheas sé ag teacht go dtí an Bhruiséil?’

Ag seachaint na ceiste, dúirt Pilib go bpléifeadh sé chuile rud lena nia, agus go mbeadh cinneadh déanta acu ar bhealach amháin nó ar bhealach eile i gceann cúpla lá.

‘Glacaigí bhur gcuid ama! Is leis an seomra má tá sé uaidh.’

Bhuail fonn Pilib a rá leis an bhfear eile gur chuma leis sa diabhal faoin seomra, gur bhréag gan dealramh an scéal faoin lóistín a theastaigh óna nia dá bhliain Erasmus. Ach go tobann bhí sé scanraithe agus theip ar a mhisneach.

Chaith Pilib siar an bolgam deireanach den chaife. D’fhág sé cúpla euro ar an mbord agus amach leis sa tsráid gan amharc siar. Shiúil sé i dtreo an stáisiúin. Bhí crainn teile mhaorga ina seasamh ar feadh thaobh amháin den bhóthar, a gcoirt rocach, a ngéaga móra fós gan duilliúr. Agus é ag druidim leis an gceantar gnó, d’éirigh na túir ilstóracha ghloine in airde os a chomhair amach. Bhain frithchaitheamh loinnir ghréine ó bhallaí scathánacha na bhfoirgneamh an t-amharc óna shúile. I lár cearnóige, bhí grúpa gasúr ag spraoi timpeall ar fhuarán uisce.

Isteach leis i dtollán faoin droichead iarnróid—boladh bréan múin, na ballaí brataithe le graifítí—agus amach leis arís ar an taobh eile ar shráid chúng. Bhí draenacha na sráide tachta le bruscar.

Fiú chomh luath sin sa tráthnóna bhí grúpaí beaga fear de gach aois is cúlra ag crúsáil an chosáin, ag sztopadh anois is arís le stánadh isteach sna fuinneoga, ag casadh timpeall chun amharc ar a gcomrádaithe, straois ar a n-aghaidheanna.

Thrasnaigh Pilib an bóthar agus sheas sé taobh thiar de ghrúpa amháin a bhí cruinnithe timpeall ar fhuinneog ina raibh bean ard thanaí, fiche bliain d’aois ar a mhéid, ina seasamh. Ní raibh uirthi ach fo-éadaí. D’amharc sí tríd an bhfuinneog gan aird aici ar dhada agus tar éis tamaill rinne sí comhartha lena lámh. Rinne na fir gáire magúil. Bhéic duine amháin acu focal gáirsiúil agus chaith sé seile ar an bhfuinneog. Scar Pilib ón ngrúpa agus shiúil sé go mall os comhair fhuinneoga taispeána rue d’Aerschot an bealach ar fad síos go bun na sráide.

Ag taisteal ar an traein ar ais go dtí na bruachbhailte, rinne sé iarracht í a ghlanadh as a chuimhne, í a shamhlú agus máchail uafásach ar a haghaidh. Ach níorbh fhéidir leis é a dhéanamh. Dhealraigh an íomhá arís is arís eile ina aigne: an bheirt acu sínte siar ar an leaba san óstán dhá réalta, í ag cabaireacht gan stad faoina saol mar iníon saighdiúra, faoi na samhraí a chaith sí in Ashawen i mbunchnoic an Atlais, faoi fheallmharú a hathar agus í ina déagóir, faoin seal a chaith sí mar chailín aimsire in Marseille, faoin bhfear a chas léi ansin, faoi bhreith Ismaël, faoi éalú ón bhforéigean agus ón mbagairt ó chathair go cathair nuair a bhí an leanbh fós ar a brollach aici—a saol á chaitheamh idir dhá cheann na himní, go síoraí ar a teitheadh. D’inis sí dó go raibh airgead ag teastáil go géar uaithi; dá mbeadh aithne aige ar mhac léinn a bhí ag lorg seomra saor a dhéanfadh cúis bhreá, go raibh seomra spáráilte aici ina hárasán beag féin gar do lár na cathrach.

Rinne sé iarracht an t-idirbheart suarach a ruaigeadh as a intinn. Í suite ar chorr na leapa ag zipeáil suas chúl a gúna. Í ag comhaireamh go cúramach na cúig nóta €50 a thóg sé amach ón ATM sular chuir sí isteach ina sparán iad. Chomh luath is a bhí an t-airgead ina seilbh aici, níor amharc sí fiú is uair amháin eile idir an dá shúil air. D’fhág sé slán léi ar an tsráid agus dúirt a hainm gleoite ina láthair den uair dheireanach. Ba thír choimhthíoch
í seo ceart go leor—tír an uaignis dho-inste, an chumha gan ainm.