Tonnbhriseadh foclóireachta...

Tonnbhriseadh foclóireachta...

Ba mhór an dearbhú féiniúlachta Foclóir Aonteangach Gaeilge, a deir Dónall Ó Braonáin

‘Ní hin a deireadh mo sheanmháthair!’ Ba mhinic an nathán úd ag Eibhlín Ní Mhurchú, beannacht Dé léi, ar an gclár Leagan Cainte. Bhíodh brabach ag éisteoirí Raidió na Gaeltachta ar shaibhreas cainte Nell agus léargas luachmhar dá réir ar an gcaoi a dtagann athrú ar theanga in imeacht tréimhse ama réasúnta gairid. Seamsán síoraí atá ina leithéid d’abairt a thugann le fios nach próiseas neodrach é an t-athrú teanga. Próiseas leanúnach mar sin féin é a fhágann go mbíonn dúshlán nach beag roimh fhoclóirithe a bheith buille ar bhuille le caint na ndaoine.

Is é bun agus barr shaothrú na litearthachta i dteanga ar bith ná foclóir. Tobar tagartha atá sa bhfoclóir aonteangach a ligeann scód le lucht a úsáide an cumas teanga atá acu a shaothrú agus a shaibhriú mar mheán aclaí agus treallúsach. I bhfianaise ghaisce an Fhoclóra Nua Béarla Gaeilge (FNBG), is ceart leanacht den dea-obair anois agus leas a bhaint as an struchtúr fónta seachadta atá ar fáil chun foclóir cuimsitheach aonteangach a sholáthar.

Bhainfeadh buntáiste mór le foclóir aonteangach don phobal teanga trí chéile. Tonnbhriseadh a bheadh ann ar chleachtais litearthachta – ar leic an teallaigh, sa seomra ranga, in áit ar bith a gcuirtear peann le pár. Cuidíonn úsáid foclóra linn léirthuiscint a fhorbairt ar chineálacha, stíleanna agus réimeanna difriúla teanga. Cuireann foclóirí le heolas agus feasacht ar an uile ghné de chód scríofa na teanga – litriú, comhréir, gramadach – agus tugtar treoir don chluas freisin a bhuíochas de bhunachar foghraíochta ar ardáin leictreonacha.

Níl lá amhrais ach go gcuirfeadh foclóir aonteangach faobhar scine ar ghinchumas lucht scríofa na teanga. Cuimhním go speisialta ar iriseoirí, craoltóirí, scríbhneoirí cruthaitheacha, aistritheoirí agus úsáideoirí gairmiúla teanga. Ní saibhriú go saothrú. Ar ndóigh, spriocphobal úsáide ann féin lucht na Gaeilge sa gcóras oideachais. D’fhéadfadh suas le 15 míle mac léinn tríú leibhéal a bheith i gceist ar fud an oileáin gan trácht ar an 45 míle mac léinn ar an tsraith shinsearach iarbhunscoile a bhíonn ag gabháil don Ghaeilge mar ábhar ardleibhéil Ardteiste.

Próiseas cinniúnach códaithe a bhíonn i gceist leis an bhfoclóireacht agus foinse thábhachtach údaráis. Ceithre chéim a shamhlaítear leis an bpleanáil chorpais go hiondúil – roghnú, códú, feidhmiú agus fairsingiú – agus aithnítear go mbaineann luacháil ghoilliúnach shóisialta leis na céimeanna sin go léir. Nuair a dhéantar códú ar fhocal i bhfoclóir, socraítear brí nó bríonna an fhocail agus tugtar aitheantas cinnte do norm úsáide na foirme. Tá go maith ach is é an toradh a bhíonn ar chódú, dár míle buíochas, ná éagsúlacht a cheansú.

Léiríonn taighde le leithéidí Shiobhán Ní Laoire, Helena Ní Ghearáin agus Noel Ó Murchadha go dtagann constaicí chun cinn i measc phobal na Gaeltachta mura dtugtar aitheantas don éagsúlacht agus ceartúsáid mhalartuithe teanga sna canúintí. Is iondúla ná a mhalairt gurb í an scothaicme – bunaíocht na litearthachta – a shocraíonn an códú agus an caighdeánú a dhéanann díothú ar an éagsúlacht. Agus seanchleachtadh againn ar leasuithe litrithe agus deilbhíochta le céad bliain anuas, is ceart dúinn féachaint chuige nach mbeadh coimhthíos le gnáthchaint na Gaeltachta mar thoradh ar phróiseas códaithe agus caighdeánaithe feasta.

Tagann údarás go mór i gceist leis na luachanna a bhíonn ar chúla phróisis chaighdeánaithe teangacha. Níor mhór dúinn a bheith san airdeall mar sin agus barrshamhail á cur i gcás againn maidir le foclóir aonteangach. Sprioc inmhianaithe a bheadh ann, dar liom, dá bhféadfaí teacht ar phróiseas códaithe nach mbeadh cúng ná caol ach próiseas a mbeadh códú cóir agus cothrom i gceist leis. Má bhíonn fairsinge ag an éagsúlacht, déanfar ramhrú ar ár gcumas teanga dá réir.

Dúisíonn an plé seo giorria amháin a bhaineann le hurlabhra na Gaeltachta agus an cineál teanga a bhfuil meas, ómós agus gradam ag baint leis. Ó thús na hathbheochana glacadh leis gurbh í caint na Gaeltachta an scoth. Níl gar á shéanadh go bhfuil athrú ó bhonn ar chóras fuaimeanna Ghaeilge na Gaeltachta le dhá scór bliain anuas. Tá miondealú déanta ar na claochluithe seo ag Brian Ó Curnáin i gcás Ghaeilge Chonamara agus níl aon cheal fianaise orainn i gceantair Ghaeltachta eile ach oiread.

Sílim go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfaí den obair ar chomhaid fuaime a chóiriú don bhunachar foghraíochta ar na suíomhanna teanglann.ie agus foclóir.ie. Creidim go bhfuil ciall leis an leagan amach reatha – trí mhórchanúint – ach mholfainn go scrúdófaí saintacair theoranta do thrí chanúint ar leith: Iorras i gContae Mhaigh Eo; Cúil Aodha i gContae Chorcaí; agus an Rinn nó an Seanphobal i gcás Phort Láirge. Is ceantair iad a bhfuil dlús áirithe pobail iontu ar sainchanúintí a bhfuil tuairisc mhion fhóineolaíoch déanta orthu.

I bhfianaise athruithe sóisialta agus pobail na gceantar céanna, is cinnte go mbeadh tairbhe sa gcur chuige seo don phróiseas pleanála teanga. Ba mhór an gníomh feasachta agus dearbhú féiniúlachta a bheadh ina leithéid cé go mb’fhéidir go samhlófaí nach croí-obair foclóireachta a bheadh ann.

Chuige seo an fhairsinge don éagsúlacht ainneoin gur minicíocht úsáide agus anailís chorpais na gnáthshlata tomhais a bhíonn ag an bhfoclóireacht chomhaimseartha.

Garaíocht chéadach atá san ardán ar líne don uile chineál foclóra. San am céanna, molaim stuaim an chinnidh leagan clóite de FNBG a chur i gcló. Baineann stádas agus gradam leis an leagan foilsithe i gcónaí agus bhainfeadh le foclóir aonteangach freisin. Cuireadh comaoin bhreise orainn san fhorlíonadh teanga agus sna táblaí gramadaí a bhfuil moltaí géarchúiseacha iontu. Má bhaineann údarás le FNBG, leis na suíomhanna teanglann.ie agus foclóir.ie, is mar thoradh ar mhuinín an lucht úsáide é san achar gairid blianta ó seoladh ar líne iad.

Fearacht lúthchleasaithe den scoth, feictear dom nár mhór daingniú a dhéanamh ar an ngaisce, spórt Oilimpeach a dhéanamh den fhoclóireacht agus soláthar don aimsir amach romhainn a chinntiú. Mholfainn don dá Rialtas agus don Aire Gaeltachta Catherine Martin féachaint chuige tuilleadh cosanta fós a thabhairt don acmhainn náisiúnta seo ar dhá bhealach shonracha: infheistíocht leanúnach agus treisiú stádais.

Le go mbeadh foclóir aonteangach ann – agus nuashonrú ar an bhfearann foclóireachta trí chéile ar bun – ní mór bonneagar buan a bheith i bhfearas agus saineolaithe oilte a bheith ar fáil. Léiríonn an Foclóir nua go bhfuil inniúlacht dhomhanda againn sa réimse seo ar acmhainní scáinte go maith agus sin i gcomhthéacs na n-éileamh éagsúil a bhíonn ar an bhForas. Ba mhaith an oidhe ar an Straitéis Fiche Bliain é treisiú reachtaíochta agus soláthar sonrach airgeadais a chinntiú ionas go mbuanófaí an borradh faoin bhfoclóireacht.

Ba den tábhacht údarás reachtúil a bheith ag an obair seo agus mholfainn go rithfí leasú reachtaíochta ar aon dul leis an leasú a rinneadh ar an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais sa mbliain 2013 a rinne socrú sonrach maidir le ceist an Chaighdeáin Oifigiúil. Creidim go mbeadh sé cuí agus tairbheach stádas den mhianach céanna a bheith ag an bhForas ó thaobh na foclóireachta de. Dá mhéad foinse údaráis agus threorach atá againn is amhlaidh is fearr dúinn ar fad é ach an códú a bheith cóir, cothrom agus críonna.

*Tá an t-alt seo bunaithe ar phíosa cainte a tugadh ag an Siompóisiam Foclóireachta a d’eagraigh Foras na Gaeilge ar an 27 Márta 2021. Tá taifeadadh den siompóisiam ar fáil ar YouTube

Is scoláire é Dónall Ó Braonáin atá ina Eagarthóir Forbartha in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge