Bláth an Róis Le Robert Burns
Aistrithe ag Reuben Ó Conluain
Is comhionann mo ghrá le rós
Ag meán an tsamhraidh.
Is ionann í le dreas binn ceoil
Ag seinm i mo chroí.
Is mar atá tú dóighiúil
Mar sin is leat mo chroí,
Agus gráfaidh mé mo mhuirnín bán
Go dtránn na farraigí.
Go dtránn na farraigí, a chroí-
go leánn an chloch faoin ghrian-
beidh tusa i mo chroí, a chuid,
go scaipfear gráinní ‘n tsaoil.
Só, soraidh slán, a rún mo chléibh.
Slán slán ‘feadh scaithimh bhig.
Agus pillfidh mé ort arís, a stór,
Thar chlár an domhain uilig.