Bláth an Róis Le Robert Burns

Bláth an Róis

Le Robert Burns

Aistrithe ag Reuben Ó Conluain

Is comhionann mo ghrá le rós
Ag meán an tsamhraidh.
Is ionann í le dreas binn ceoil
Ag seinm i mo chroí.

Is mar atá tú dóighiúil
Mar sin is leat mo chroí,
Agus gráfaidh mé mo mhuirnín bán
Go dtránn na farraigí.

Go dtránn na farraigí, a chroí-
go leánn an chloch faoin ghrian-

beidh tusa i mo chroí, a chuid,

go scaipfear gráinní ‘n tsaoil.

Só, soraidh slán, a rún mo chléibh.

Slán slán ‘feadh scaithimh bhig.

Agus pillfidh mé ort arís, a stór,

Thar chlár an domhain uilig.