Dhá Cholm, dhá chreideamh agus beirt fhilí

Dhá Cholm, dhá chreideamh agus beirt fhilí

Ba chóir go mbeadh ceangail níos láidre ag leibhéal stáit idir Éirinn agus Albain, a deir Alan Esslemont

1968 : ‘This is Éire.’ Bhí Miss Taggart, mo mhúinteoir bunscoile, bean a rugadh roimh an chéad chogadh domhanda, ag díriú a slaite ar chuid den oileán ar an taobh clé de mhapa a bhí tarraingthe anuas aici ar rolla ón tsíleáil. ‘The British Isles’ a bhí scríofa ar an léarscáil. ‘The government there refused to help us during the war.’

1984 : ‘Ireland?’ Bhreathnaigh sí orm. Bhí mé tar éis inseacht don chailín a raibh mé ag siúl amach léi go raibh sé i gceist agam dul ag obair in Éirinn. ‘The people are fun, friendly – you know that already. But their country is brutal. Priests rule. Women have no rights. Nor gays. There’s no NHS, you’ll have to pay if you see the doctor. Lots of rural and urban poverty. Bad roads, shockingly dangerous cars. They’ve got some good young music bands but their television is the worst.’

Rugadh mise in oirthuaisceart na hAlban i 1958 agus tógadh mé im Albanach agus i mo Bhriotanach. Bhí sé éasca a bheith id’ Albanach agus i do Bhriotanach ag an am sin. Mar Albanaigh, sa spórt is tábhachtaí ar domhan, an sacar, bhuail muid na Sasanaigh i 1967, bhuaigh muid an
European Cup i 1967 freisin, an Cup-Winners’ Cup i 1972
agus i 1983 agus ó 1974 ar aghaidh bhí muid ag gach
Corn an Domhain agus gan radharc ar na Sasanaigh.

Mar shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe, bhí mo chuid tuismitheoirí agus an ghlúin a bhain leo an-bhródúil as a ról féin agus ról na Breataine i gcaitheamh an chogaidh agus cuireadh leis an mbród sin tríd an bhfás a tháinig ar an eacnamaíocht sa Bhreatain sna caogaidí agus sna seascaidí.

Bhain dóchas le stát na Breataine, an welfare state a thug isteach an NHS agus a chinntigh caighdeán maith saoil go forleathan. Go cultúrtha freisin, bhí an Bhreatain lárnach go domhanda i nuálaíocht an chultúir agus an cheoil - na Beatles agus Rolling Stones chun cinn fiú ar cheol na Stát Aontaithe. Bhí ITV ag cruthú cláracha drámaíochta, grinn agus siamsaíochta den scoth agus an BBC ag iarraidh cúl a chur lena rialacha dochta aicmeacha agus dul in iomaíocht leo. Ag leibhéal réigiúnach, bhí comhlachtaí ITV mar Grampian, STV, Anglia, Granada ag déanamh forbartha go háitiúil ar léiriúcháin iontacha. Bhí níos lú daoine ag freastal ar sheirbhísí eaglasta agus bhain saoirse smaointeoireachta agus saoirse gnéis le saol nua na seascaidí agus na seachtóidí.

Agus nuair a chuaigh mé a chónaí i nGaillimh i 1984, fuair mé amach go raibh an ceart ag mo chara. Bhí sé ar nós dul siar san am, ar ais tríocha bliana ar a laghad, tír gan infreastruchtúr nó seirbhísí poiblí, tír gan colscaradh ná coiscíní, tír a d’fhreastail en masse gach Domhnach ar an Aifreann, tír le scoileanna faoi thionchar na cléire, táille le n-íoc le do dhochtúir agus carranna ag taisteal san oíche fhliuch dhorcha le solas amháin chun tosaigh agus gan solas ar bith taobh thiar. Ach tír gur aithin mé dáimh le mo thír féin inti, tír gur thit mé i ngrá léi, tír gur thit mé i ngrá inti.

Dh’aithnich iad annadsa an fhèile

nach do reub an cuan,

nach do mhill mìle bliadhna:

buaidh a’ Ghàidheil buan.

D’aithnigh siad ionatsa an fhéile

nár réab an fharraige mhór,

nár mhill míle bliain:

bua an Ghaeil buan.

Úsáidtear na línte filíochta seo go minic chun an ceangal dobhriste idir Gaeil na hAlban agus Gaeil na hÉireann a léiriú. Is línte iad as dán a scríobh mórfhile na Gàidhlige, Somhairle MacGill-Eain, dán álainn i gcuimhne ar a dheartháir, Calum Iain, a d’éag go hóg. Chaith Calum Iain na blianta in Éirinn, go háirithe i gConamara agus thit seisean freisin i ngrá le dúchas agus le daonnacht an phobail ansin. Idir 1942 agus 1945 bhailigh sé béaloideas ón gceantar, go háirithe ó Mhaitiú Mór Ó Tuathail. Duine beag spraíúil, amhránaí freisin, bhí aithne ag muintir Chois Fharraige ar Chalum Iain mar ‘Colm Albanach’.

Agus ar ndóigh, 1400 bliain roimh Cholm Albanach, ba é an Colm eile, Colm Cille, a chinntigh gur scaip teanga, cultúr agus cumhacht na nGael ar an taobh thall de Shruth na Maoile. Chuir na hÉireannaigh feachtas coilíneachais ar bun ar oileán na Breataine a d’úsáid draíocht agus gaois na Críostaíochta Éireannaí chun forlámhas Gael a fháil ar Albanaigh. Baisteadh an tírdhreach le hainmneacha aduaine Gaeilge agus, mar gach fórsa coilíneachta, d’úsáid na Gaeil ainm a dtíre féin, Éire, Fódhla, Banba, Ealg mar shiombail ghabhála agus úinéireachta ar áiteanna tábhachtacha in Albain – Srath Èireann (Strathearn), Athfhòdhla (Atholl), Banba (Banff), Eilginn (Elgin).

Ní gabháil iomlán nó úinéireacht iomlán a bhí ag Éirinn riamh ar Albain. Sa dara céad déag, bhí Gaeilge, Béarla, Breatnais agus Lochlainnis á labhairt go forleathan ag pobail ann agus Fraincis ag cuid de na huaisle. Ach sa mheánaois, a fhad agus a bhí Albain ina tír Chaitliceach, bhí cultúr na nGael ag croí chultúr na hAlban cé gurb é an Béarla a d’úsáid parlaimint na hAlban agus gurb é an Béarla teanga labhartha mhórchuid an phobail.

Agus é ag labhairt leis an bParlaimint Albanach i nDún Éideann i Meitheamh 2016, cúpla lá tar éis vóta an Bhreatimeachta, dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, ‘You might even say that, given our shared and complex history, it has often been difficult to say where the Irish ends and where what is Scottish begins.’ Ansin stop sé a chuid cainte agus, le haoibh an gháire, thosaigh sé arís, ‘Er ... or the other way round.’

Agus is féidir a rá gur thosaigh ‘the other way round’ le Rí Seumas VI na hAlban, mac le Mary Queen of Scots. Baisteadh Seumas ina Chaitliceach ach scar réabhlóid chreidimh an phobail, an Reifirméisean Albanach, óna mháthair é agus tógadh é mar Phrotastúnach. Tháinig sé i gceannas ar na trí Ríochta, Sasana, Éire agus Albain mar an Rí Seumas I i 1603 agus an sprioc shonrach aige oileáin na Breataine a aontú, ‘united... in Language, Religion and similitude of manners’. Agus ó shin ar aghaidh, mar a scríobh an scoláire cáiliúil Gàidhlige, Iain MacAonghais, ‘Linguistically, the Gaels were non-persons’.

Bunaíodh an fhís a bhí ag an Rí Seumas ar cheisteanna maidir le teanga, creideamh agus gnásanna a chonaic sé féin in Albain. Agus é ina Rí ar Albain, tháinig sé ar an tuairim gur bac ar dhul chun cinn na tíre a bhí sa Ghàidhlig agus sna Gaeil. Dar leis ní thiocfadh neart nó aontú as éagsúlacht agus é sásta ‘slauchter, mutilation, fyre-raising, or utheris inconvenieties’ a úsáid chun aontú a chur chun cinn in Albain. Is féidir breathnú ar eachtra na ‘Gentlemen Adventurers of Fife’ in Oileán Leòdhais mar thionscnamh píolótach do Phlandáil Uladh agus gach ar lean sin.

Ach anois sa 21ú haois, dúirt Michael D leis an bParlaimint Albanach, ‘Divisions of creed or allegiance have, to a very great extent, melted away’. Go pearsanta, ní chreidim é. Fós. Bhí an díospóireacht in Albain faoin neamhspleáchas in 2014 go hiomlán balbh faoi shampla na hÉireann mar thír neamhspleách Eorpach. Agus anois in 2021 agus pleanáil ar bun maidir le reifreann eile in Albain mar gheall ar impleachtaí an Bhreatimeachta, ní labhróidh aon duine de na polaiteoirí náisiúnta in Albain faoin ‘border-poll’ atá luaite in Éirinn. Tá ailse an tseicteachais ‘creed & allegiance’ fós beo in Albain agus in Éirinn i bhfoirm Celtic agus Rangers, atá faraor mar an ceangal cultúrtha is mó atá fós beo i ngnáthshaol an phobail ar dhá thaobh Shruth na Maoile ó Ghlaschú go Béal Feirste go Baile Átha Cliath go Corcaigh. Tá an tuiscint ann i Holyrood go mbeidh an ‘border-poll’ in Éirinn mar ‘head-count’ Celtic v Rangers agus ní theastaíonn ó pholaiteoirí náisiúnta sa 21ú haois cath Albanach an neamhspleáchais a throid ar láthair chatha a roghnaigh an Rí Seumas VI.

Go pearsanta, is cúis díomá agus frustrachais dom nach bhfuil ceangail níos láidre ag leibhéal stáit idir Éirinn agus Albain ach, ón dá thaobh, breathnaítear ar Thuaisceart Éireann mar cheantar atá ag feidhmiú mar dhuibheagán agus ní mar dhroichead.

Seo mar a mhínigh cara Albanach liom nuair a phléigh muid é seo le deireanas:

Strengthened by their role as middle-managers of the Empire and then reaffirmed by the social, economic and cultural success of post-war Britain, the Scots have a centuries-long in-bred British feeling of superiority towards the Irish. And the Irish, with a century of building their own, and now highly successful and diverse republic, only rate and respect England, not Scotland.

Ach sa saol seo atá romhainn, tar éis an Bhreatimeachta agus tar éis Covid, an bhfuil an deis againn an caidreamh seo idir Albain agus Éirinn a athshamhlú?

Cinnte, faoi láthair tá cur chuige sóisialta agus geilleagrach an Rialtais in Éirinn níos giorra do mhúnla Copenhagen ná mar atá do mhúnla Cayman an Tíogair Cheiltigh. Tá sampla na dtíortha Lochlannacha mar aisling ag an SNP le fada ón lá, cóimheá idir geilleagar fiontraíoch agus stát le seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán. Ach tugann Breatimeacht Albain síos bóthar difriúil neamhEorpach sinn.

Tá blianta cinniúnacha romhainn, roghanna móra bunreachtúla, eacnamaíocha agus sóisialta a d’fhéadfadh athrú ó bhonn a chur ar an dá thír, iad a cheangal nó iad a scaradh.

Is i dtuiscintí Shomhairle agus Mhichael D a fhaighim dóchas don todhchaí. Beirt fhilí. Dhírigh siad a gcuid smaointe ar dhaonnacht chomhroinnte na ndaoine, ‘creatures who carry multi-layered identities – identities which do not imprison us from new imaginative worlds’ mar a dúirt an tUachtarán. An ceangal is láidre idir Albain agus Éirinn, is sna daoine atá agus a bheas sé. Is sna daoine a mhaireann agus a mhairfidh ‘bua an Ghaeil’ buan.