Lá stairiúil ab ea Déardaoin an 13 Bealtaine 2021…

Lá stairiúil ab ea Déardaoin an 13 Bealtaine 2021…

rollingnews.ie

... is i Alba nan Gall ’s nan Gàidheal is gàire, is blàths, is beatha dhomh Deórsa Mac Iain Dheórsa

Ba lá stairiúil i bpolaitíocht na hAlban é Déardaoin an 13 Bealtaine 2021. I bparlaimint na tíre ag Holyrood, aghaidh leis an phálás ag bun Mìle Rìoghail Dhún Éideann, bhí beirt bhan ag ullmhú le mionn a thabhairt mar fheisirí. Ba iad Kaukab Stewart, ó Pháirtí Náisiúnta na hAlban (SNP) agus Pam Gosel ó Pháirtí Coimeádach na hAlban na chéad mhná de chine daite a bhí tofa mar fheisirí ó athbhunú na parlaiminte i 1999. Dúirt Pam Gosel urnaí i bPuinseáibis. Thug ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Anas Sarwar, a mhionnsan in Araibis, thug Aire an Cheartais, Humza Yousaf, a mhionnsan in Urdúis.

Ag an am céanna, ar thaobh eile na tíre i gceantar an Chéad-Aire Nicola Sturgeon féin, Glaschú Theas, bhí slua mór ag cruinniú ar mhaithe le stad a chur le póilíní de chuid na hOifige Gnóthaí Baile a bhí ag déanamh iarracht beirt náisiúnach de chuid na hIndia a ghabháil. Eid al-Fitr a bhí ann agus bhí teaghlaigh i bPolokshields sa bhaile ag ullmhú don cheiliúradh. Scaip an scéal ar na meáin shóisialta agus go luath bhí na céadta ann ag léiriú a gcuid míshonais. Cé go bhfuil ceartas faoi smacht Holyrood, tá inimirce fós faoi smacht Westminster. Fríd an lá, d’iarr Sturgeon, Sarwar agus Yousaf ar an Oifig Gnóthaí Baile stad a chur leis an ruathar. Faoi dheireadh, ghéill siad agus saoradh an bheirt. ‘If this is Team UK,’ dúirt bratach amháin, ‘we reject it’.

Bhí difear mór idir an lámh láidir a chonacthas i nGlaschú ar an lá sin, seachtain i ndiaidh an toghcháin ina bhfuair an SNP bua don cheathrú huair agus ina bhfuair na páirtithe a thacaíonn leis an neamhspleáchas agus leis an dara reifreann móramh soiléir. Dúirt an tAlbanach Michael Gove i Rialtas Westminster go n-oibreodh siad le Rialtas na hAlban, nach dtabharfadh siad Rialtas na hAlban chun na cúirte le stad a chur leis an dara reifreann agus go raibh cead ag muintir na hAlban an Ríocht Aontaithe a fhágáil más é sin a dtoil. Ach do chuid mhaith daoine, ba é gníomh Rialtas Westminster ar shráideanna Ghlaschú a thug an teachtaireacht ba láidre.

B’fhéidir go bhfuil an scéal sin fréamhaithe in íomhá an fhile Ghaelaí Iain Mac a’ Ghobhainn, a scríobh faoi Albain mar ‘thír na dtrí glórtha’ (‘our three-voiced country’). B’fhéidir chomh maith gur fhág an áit shamhaltach a tugadh do Ghaeilge na hAlban nuair a bunaíodh an pharlaimint arís níos fusa é do mhionlaigh eile féiniúlacht éagsúil a chur in iúl. Ach is mar theanga mhionlaigh – seachas mar theanga náisiúnta – a bhéas polaitíocht na hAlban ag plé le Gaeilge na hAlban. As an 129 feisire a thug mionn ag Holyrood an lá sin, seachtar a thug i nGaeilge na hAlban é. Níl líofacht na teanga ach ag beirt, feisire na nOileán, Alasdair Allan, agus Ceit Fhoirbeis, feisire na Gaeltachta atá ina hAire Airgeadais. I gcomparáid le hÉirinn, an Bhreatain Bheag nó an Chatalóin, is beag an áit atá ag an teanga i ndíospóireacht pholaitiúil na hAlban. Agus in ainneoin an mhéid a tchítear go minic ar na meáin shóisialta, ina mbíonn mionlach de lucht an Aontais ag ionsaí Gaeilge na hAlban mar shiombail an náisiúnachais, bhí comhaontú idir na páirtithe ar pholasaí teanga le blianta fada anuas. Tá Gaeil na hAlban lán chomh scartha ar cheist an neamhspleáchais le muintir na tíre go léir – i reifreann 2014 vótáil na hOileáin Thiar ina aghaidh, vótáil achan ceantar i nGlaschú ar a shon. Ach is cosúil go dtiocfaidh an comhaontú sin faoi bhrú sa pharlaimint nua mar thoradh ar gheallúint i bhforógra an SNP maidir le stádas ar leith a thabhairt do Ghaeilge na hAlban sna ceantair ina bhfuil sí fós mar theanga an phobail.

Da réir na bpobalbhreitheanna, chuaigh tacaíocht don neamhspleáchas in airde anuraidh i lár na paindéime. Agus cúrsaí sláinte poiblí faoi smacht na parlaiminte i nDún Éideann, bhí tionchar díreach ag Holyrood ar bheatha an ghnáthphobail. Bhí na srianta in Albain éagsúil ó Shasana agus go minic, bhí Rialtas na hAlban níos airí, ag cur an dianglasáil i bhfeidhm níos luaithe agus á scaoileadh níos moille. Fuair Nicola Sturgeon moladh pearsanta chomh maith as an mbealach soiléir, nádúrtha inar labhair sí leis an phobal. Anois seasann tacaíocht don neamhspleáchas in Albain ag thart ar 50%.

Mar sin, tá ciall ag an dhá thaobh fanacht go bhfeicfear caidé a tharlóidh sna blianta beaga amach romhainn. Gheall an Chéad-Aire reifreann nuair a bheidh an phaindéim thart ach ní léir i ndáiríre caidé a chiallaíonn sé sin. Tá mórán náisiúnach díograiseach reifreann a rith; is é atá Nicola Sturgeon ag iarraidh ná reifreann a bhuachan. Mar an gcéanna, níor mhaith le Boris Johnson áit a bhaint amach dó féin sna leabhair staire mar phríomh-aire deireanach na Ríochta Aontaithe agus tuigeann Michael Gove gurb é an bealach is fearr len é sin a sheachaint tacaíocht don Aontas a chur i méid seachas iarracht a dhéanamh cosc a chur ar reifreann sna cúirteanna.