Bean Chathrach ag Caoineadh a Mic agus é in Magaluf

Bairbre Ní Ógáin

Imní faoi dhéagóirí, ‘s é dhubh mo chroíse

Fuadaíodh an tsoineantacht is fágadh mé cloíte,

Gan whatsapp, gan téacs faoi dhíon mo thíse

Ach an tsnaidhm seo im’ lár is mé ag caoineadh.

Ag gabháil an bóthar dom tráthnóna

Níor bhuail an fón go meidhreach ná brónach

Do rith sé liom go nglaofainn go glórach

An mbeadh cairde ag fonóid gur ghlaos ar mo stórach?

Do ghlaoigh mé ort is do ghlór níor chualas

Do ghlaoigh mé arís is freagra ní bhfuaireas

Do sheol mé téacs is, a Dhia, cad a fuair mé?

Ach grianghraf díot sa leaba agus ní raibh tú uaigneach.

‘S a leaba shingil slim ina bhfuil mo leanbh

A leaba chaoil bhig, ós tú a leaba

Mo mhallacht ort ’s na mílte mallacht

Ar na géaga fake-tanned atá thart ar mo pheata.

Imní faoi dhéagóirí, ní féidir a shéanadh

Leagann sé úr is críon le chéile

’S a mhaicín mhánla, is tú a bhéas céasta

Má chloisim go raibh tú i gcaidreamh gnéasach.

Bairbre Ní Ógáin

File í Bairbre Ní Ógáin