Marrakesh

Mícheál Ó Ruairc
Marrakesh

Mark Wickham

Gearrscéal nua le Mícheál Ó Ruairc

Bhí slua maith bailithe isteach in Óstán an Droichid Bhig an oíche Shathairn sin.

Bhí Risteard suite ina aonar ar stól ard sa chúinne ag an mbeár, ar an gcuid den chuntar ina mbíodh táillefón agus leabhar eolaí teileafóin tráth. Ina n-áit anois bhí dealbh mharmair de bheirt iománaithe agus iad reoite go síoraí ag léimt san aer ar thóir an tsliotair. Taobh leis an dealbh bhí bosca bailiúcháin de chuid TRÓCAIRE agus scata cártaí poist ó ionaid saoire samhraidh thar lear greamaithe ar an bhfalla.

D’fhéach sé ar a uaireadóir arís. Bhí sé a fiche i ndiaidh a deich san oíche agus bhí sé ann óna sé.

Ní thiocfadh Maitias anois, bhí an méid sin cinnte. Ba í seo an tríú huair as a chéile a raibh sé fágtha ar an trá fholamh aige. É tar éis bualadh le Lorrie, Meiriceánach, an aois chéanna leis féin agus iad i gcaidreamh rúnda lena chéile le ráithe.

Ba chuma sa tsioc le Risteard faoi sin. Ní raibh sé in éad leis. Bhí an Meiriceánach céanna feicthe aige lena shúile cinn agus níor las sí aon splanc thine ann. Meánaosta agus mallghluaiste.

Agus róchainteach.

Leagadh ceapaire liamháis agus cáise tóstáilte os a chomhair amach ar an gcuntar.

Baineadh stangadh as.

Ní raibh an té a bhí fairis feicthe aige san áit riamh cheana.

Spéirbhean.

‘Cad is ainm duit?’ d’fhiafraigh sé di.

‘Davinia.’

‘Dovinia! Ainm neamhghnách. Bandia na torthúlachta. Tá baint aici le Corca Dhuibhne. Nach álainn an t-ainm é. Níl aithne agam ar éinne eile leis an ainm san.’

‘Ná agamsa!’

‘Dovinia ...DoVINia ...tá sé go DIAga ar fad, mar a déarfá!’

‘Davinia,’ ar sise, ag breathnú idir an dá shúil air.

Bhí sí an-álainn ar fad. A cuid gruaige fada ciardhuibhe ceangailte siar aici ionas go bhféadfaí a ceannaithe áille a fheiscint go soiléir.

Bliain is fiche ar a mhéid, mheas sé. Trí oiread ní b’óige ná é féin go díreach.

‘Cad is ainm duit féin?’

‘Risteard.’

‘Ainm deas é sin chomh maith.’

‘Go raibh maith agat, a Dovinia. Bhí a lán ríthe ann a raibh an t-ainm sin orthu.’

‘Is cinnte go raibh, a Risteard.’

‘Ní fhaca anseo cheana thú, a Dovinia?’

Dhein sí teangabháil súl leis arís.

‘Inné mo chéad lá, a Risteard. Táim ag freastal ar an Institiúid Teicneolaíochta anseo sa bhaile mór...’

‘...ach ní ón gceantar seo tú?’

‘Ní hea. As Luimneach dom. Táim ag déanamh cúrsa riaracháin gnó. Tá an jab seo an-oiriúnach dom. Agus an t-airgead, ar ndóigh! Anois, caithfidh mé imeacht. An bhfaighidh mé an bille duit, a Risteard, nó an bhfuil tú ceart go leor go fóill?’

‘Faigh led thoil, a Dovinia. Agus deoch an dorais chomh maith. Beidh orm imeacht sara fada.’

‘Agus mé féin freisin. Críochnaím i gceann leathuair a’ chloig. Céard a bheidh le n-ól agat?’

‘Branda dúbailte, led’ thoil. Is breá liom na fáinní cluaise móra atá á gcaitheamh agat.’

‘Ó, go raibh maith agat, a Risteard. Cheannaigh mé iad an samhradh seo caite nuair a bhí mé féin agus mo . . mo chairde ar ár laethanta saoire i Maracó.’

‘I Maracó! Cén áit i Maracó ina raibh sibh, a Dovinia?’

‘I Marrakesh.’

‘I Marrakesh! Bhíos féin agus mo ...mo . .. chara, Maitias, ar saoire ansin roinnt blianta ó shin. Ar thug sibh cuairt ar Jemaa el-Fnaa, margadh na míol, faid agus a bhí sibh ann?’

Leag sí an tráidire anuas ar an gcuntar taobh leis.

‘A leithéid de chomhtharlúint, a Risteard. Is sa mhargadh sin a cheannaigh Lou ... na fáinní cluaise. Dhein an mangaire sráide gach iarracht a chur ina luí orm go mb’fháinní cluaise óir a bhí iontu ach ...ní dóigh liom é. A leithéid de mhargaíocht is a bhí eadrainn! Fuaireas iad faoi dheireadh ar sheacht gcéad caoga dirham. Anois ní féidir liom gabháil amach gan iad ...bheinnse ... nocht gan iad!’

‘Táid go hálainn ort, a Dovinia.’

‘Go raibh mile, a Risteard. Anois, caithfidh mé brostú. Beidh mé thar n-ais chugat leis an mbranda agus leis an mbille i gceann tamaillín...’

‘...ní gá duit an bille a bhreith thar n-ais chugam, a Dovinia. Is leor tú féin agus an branda!’

Dhein sí meangadh mór gáire leis agus d’imigh.

Ní fhéadfadh sí filleadh tapa go leor dó.

D’ith sé an ceapaire tóstáilte a bhí leathfhuar faoin tráth seo agus bhain súimín as an bpionta Carlsberg, an seachtú ...an t-ochtú ...an naoú ceann ... a bhí ólta aige ó tháinig sé isteach?

Nuair a d’fhill sí thar n-ais i gceann deich nóiméad nó mar sin bhí sé dúnta i ngrá léi.

‘Seo dhuit, a Risteard,’ ar sise ag leagan an bhranda dhúbailte agus an bhille os a chomhair amach ar an gcuntar, ‘ní raibh sé i gceist agam an bille a bhreith liom ach bhuail taom buile éigin ná tuigim mé...’

‘...cailín dána tusa! Caithfidh mé smacht a chur ort, a Dovinia!’

Gháir sí.

D’fhéach sé ar an mbille.

€84-55.

Ní fhéadfadh sé é a chreidiúint. D’fhéach sé ní ba ghéire air. Bhí dearmad déanta aige go raibh branda dúbailte aige nuair a tháinig sé isteach ar dtús agus ...stéig agus sceallóga ...bhí sé imithe chun an diabhail ar fad ...

‘Seo dhuit,’ ar seisean léi, ag síneadh dhá nóta €50 chuici, ‘agus coimeád an tsóinseáil.’

‘Go raibh mile ...míle maith agat, a Risteard,’ ar sise, ‘dála an scéil an mbeidh tú thart amárach?’

‘Níl ...níl ...níl ’fhios agam, a Dovinia. D’fhéadfainn...’

‘...beidh beárbaiciú ar siúl amuigh sa ghairdín beorach um thráthnóna. Lá breithe an chócaire de réir dealraimh. Beidh mise anseo cé go bhfuil lá saor agam amárach. Beidh mé féin agus ...roinnt dem chairde ag filleadh ar m’árasán ag a naoi nó mar sin lenár mbuidéil agus ár sé-phacaí. Beidh oíche go maidin againn! Tá fáilte romhat teacht inár dteannta, a Risteard. Ach ní mór duit buidéal branda nó dhó a bhreith leat! Oíche go maidin. Tá’s agat féin!’

Bhí sise titithe i ngrá leis ar an dóigh chéanna.

Cé a chreidfeadh é? Bhí an bheirt acu splanctha i ndiaidh a chéile!

‘Ba bhreá liom, a Dovinia. Beadsa anseo roimh a seacht siúráilte. Ach táimse ró-shean chun dul níos faide ná an áit seo.’

‘Á, fuist! Níl a leithéid de rud agus sean ann a thuilleadh.’

Amuigh ar thaobh na sráide ní ba dhéanaí, chuaigh sé dian air a dheimhniú cá raibh sé. Nuair a bhí a chúrsa socair aige thosnaigh sé ag coisíocht abhaile go tomhaiste. Eagla air go dtitfeadh sé i ndiaidh a chinn ar an gcosán míchothrom mar a tharla dó cúpla uair cheana le bliain anuas.

Bhí an inchinn sa leathcheann aige.

D’fhéach sé ar a uaireadóir. A deich tar éis na meánoíche! Íosa Críost is a Mhuire Mháthair Dé na Glóire!

Bhuail taom obann aithreachais é.

Bhí sé cinnte go bhfaigheadh sé íde na muc is na madraí ó Threasa. É geallta aige go mbeadh sé thar n-ais abhaile in am don Nuacht ag a naoi.

Bheadh sí imníoch agus míshona agus curtha thar bharr a céille aige.

Thuig sé an méid sin. Thuig sé dá mbeadh an tsláinte go maith aici agus lúth na gcos aici go mbeadh sí imithe uaidh le fada. É geallta aige go n-éireodh sé as an ól agus go bhfanfadh sé istigh léi istoíche nuair ná beadh a deirfiúr ag fanacht leo.

Ní raibh an doras ach díreach druidte aige nuair a rug a guth greim an fhir bháite air.

‘Cá rabhais go dtí an t-am seo den oíche, in ainm an Tiarna? Féach an cruth atá ort! Nach bhfuil náire ar bith ort?’

An guth ag teacht chuige ón seomra codlata thuas staighre. Í socraithe isteach don oíche, a spéaclaí léitheoireachta uirthi agus úrscéal éigin de chuid Maeve Binchy á athléamh aici. Nó ceann nua le Danielle Steel.

Gan ar a cumas é a fheiscint ach fios maith aici go raibh an braon faoin bhfiacail aige.

Agus an tuin mhilleánach chun tosaigh.

Iad róchleachtaithe ar nósanna a chéile.

‘Beadsa ...beadsa suas ch ...chugat ar ...ar ball, a ...a Thr ...Threasa.’

Tost.

Tost a bhí i bhfad Éireann ní ba sceirdiúla ná plimp thoirní dá scéiniúla í.

Isteach leis go dtí an seomra suite, a shanctóir, chun an mheisce a bhaint de.

Thit sé isteach sa tolg bréagleathair sa chúinne.

Chuirfeadh sé an teilifíseán ar siúl agus ligfeadh sé air go raibh sé ag breathnú ar scannán éigin ar feadh tamaillín.

Rug sé greim ar an gcianrialtán. É ar tí an gléas a mhúscailt as a shuan nuair a tharraing an pictiúr den lánúin óg ar an bhfalla a aird.

Beirt ar mhí na meala. Iad ina seasamh le chéile i lár an mhargaidh i Jemaa el-Fnaa i Marrakesh. Gruaig fhada fhionn ar an bhfear mar aon le croiméal faiseanta agus a cuid gruaige fada ciardhuibhe ceangailte siar ag an mbean ionas go bhféadfaí a ceannaithe áille snoite a fheiscint go soiléir. Péire fáinní cluaise móra á gcaitheamh aici.

An bheirt agus straoiseanna go bun na gcluas orthu don ghrianghrafadóir sráide.

‘Céard a choinnigh chomh déanach san tú?’

An guth géar milleánach á dhúiseacht as a thámhnéal meisce.

Treasa ina seasamh ag an doras, ag ligint a taca lena maide croise.

‘’Bhfuil fhios agat cén t-am é?’

Dhírigh sé é féin ar an tolg agus d’fhéach ar a uaireadóir.

Ceathrú tar éis a haon.

‘Nach bhfuil náire ar bith ort a bheith sa riocht ina bhfuil tú? Ísligh an diabhal teilifíseán sin, in ainm Dé! Cé a bhí leat?’

Mhúch sé é.

‘Maitias cé eile? Bhí sé leathbhogtha nuair a chuas isteach san áit agus bhí sé ólta roimh dheireadh na hoíche. Deir sé go bhfuil sé chun scarúint óna bhean. D’fhágas i mo dhiaidh é agus é fós ag taoscadh na gcárt.’

Nuair a labhair sí bhí boige éigin ina guth.

‘Nach mór an pótaire é! N’fheadar conas a chuireann Neans bhocht suas leis.’

‘Bhuel, tá an chuma ar an scéal nach mbeidh uirthi cur suas leis ar feadh i bhfad eile. Dúirt sé liom faoi rún go bhfuil bean eile ar adhastar aige. Meiriceánach. Dúirt sé go n-inseodh sé an scéal ar fad dom tráthnóna amárach. Ach ná habair é sin le héinne beo, a Threasa, nó beadsa i dtrioblóid.’

‘Ní osclóidh mise mo bhéal. Nílimse béalscaoilte agus is maith a thuigeann tusa é sin. Ná habair go mbeidh tú ag dul ann tráthnóna amárach? Beadsa fágtha i m’aonar anseo sa tigh arís.’

‘Teastaíonn uaidh labhairt liom. Beidh beárbaiciú ar siúl lasmuigh. Fuair an bheirt againn cuireadh. . .’

‘...ní nach ionadh leis an méid airgid a fhágann sibh san áit. N’fheadar conas a chuirimse suas leat. Tá tú gach pioc chomh dona le Maitias anois ...‘

Chroith sí a ceann go gruama.

‘Tá tú imithe chun donais le mí nó dhó anuas. Agus mise fágtha sa stáblán tí seo ó cheann ceann na seachtaine gan bogadh lasmuigh den doras.’

‘Raghaimid ...raghaimid go Cill Cainnigh don deireadh seachtaine ...an mhí seo chugainn, a Threasa. Táimse...’

‘...téir a luí duit féin, in ainm Dé.’

‘Fan liom agus cabhróidh mé leat ag dul suas an staighre.’

D’fhéach sí air le drochmheas.

‘Bailigh leat suas romham agus déanfaidh mé mo bhealach féin suas i do dhiaidh. Tógfaidh sé tamall orm ach ar a laghad ní scoiltfidh mé mo chloigeann agus tusa ag cabhrú liom leis an gcruth atá ort.’

Nuair a shroich an t-óstán ag a leath i ndiaidh a sé d’fhéadfadh sé boladh an bhia fhriochta a fháil ón ngairdín beorach os comhair an óstáin agus é soiléir go raibh slua maith daoine bailithe ann cheana féin.

Isteach sa bheár leis agus d’ordaigh branda dúbailte.

Bhí duine éigin suite ar a stól ard sa chúinne ag an mbeár. Bhain sé stangadh obann as go bhféadfadh sé a bheith ag smaoineamh mar sin. ‘Ar a stól ard’. Amhail is go mba leis féin é. Amhail is go raibh úinéireacht aige ar an diabhal rud. Canathaobh go mothódh sé mar sin?

Tráth dá raibh chuirfeadh a leithéid de smaoineamh múisc air. Ach ó tháing airtríteas ar Threasa trí bliana roimhe sin, thosnaigh sé ag luí leis an ól.

D’ordaigh pionta Carlsberg agus amach leis. Bhí an tráthnóna go hálainn. Trasna an chlóis leis go dtí an gairdín beorach ina raibh fuarán mór ina lár. Bhí scata maith daoine bailithe ann. Burgairí, ispíní agus brollaigh sicín á bhfriochadh ar an mbeárbaiciú. Bhí go boladh go hálainn.

Fuair sé pláta agus líon suas leis an mbia blasta é.

D’fhéach timpeall féachaint an raibh Dovinia in aon áit.

Ní fhéadfadh sé í a fheiscint ar dtús ach ansan thug sé faoi deara beirt thíos ag bun an ghairdín ina seasamh faoin gcrann fuinseoige. Bhíodar druidte amach ón ngrúpa daoine óga a bhí suite ar chathaoireacha plaisteacha achar gairid uathu.

Ba ar éigean a d’aithin sé í.

Bhí a cuid gruaige ligthe síos aici agus ní raibh na fáinní cluaise móra á gcaitheamh aici. Bhí stócach caol ard le dlúthbhearradh gruaige ina sheasamh os a comhair amach agus bhí sé soiléir ó bheith ag breathnú orthu go raibh argóint ar siúl eatarthu. Bhí a méar á díriú ina threo aici agus cuma na feirge uirthi. Bhí sé siúd ag iarraidh a lámh a chur timpeall uirthi.

Bhí an grúpa daoine óga beag beann orthu, iad ag ól agus ag déanamh suilt.

Gan choinne, thug sí a cúl leis agus thosnaigh ag déanamh a bealaigh amach as an ngairdín. Bhí a ceann cromtha aici agus an chuma uirthi go raibh sí trína chéile. Thosnaigh an stócach á leanúint ach ansan chas timpeall go tobann agus chuaigh isteach sa ghrúpa taobh leis.

Leag Risteard a ghloine agus a phláta bia anuas ar bhord agus chuaigh ina treo.

Nuair a bhí sí ag gabháil thairis bhuail sé bleid uirthi.

‘Canathaobh go bhfuilir trína chéile, a Dovinia? An féidir liom cabhrú leat?’

Baineadh geit aisti. D’ardaigh sí a ceann agus d’fhéach air. Bhí na deora lena súile. Bhí sé soiléir nár aithin sí é ar an gcéad fhéachaint. Chroith sí a ceann go cráite.

‘Íosa Críost, is DAvinia m’ainm! DA-vin-ia. An bodhar nó dúr atá tú? Lig dom, in ainm Dé. Nílim in ann déileáil leat ag an bpointe seo agus...’

‘...brón orm, a Davinia, ní rabhas ach ag...’

‘...á, bailigh leat agus bíodh ciall agat! Táimse ...táimse...’

Agus bhí sí imithe.

D’fhan mar a raibh aige go dtí go raibh a ghloine folmhaithe agus an pláta glanta aige. Chuaigh thar n-ais isteach sa bheár ansan.

Ar ámharaí an tsaoil, bhí a stól ard saor arís agus shuigh sé air. D’ordaigh pionta eile agus dhein machnamh ar a raibh tarlaithe amuigh sa ghairdín.

Nuair a d’fhéach sí air bhí sé soiléir nár theastaigh uaithi baint ná páirt a bheith aici leis.

Dá bhuíochas, tháinig cuimhne na saoire a bhí aige féin agus Treasa i Marrakesh isteach ina aigne. Mar ar shantaigh sí na fáinní cluaise móra a bhí ar díol sa mhargadh sráide i Jemaa el-Fnaa. Agus mar ar cheannaigh sé di iad. Agus mar a d’athraigh siad a dreach agus a cruth. Agus an gliondar a bhí orthu a bheith lena chéile ar mhí na meala in áit chomh hálainn agus chomh coimhthíoch mar í.

Ba ansan a smaoinigh sé gur chaith Treasa amach iad anuraidh nuair a bhí glantachán earraigh ar siúl aici agus nuair a cuireadh en suite lena seomra codlata. Cé go ndúradh leis iad a chaitheamh isteach sa bhosca bruscair, chuir sé isteach sa chóifrín sa seid adhmaid ag bun an ghairdín iad.

Agus é ar a bhealach abhaile i bhfad ní ba dhéanaí, stop sé agus é ag labhairt leis féin os ard. Dhein sé cinneadh dul isteach sa seid adhmaid agus na fáinni cluaise a thógaint amach as an gcóifrín ar éirí dó an mhaidin dár gcionn.

Tháinig tocht air. Thosnaigh sé ar ballchrith agus chaoin sé uisce a chinn agus é ansan ina dhealbh ar thaobh na sráide.

Dhéanfadh sé tréaniarracht a chur ina luí uirthi go mba chóir dóibh filleadh ar Marrakesh chun daichead bliain a bpósta a cheiliúradh ní ba dhéanaí sa bhliain. Thaispeánfadh sé na fáinní cluaise di a cheannaigh sé di agus a bhronn sé uirthi an lá breá grianmhar úd sa mhargadh sráide i Jemaa el-Fnaa nuair a bhíodar i mbláth na hóige agus splanctha i ndiaidh a chéile.

Bhog ar aghaidh go mall, bacach, meisciúil. Thug sé léasadh teanga dó féin. Bheadh air deireadh a chur leis na bréaga agus leis an gcur i gcéill. Bheadh air é féin a iompar mar ba chóir d’fhear dá aois é féin a iompar.

D’fhéach ar a uaireadóir. Nach mór a leath i ndiaidh a haon ar maidin.

Íosa Críost!

Bhí na soilse go léir múchta thíos staighre.

Bheadh sí imithe a luí ach ní bheadh sí titithe ina codladh fós.

Bheadh sí ag léamh agus ag fanacht go foighneach leis. Chloisfeadh sí é a luaithe is a raghadh sé thar thairseach an tí.

Dhírigh sé é féin chomh maith
agus a d’fhéadfadh agus thug aghaidh
ar an doras.

Fiacha an ghrá.

Níorbh fhéidir iad a sheachaint nó a chur ar an méar fhada go deo.

Luath nó mall chaithfí iad a íoc.

Mícheál Ó Ruairc

Údar agus file é Micheál Ó Ruairc