Seachain Kool-Aid na teicneolaíochta  

Seachain Kool-Aid na teicneolaíochta  

markwickham.org

Maidir le Réabhlóid na Faisnéise, is fiú smaoineamh go dtagann idir mhaith agus olc ó réabhlóidí, a deir Conn Ó Muíneacháin

Casadh seanchara orm de sheans lá in 2005. Bhí sé ina mheantóir agam nuair a thosnaíos ag obair sna stáisiúin raidió áitiúla sna nóchaidí. Bhí seisean ina cheannasaí ar cheann de na stáisiúin nua chontae, a fuair ceadúnas craolta ón gCoimisiún Raidió agus Teilifíse. Do chuireas-sa téip shamplach chuige ag lorg poist. Ní raibh folúntas aige ag an am, ach thug sé an téip do stáisiún eile a ghlac liom. D’fhostaigh sé féin mé an bhliain dár gcionn.

Is iomaí cor sa tsaol ag an mbeirt againn ó shin. Ní minic a chastar ar a chéile sinn. Bímid ag rá gur chóir dúinn coinne ceart a dhéanamh; is annamh a éiríonn linn. Ach nuair a bhuailim leis ar an tsráid, bíonn comhrá maith againn.

An lá sin in 2005, bhí mise ar lasadh le díograis faoin dteicneolaíocht. Is leis an ríomhaireacht a bhí mo shlí bheatha faoin am sin agus bhí gluaiseachtaí réabhlóideacha, dar liom, ag corraí ar an idirlíon: an bhlagadóireacht agus an phodchraoltóireacht, agus bogearraí a chuirfeadh ar chumas an duine ‘síntiús’ a ghlacadh le foilseachán leictreonach. Bhí an chéad chéim tógtha ag na meáin shóisialta, mar a thugtar anois orthu.

Bhíomar ar thairseach Ré Úr na Cumarsáide, arsa mise leis go lándáiríre. Feasta, ní bheifí ag brath ar eagarthóirí ná ar fhoilsitheoirí chun togha agus rogha na gclár agus na nuachta a chur os comhair an phobail. Ní hiad na scríbhneoirí lán-aimseartha amháin a bheadh i mbun pinn. Agus ní bheadh ar aon duine cloí le hamchlár na craoltóireachta. D’fhéadfá féachaint ar do rogha rud, am ar bith go mba mhian leat.

Bhí uafás ar mo sheanchara. Baineann sé leis an seantraidisiún. Fuair sé a thaithí in RTÉ sular thug sé faoin earnáil neamhspleách.

Cé atá i gceannas air seo? a d’fhiafraigh sé. Cá bhfuil an smacht eagarthóireachta? An amhlaidh go ligtear do dhuine ar bith a rogha rud a rá? Conas is féidir caighdeán na hiriseoireachta a chinntiú? Cad faoin bhfírinne?

D’fhreagair mise é, mar a dhéanfadh deisceabal tiomanta ag soiscéal na teicneolaíochta. Bhí an córas seo á rialú ag fórsaí an mhargaidh oscailte. Bhí cumas féincheartaithe ann. Thiocfadh an t-ábhar is fearr ar bharr na taoide.

Bhíos faoi dhraíocht ag na manaí an t-am sin. Bhíos faoi gheasa ag glór na síréanaí ó Ghleann an tSileacain: ‚Gaois an‘ tSlua‘, ‚An tEireaball Fada‘, Wikipedia agus Aithisc TED.

Bhí an Kool-Aid slogtha agam.

Anois a chítear an toradh atá ar réabhlóid na cumarsáide dar gaireadh ‘Web 2.0’.

Bhí dul amú orm.

Nuair atá saoirse iomlán na foilsitheoireachta ag gach duine, agus gach duine in ann a rogha phearsanta a dhéanamh ar an ábhar atá foilsithe, is léir go roghnaíonn roinnt mhaith daoine an t-ábhar is ansa leo féin, an t-ábhar a luíonn leis an dearcadh saoil atá acu - beag beann ar fhírinne, ar chothromaíocht ná ar cheart.

As an bhfearann saor agus oscailte a bhí ann ag tús an chéid, d’éirigh ollchomhlachtaí na meán sóisialta. Tá na billiúin dollar á saothrú acu ó chliceanna na ndaoine. Leanann na sluaite an nuacht is deise leo féin. Leanann na dollair na sluaite.

’Sé an dóchas a bhí agam i dtaobh fhorbairt na meán sóisialta go ndéanfaí freastal níos fearr ar an éagsúlacht agus ar an imeall. An tImeall a bhí mar theideal ar an mblag agus ar an bpodchraoladh a bhunaíos in 2004.

Creidim gurb í mórchumhacht an Idirlín ná go ndéanann sé neamhní den spás a scarann na daoine.

I gcás na Gaeilge, tá scarúint agus scaipeadh na nGael ar na constaicí is mó atá le sárú againn mar phobal. Táimid ar maos i mórchultúr an Bhéarla atá mórthimpeall orainn. Ar nós go leor eile, a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den nGaeltacht, bhí pobal Gaeilge an Idirlín ina thaca mór agam i gcaitheamh na mblianta.

Cabhraíonn na líonraí sóisialta le spiorad na bpobal a spreagadh i slite eile: leis na healaíona agus leis an spórt, le heagrais charthanachta agus le bailiúcháin airgid. Agus tá tábhacht na teagmhála, le cabhair na teicneolaíochta, léirithe go sonrach le linn na géarchéime Covid-19.

Ach léiríonn cás na paindéime malairt poirt an idirlín chomh maith. Tá bréagscéalta (nó ‘fíricí malartacha’) dá scaipeadh i gcónaí, faoin aicíd agus cad as ar tháinig sí, faoi na vacsaíní, faoin dianghlasáil, agus faoi chomhchealga diamhra.

I bpobalbhreith a rinne an eagraíocht raidió poiblí NPR i mí na Nollag, dúirt 17% de mhuintir na Stát Aontaithe gur chreid siad teoiric na comhcheilge a bhí cothaithe ag an ngluaiseacht QAnon. ’Sé sin: go bhfuil rialtas na tíre sin á stiúradh faoi rún ag buíon péidifileach a thugann adhradh don diabhal agus atá i gceannas an Pháirtí Daonlathaigh. Níl focal fírinne ann.

Is beag duine nach n-aontódh go bhfuil go leor le moladh maidir le Réabhlóid na Faisnéise. Ach is fiú smaoineamh go dtagann idir mhaith agus olc ó réabhlóidí. Ní shéantar buntáistí na Réabhlóide Tionsclaíche ach ní chun leas na n-oibrithe ná leas na timpeallachta gach rud a tharla dá deasca. Go háirithe nuair atá an teicneolaíocht i gceist, tarlaíonn athruithe móra go tapaidh sa tsaol. Leanann an reachtaíocht agus an rialachán go mall ina ndiaidh.

Rinneadh slad ar chórais faisnéise an HSE i mí na Bealtaine, agus ní fios fós cén costas a bheidh ar an ionsaí: an costas airgid agus costas an tsláinte a cuireadh i mbaol. Tá buntáistí na teicneolaíochta sonraithe go maith, ach nílimid, mar shochaí, go maith ag áireamh an chostais.

Ní rabhas-sa ag áireamh an chostais an lá sin in 2005. Ach bhí ceann críonna ar mo sheanchara. Tá i gcónaí. Tá sé thar am agam coinne caife a dhéanamh leis.

- Tá an t-údar in a chlár-reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is í a thuairim phearsanta amháin atá san alt seo.