Dearmad

Áine Durkin

Bhí drochghiúmar ar an mbeach. Bhí sí ag buzzáil thart ó mhaidin, bhí sí tuirseach, agus bhí an teas millteanach dá crá. Mar bharr ar an donas, bhí tart uirthi, ach ní raibh dé ná deatach ar aon bholgam uisce, in aon áit thíos fúithi. Bhí am ann agus d’fhágadh daoine lán sásair d’uisce ar chúl a gcuid tithe dá leithéidí féin agus do na héin, go háirithe nuair a bhíodh triomach an tsamhraidh ann, ach ní fhaca sí aon mhias dá sórt, le fada an lá.

Go deimhin, fiú dá n-aimseodh sí braoinín uisce lena tart a mhúchadh, bhí sí chomh traochta sin go raibh faitíos uirthi dá stopfadh sí nach mbeadh sí in ann éirí arís. Choinnigh sí uirthi sa tóir ar bhláthanna, sa tóir ar neachtar.

Bhí beacha na coirceoige ag brath ar threoir ón mbeach oibre, nó ‘An Scabhta’ mar ab fhearr aithne uirthi sa gcoirceog. Ní ba luaithe an mhaidin sin, is cinnte dearfa a bhí An Scabhta faoina cuid eolais - a tóin á croitheadh aici, a sciatháin ag gaothraíl, a cuid geáitsíochta ag cur in iúl do na beacha uilig sa gcoirceog go raibh neart bláthanna le fáil sna garraithe beaga taobh thoir den bhealach mór. Cá raibh na bláthanna sin a chonaic An Scabhta? Ní raibh an bheach bhocht tuirseach in ann ciall ná réasún a dhéanamh den scéal, ach bhí a fhios aici an méid seo, ní raibh bláth le feiceáil ná le fáil in aon áit a mhol An Scabhta.

Bhí na treoracha a fuair sí an mhaidin sin léite go maith ag an mbeach. Timpeall agus timpeall an bhealaigh mhóir a chuaigh sí, ach diabhal bláth a bhí le feiceáil in aon gharraí, ná fiú ar thaobh an bhóthair, áit a mbíodh neart bláthanna ag fás, tráth den saol. Bhí neart tithe nua tógtha timpeall na háite, le garraithe beaga deasa, ach cá raibh na bláthanna?

Bhí díomá uirthi. Bhí a comhghleacaithe i gCoirceog na mBeach ag brath go hiomlán uirthi. Theastaigh neachtar uathu. Bhí mil le déanamh acu. Bhí leanaí larbhaí le cothú acu. Bhí bia ag teastáil uathu fhéin, nó ní mhairfeadh siad; gan trácht ar a mBanríon uasal, a bhí ag brath orthu uilig.

Mhothaigh an bheach ualach a cuid dualgas ag cur go mór le meáchan a tuirse. Fós, choinnigh sí uirthi i mbun tóraíochta; taobh na trá, taobh an bhóthair, sna garraithe. Lean sí na treoracha a thug An Scabhta di, ach ba chuma. Níor éirigh léi oiread is bláth amháin a aimsiú.

Bhí na fir oibre ón gcomhairle contae ag obair ó mhaidin go faoithin, ag bearradh féir agus ag bearradh fál fud fad na háite. Bhí na fir agus mná tí ina suí go sona ar chúl a gcuid tithe nua, breá sásta lena bplásóga loma lomtha.

Níor thug éinne acu faoi deara an bheach bhocht ag titim chun talún.