A rogha

Dán le Claire Lyons


Réab an ghaoth stoirmeach an duilliúr de mo chrann
Ina deasghnáth séasúrach de bhás is beatha

Dhamhsaigh na duilleoga saor ina roithleán mire
Ag dathú na spéire le fallaing an fhómhair.

Shoilsigh an solas lag
iar-stoirme ar dhuilleog amháin
a bhí fágtha ard sna géaga

ag fiodrince thall is abhus
ach a dhiúltaigh a greim a scaoileadh.

D’imigh an lá agus tháinig an mhaidin
Choinnigh sí teann.

Ba dhuilleog righin í mo dhuilleog bheag bhuí
Duilleog a chuirfeadh cor ina cinniúint féinig
Duilleog a roghnódh a nóiméad féin le titim den mháthair.

Mall san iarnóin gan puth gaoithe ann
Scaoil sí a greim go tobann
Ag válsáil go caoin ciúin go talamh.