Bailiú na bPuiteachaí

Aedín Ní Thiarnaigh
Bailiú na bPuiteachaí
Tráthnónta fómhair agus an t-oileán ciúnaithe,
Sluaite an tsamhraidh imithe leo,
Seilbh againn féin ar na creaga an athuair,
Amach linn sa bhrisce,
Ag bailiú puiteachaí.

Cnagann buicéid ar na glúine agus sin ag siúl na mbóithre,
Ár súile ag faire don taisce is blasta
An paiste maith é sin?
Ní hea, coinneoimid orainn
Go dtí go stopfar - an áit fhoirfe aimsithe.

Na driseachaí ag lúbadh faoi ualach na sméar,
Muid á bpiocadh go díocasach, lúcháireach, dúthrachtach;
Ceann don bhuicéad, ceann don bhainteoir,
Is blasta an saothar;
Sú corcra ag smálú ár mbéil.

Ach obair chrua í, de sin bí cinnte,
Ár gcraiceann scríobtha dóite
Ag dealga is neantóga,
Mar a líontar buicéid is boilg go mall ach go seasta,
Baintear asainn rabhcán eascainí.

Is cuma ciallmhar nó cliste an chomhairle,
Seachain! Tabhair aire! Ná tit!
’Gus muid faoi gheasa na bpuiteachaí
Níl smacht ar an gcathú,
Mar sin, a Dhiabhail!, Owwww! agus Eeek!


Téitear sa tseans,
Muid dár gcéasadh is dár stracadh,
Ag dreapadh na faille is ag síneadh ar forbhás,
Ag dul i bpriacal ár n-anama do na torthaí is airde;
An sméar mhullaigh i gcónaí is géarbhlasta.

Ach nuair a ghlantar na scríoba
Is nuair a bhaintear scealpóga,
Sceartáin, dealga sceiche ’gus eile
Nach muid atá bródúil as an meall mór atá bailithe;
Torthaí uaisle, oileánda - na puiteachaí.

Aedín Ní Thiarnaigh

Is scríbhneoir agus file í Aedín Ní Thiarnaigh