Údar dóchais

Póilín Ní Chiaráin
Údar dóchais

Tá sé glan soiléir go bhfuil an tacaíocht don Ghaeilge méadaithe go mór sa Tuaisceart, a deir Póilín Ní Chiaráin

Údar dóchais é an borradh faoin nGaeilge i dTuaisceart Éireann. Tá eolas ar an teanga méadaithe i gceantar na teorann agus i mBéal Feirste, beagnach duine as gach ochtar ag rá go bhfuil cumas éigin inti acu. Fás suntasach is ea é sin in áit ina bhfuil naimhdeas follasach don teanga.

De réir an staidrimh ó dhaonáireamh na bliana anuraidh, a foilsíodh le gairid, bhí eolas ar an nGaeilge ag 228,000 duine as 1.9 milliún. Sin 12.4%, méadú 44,000 ó 2011. As an líon sin bhí gar do thrian, 71,900, in ann í a léamh, a thuiscint, a scríobh agus a labhairt. Ina theannta sin ba í an Ghaeilge a bpríomhtheanga ag 6,000 duine, méadú 1,800 le deich mbliana anuas.

Is i gceantar Chomhairle Lár Uladh is mó atá bláth faoin nGaeilge, duine as cúigear (20.4%) ag rá go raibh sí acu. Tá ceantar teorann eile sa dara háit, an tIúr, Múrna agus an Dún ag 18.6%; Fear Manach agus an Ómaigh sna sála air le 17.8% agus Doire ’s an Srath Bán le 15.9%. Seachas ceantair na teorann ’sí cathair Bhéal Feirste is airde úsáid, le 15.5%, nó beagnach 50,000 agus astu siúd tá 3,000 a dúirt gurb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga.

Cuireadh ceist san daonáireamh faoi cé chomh minic is a d’úsáid daoine an Ghaeilge ach níor foilsíodh freagraí na ceiste sin go fóill. Ba cheart go dtabharfadh staidreamh faoin mhinicíocht léargas níos cruinne ar staid na teanga ná mar a thugann ‘féindearbhú’ faoi chumas.

Tá sé glan soiléir áfach go bhfuil dúil sa teanga agus tacaíocht di méadaithe go mór d’ainneoin na moille ar straitéis agus ar an reachtaíocht – nó mar gheall orthu is dóichí. Is cinnte gur ghríos naimhdeas na n-aontachtach, agus oilbhéas ó chuid acu, daoine chun suim a chur i gcearta teanga do Ghaeilgeoirí. As sin mhéadaigh bá leis an bhfeachtas.

Is mór idir stádas na Gaeilge i measc neamh-aontachtaithe anois agus an scéal breis is leathchéad bliain ó shin nuair a bunaíodh an Ghaeltacht uirbeach ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste. Ba chosúil go raibh an dream beag dúthrachtach a tháinig le chéile i gCumann Chluain Aird ag snámh in aghaidh easa nuair a chuir siad rompu pobal gaeltachta a bhunú agus a chothú beag beann ar an doicheall oifigiúil. Ba iad ceannródaithe na gaelscolaíochta iad abhus fiú nuair a bhí an stát ag bagairt dlí orthu dá barr. A bhuíochas don éacht a rinne siadsan tá na glúine a lean iad ar tí stádas oifigiúil don Ghaeilge a bhaint amach má ritear an reachtaíocht atá faoi chaibidil in Westminster. Cuirfidh sé sin borradh sa bhreis faoi fhás na teanga dar leis An Dream Dearg a bheidh ag iarraidh tógáil ar a bhfuil sa Bhille Féiniúlachta & Teangacha.

Chuir siad fáilte roimh an scéala go raibh líon na ndaoine le Gaeilge ardaithe arís san cheathrú daonáireamh as a chéile. I 1991 a cuireadh ceist den chéad uair san daonáireamh faoi chumas sa Ghaeilge. An uair sin dúirt 9.45% den phobal, 142,000 duine, go raibh cumas éigin sa teanga acu. In 2001 bhí méadú ar an líon sin go 167,000 agus arís in 2011 go dtí 183,000. Sin méadú 60% ó 1991.

Is léir go bhfuil baint ag fás na gaelscolaíochta chomh maith leis an abhcóidíocht le treisiú na teanga. Beidh Comhairle na Gaelscolaíochta, Conradh na Gaeilge, An Dream Dearg agus páirtithe polaitiúla ag baint leas as torthaí an daonáirimh chun tacú lena n-éilimh ar a thuilleadh seirbhísí. Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, atá nuacheaptha mar chomhairleoir pleanála teanga d’iarthar Bhéal Feirste, go bhfuil beocht agus spleodar i ngluaiseacht na hathbheochana agus forbairt go leor tuillte ag an bpobal. Caithfear tógáil ar an ngaisce a rinneadh le leathchéad bliain, a dúirt sé; tabharfaidh an reachtaíocht nua maille le torthaí an daonáirimh uchtach do dhaoine dar leis chun cur leis an infreastruchtúr agus cearta teanga a dhaingniú.

Tá a thuilleadh maoinithe á éileamh ag Comhairle na Gaelscolaíochta don earnáil, iadsan deimhin de gur sna ceantair ina bhfuil gaelscolaíocht ar fáil is mó atá borradh faoi úsáid na teanga. Ta ganntanas meánscoileanna ag goilliúint go mór ar fhorbairt an oideachais trí Ghaeilge. Buille trom do dhaltaí a fhágann an bhunscoil lán-Ghaelach is ea easpa soláthair dara leibhéal. Riachtanas is ea an soláthar meánscolaíochta a fheabhsú go mór agus ní bheadh sé áiféiseach institiúid tríú leibhéal nó seirbhís níos cuimsithí in ollscoil (Coláiste Mhic Aoidh, seans) a éileamh.

Teastaíonn ón Dream Dearg go mbeadh an Ghaeilge feiceálach abhus agus méadófar ar na héilimh ar chomharthaíocht bhóthair i measc rudaí eile. Thug an Dochtúir Padaí Ó Tiarnaigh nod faoin gcúrsa cinn. Cur chuige straitéiseach fadtéarmach atá uaidh, maoiniú cuí agus tacaíocht mar is ceart don ghaeloideachas chun stádas na teanga a dhaingniú agus a neartú. Dá ndeinfí na beartais is gá, ar sé, bheadh méadú mór ar líon na nGaeilgeoirí sa chéad daonáireamh eile in 2031.

Fiú agus feidhmiú na reachtaíochta atá ar na bacáin san áireamh ní haon ribín réidh a bheidh ann na mianta sin ar fad a bhaint amach. Mar is léir ón deisceart ní leor reachtaíocht aisti féin. Tá dul chun cinn suntasach déanta abhus gan an reachtaíocht ach is baolach go mbeadh cogadh in aghaidh an lae ann chun aidhmeanna uaillmhianacha a bhaint amach.

Léirigh an daonáireamh gurb í an Pholainnis an dara teanga is mó úsáid i ndiaidh an Bhéarla. Ní nach ionadh mhaígh roinnt díobh sin atá in aghaidh cearta Gaeilge gur mó an tacaíocht atá dlite do lucht labhartha na Polainnise, 20,000 acu, ná atá do Ghaeilgeoirí. Ní mian leo -roinnt polaiteoirí ó na páirtithe aontachtacha ar fad ina measc - aitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar mhionteanga dhúchasach. Thiocfadh an t-aitheantas sin salach ar a bhféiniúlacht aontachtach dar leo. Ní de sheans a tharla sé gur sna contaetha cois teorann agus in iarthar Bhéal Feirste is mó a bhí fás na Gaeilge le sonrú. Bhí na céatadáin íseal sna ceantair ina bhfuil móramh mór ag polaiteoirí aontachtacha agus greim docht acu ar sholáthar seirbhísí.

Ní gá an déad feasa a bheith agat chun a thuar gur iomaí briatharchath a throidfear faoi chearta teanga idir seo agus an chéad daonáireamh eile. I bhfianaise doicheall na n-aontachtach roimh Acht Gaeilge, cáineadh a bhí sách binbeach in amanna le linn na díospóireachta i d Teach na dTiarnaí faoin mbille féiniúlachta agus cultúir, tá gach seans ann go gcaithfidh daoine cásanna cúirte a thógáil chun a gcearta teanga a chosaint, bunaithe ar an Acht. Bíodh sin mar a bheidh tá an treocht a léirigh an staidreamh ó 1991 soiléir, dá réir méadófar líon na nGaeilgeoirí sna blianta seo romhainn.

Póilín Ní Chiaráin

Is iriseoir agus craoltóir í Póilín Ní Chiaráin.