Níl aon teora le seiftiúlacht an duine nuair a chruann air

Bríd Ní Mhóráin
Níl aon teora le seiftiúlacht an duine nuair a chruann air

Mark Wickham

Ar an 8 Márta, 2020, bhíos i láthair agus mo dheartháir ag ceiliúradh a lá breithe, i dtigh tábhairne i dTrá Lí agus sinn in éineacht lena chlann agus lenár gcairde. Bhí togha agus rogha an bhia, an cheoil, na n-amhrán agus na cuileachtan ann, ainneoin súnámaí an uafáis a bheith ag druidim anoir chughainn fara liúdráin agus ráflaí de gach sórt. Is beag a shíleas an oíche sin go mbeadh naoi mí dhéag ann sara raghainn thar thairseach thigh tábhairne arís. Taobh istigh d’ocht lá bhí pobal na tíre buailte ag tonn bhriste an víris chorónaigh, bhí dianghlasáil i bhfeidhm a d’fhág lucht leighis agus cúramóirí sa bhearna bhaoil faoi bhrú damanta, bhí daoine críonna san uaigneas - scartha óna gclann agus ó chlann a gclainne, bhí na scoileanna agus na séipéil dúnta, gan ach siopaí bia agus na seirbhísí is riachtanaí ar fáil. Bhí an tír ina lánstad agus muintir na hÉireann, mar a chéile le muintir an domhain trí chéile, sáinnithe.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Bríd Ní Mhóráin