Ocras Ag Tigh na mBocht, An Daingean

Dánta le Simon Ó Faoláin 

(1) Ocras Coirpiúil


Mise is sainchomhartha
den teip is sine diaga,
den teip is sine daonna

Mise a bhréagnaíonn choíche
caint is baois gach aoise
ó thaobh 'dul chun cinn' de

Mise an seadán síoraí
nach ann dó ach mar 'bhíonn
corp daonna le cnaí

I bhfiú Céad Domhan na maoine
geobhair mé ag smúrthacht timpeall
an tslua ag gach banc bia

Mise mac an Laissez Faire,
Is mise mac an fhir
Nach coimeádaí a bhráthair

Aon áit a mbím
is bagairt riamh
amárach seachas tabhartas fial

Mo réamhtheachtaí
ná bean 'gus í
le leanbh marbh ar a droim
(2) Ocras Stairiúil

I Ceathrún Fríotha

“Chuir sé na leanaí isteach i workhouse Neidín
agus ag teacht ar ais théis Chontae Chiarraí
do shiúil, níor aithnigh sé na leanaí
agus chaith sé iad a fhágaint ansan ina dhiaidh.”

(Diarmuid Ó hUrdail, rugadh c.1867)







(2) Áras Náire: an fréamhshamhail


“It should be as repulsive as possible consistent with humanity”

Treoir do bhainistíocht Tithe na mBocht, 1847

Áras éadóchais is cosc ann ar dhínit,
Géibhinn ghránna anuas ar ghearradh gionach,
Seomraí fuara le héagadh iontu
Fé fhrathacha gruama seachas firmimint,
'Gus na frathacha céanna ag cur i gcuimhne
Gur ghearrais cleith mhullaigh bharr do thí-se:
An praghas a ghearradh don bheith istigh seo















(3) Ocras Coiriúil


Tá gaetha cró
Ón ré san fós
Ag réabadh leo
I bhféith 's i bhfeoil

Tá treoirphlean againn ó shin.
Cén ocras atá ort?
Tá áras ag an stát
do gach uile sórt:

Ocras mná óig
don saol a bhí aici
sa domhan daonna lasmuigh
sarar éirigh sí fial lena cuid

Ocras máthar óig
don mbunóc do bhí aici
ach ar sracadh uaithi toisc
an t-athair a bheith pósta

Ocras teifigh go nglacfaí
leis mar dhuine daonna
i dtír shaibhir shibhialta
na n-ollamh is na naomh

Ocras míréasúnta
ag saoránaigh iomadúla
gan teann ar a gcúlaibh
do láthair chónaí buan dóibh

Coimeád as radharc iad,
Déan amach nach faic iad,
Lig ort nach ann dóibh,
Go ligtear i ndearúd iad
















(4) Ocras Anama


Cé a thomhaisfidh conas
toisí an ocrais a thomhas?
Cá bhfuil an té a ríomhfas,
le cruinneas, airde an ghorta,
fad iomlán an ghanntanais,
nó leithead an ghannchoda?

Ní beo aon neach go hocrach;
le hocras an tsíl don mbroinn,
le hocras bunóice don gcíoch,
le hocras meabhrach don mbrí;
ocras is faobhar ar gach scian:
ní beo aon neach go hocrach.

Amhail dia uileláithreach,
níl teora, tús ná deireadh
le fearann an ocrais dhaonna,
Ach ní hionann sin 's a rá
go bhfuil leithscéal againn
gan iomrascáil le toinn