Toghchán lán teannais

Póilín Ní Chiaráin
Toghchán lán teannais

Toghchán drámatúil a bheidh i dtoghchán Stormont agus ceann stairiúil leis seans,
a deir
Póilín Ní Chiaráin

Cén breithiúnas a thabharfaidh na vótóirí ar chleas an DUP Stormont a fhágáil gan Feidhmeannas mar agóid in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta? An athrófar an seanreacht nó an mbeidh an scéal mar a chéile arís?

Toghchán drámatúil a bheidh ann, toghchán stairiúil seans. Athrú a bhí doshamhlaithe, tráth, a bheadh ann dá mba í Michelle O’Neill ó Shinn Féin a bheadh i dteideal na chéad-aireachta in Stormont; poblachtánach ar thús cadhnaíochta san dúnfort aontachtach, Stormont.

Ní féidir le Sinn Féin talamh slán a dhéanamh de ach sin é an toradh atá á thuar bunaithe ar phobalbhreitheanna le bliain anuas. Tromluí is ea é d’aontachtaithe a dhiúltaigh a rá go mbeidís toilteanach cumhacht a roinnt sa gcás sin. Ó tharraing Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, a Chéad-Aire, Paul Givan amach as an bhFeidhmeannas mar agóid in aghaidh an phrótacail tá bagairt nua déanta aige. Dúirt sé nach bhfillfidís ar Stormont mura mbeidís sásta le toradh na hidirbheartaíochta idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach faoin teorainn i Muir Éireann.

Ní chuirfidh na fainicí sin laincis ar an bhfeachtasaíocht ach a mhalairt. Tá bailchríoch á cur acu ar roghnú a n-iarrthóirí, nó díroghnú i gcásanna suntasacha áirithe. Bhí an scoilt san DUP ar taispeáint don saol nuair a thug oifigigh an pháirtí an t-eiteachas d’ainmniúchán mar iarrthóir sa Dún Theas dá n-aire talmhaíochta, an té a bhí ina cheannaire ar feadh trí seachtaine anuraidh, Edwin Poots.

Bhí go dtí an 14 Aibreán ag an bpobal lena chinntiú go mbeidh a n-ainmneacha ar chlár na vótóirí don toghchán ar an 5 Bealtaine ach bhí páirtithe ag cnagadh ar dhoirse chun é sin a mheabhrú do dhaoine míonna ó shin. 1.367 milliún duine a bhí ar chlár na vótóirí i dtús mhí Feabhra, méadú os cionn 112,000 ón toghchán Tionóil deiridh in 2017, toghchán a ritheadh tar éis titim Stormont nuair a d’éirigh Martin McGuinness as oifig mar gheall ar scannal an RHI, scéim fuinnimh in-athnuaite ar caitheadh airgead go fánach uirthi.

Ba é sin an comórtas ba dhrámatúla ó 2003 nuair a d’athraigh ord na bpáirtithe; chuaigh an DUP chun tosaigh ar an UUP agus Sinn Féin chun tosaigh ar an SDLP. D’fhan cúrsaí mar sin ó shin agus an DUP ar an bpáirtí ba mhó agus Sinn Féin sa dara háit ach mar phríomhpháirtí na náisiúnach.

Cuireadh cor nua sa scéal in 2017.

Bhí an DUP agus Sinn Fein ar comhscór beagnach, 28.1% ag an DUP agus 27.9% ag Sinn Féin. Fuair an DUP suíochán amháin sa bhreis ar Shinn Féin, 28 i gcomparáid le 27. Tubaiste don DUP a chaill carn suíochán ab ea é. Fiú nuair a chuirtear san áireamh gur laghdaíodh líon na dTeachtaí in Stormont san toghchán sin ó 108 go 90 buaileadh buille an-trom ar an DUP a chaill 10 suíochán. Titim aon suíochán amháin a bhí ag Sinn Féin.

Ba é sin an toghchán inar chaill aontachtaithe an móramh in Stormont. Níl aon dabht ach gur spreag Arlene Foster, ceannaire an DUP, lucht tacaíochta Shinn Fein chun a dhul amach ag vótáil nuair a dhiúltaigh sí d’Acht Gaeilge ag rá nár cheart crogall a bheathú.

Cé go mba thoghchán tubaisteach é ceann 2017 don DUP ba bhreá leo a bheith ag dréim le 28% de na vótaí an uair seo. Níor shroich siad 20% ach in aon phobalbhreith amháin le bliain; ar an meán astu go léir bhí siad ag 17%. Tá a vótóirí á dtréigean le dhul chuig an TUV den chuid is mó ach chuig Alliance nó an UUP chomh maith. Chaill siad an dara grúpa mar gheall ar a leagan amach coimeádach ar cheisteanna sóisialta agus/nó de bharr a dtacaíocht don Bhreatimeacht crua as ar eascair an prótacal. Níl aon chosúlacht ar an scéal go bhféadfadh Jeffrey Donaldson na daoine sin a mhealladh ar ais.

Is léir, áfach, go gcreideann lucht teaicticí an DUP go bhfuil seans acu vótóirí a bhog i dtreo an TUV a mhealladh ar ais. Tá aistarraingt an Chéad-Aire, Paul Givan, as an bhFeidhmeannas dírithe orthu sin chomh maith leis an gcuid dá lucht tacaíochta a bhí ag éileamh gníomh agóide, fiú scrios Stormont. Tá tacaíocht an TUV méadaithe ó 3% in 2017 go 12% anois de réir na bpobalbhreitheanna. Dhéanfadh sciar maith den líon sin difríocht mhór do chinniúint an DUP. Ní údar iontais a bheadh ann dá bhfaighidís lear mór aistrithe ón TUV chun Sinn Féin a choinneáil as an gCéad-Aireacht. Tá vótaí bailithe ag an DUP ar an gcúis sin le blianta.

Ós ionadaíocht chionmhar atá in úsáid i dtoghcháin Tionóil, murab ionann agus Westminster, agus ó tá cúig shuíochán i ngach ceann de na 18 toghcheantar is féidir a bheith cinnte go mbeidh an choimhlint don gcúigiú teachta an-dian. Is minic a bhíonn an bhearna idir an buaiteoir agus an cailliúnaí chomh cúng le 50 vóta nó níos lú.

Ia mar seo atá staid na bpáirtithe faoi láthair:

DUP 27 – (d’fhág Alex Easton, Dún Thuaidh an páirtí anuraidh) Sinn Féin 27, SDLP 12, UUP 10, Alliance 8, Comhaontas Glas 2, TUV 1, Pobal Seachas Brabús 1 agus Neamhspleách 2

An ndéanfaidh Sinn Féin an dul chun cinn stairiúil atá á thuar? Bhí a dtacaíocht seasta sna pobalbhreitheanna le bliain, 24% nó 25%. Áiríonn lucht staidrimh gur éirigh chomh maith sin leo in 2017 go mbeidh sé deacair cur lena 27 teachta. Ceaptar go mbeadh seans acu ar shuíochán sa bhreis sa Bhanna Uachtair ach go bhféadfaidís a bheith faoi bhrú ó Alliance i dTuaisceart Bhéal Feirste agus i dTír Eoghain Thiar. Is í an cheist an mbeidís chun tosaigh ar an DUP?

Táthar ag déanamh talamh slán de go gcaillfidh an DUP suíochán san Dún Thuaidh mar a bhfuil a n-iarTheachta Alex Easton ag seasamh mar neamhspleách. Beidh orthu tréanchosaint a dhéanamh ar cheann dá gcuid suíochán i Loch Cuan mar a bhfuil iarrthóir nua cumasach ag an SDLP. Ba é Gleann an Lagáin dúnáras an DUP ó d’aistrigh Jeffrey Donaldson ón UUP. Maíonn Donaldson go bhfuil seans
acu ar shuíochán breise (trí cinn ar fad) ach i bhfianaise an aighnis le Edwin Poots meastar go bhféadfadh Pat Catney, SDLP, a shuíochán a choinneáil nó go dtógfadh Alliance suíochán breise.

Deir roinnt go bhféadfadh Alliance ocht suíochán sa bhreis a ghnóthú. N’fheadar ach beidh siad san iomaíocht do cheithre nó cúig cinn nua. Cuirfear suntas i bhfeachtas an UUP, an chéad cheann acu lena gceannaire nua Doug Beattie. Bhí borradh á thuar don pháirtí mar go raibh daoine an-sásta le Beattie, ach ní fios cén tionchar a bheas ag an gconspóid faoi tvuíteanna gránna da chuid.

Chomh maith le seansanna Shinn Féin is í an cheist mhór eile cé mar a éireoidh leis an TUV. Go dtí seo ba chadhan aonair é Jim Allister, ceannaire an TUV, chlis ar an bpáirtí oiread is suíochán amháin eile a fháil. Más fíor do na pobalbhreitheanna bheadh sé beagnach chomh láidir leis an UUP an uair seo. Chuige sin caithfidh Allister iarrthóirí a aimsiú a dtabharfaidh vótóirí aird orthu. Ceaptar gur sna toghcheantair i gContae Aontroma is fearr a bheadh seans acu – Aontroim Thoir, Theas, Gleann an Lagáin nó Banna Uachtair. Dúshlán mór. Is cosúil gurb iad a gcuid aistrithe a bheas cinniúnach.

Ar éigean atá toghcheantar ar bith den 18 nach mbeidh
lán teannais.

Póilín Ní Chiaráin

Is iriseoir agus craoltóir í Póilín Ní Chiaráin.