Carraig Chlíodhna

‘Nach méanar dóibh,’ a cheapas, mé ag brostú ó bhord go bord lem leabhar beag nótaí, ag glacadh le horduithe.

Am dinnéir ab ea é, agus bhí an bhialann i gCuan Dor ag cur thar maoil. Lucht seoltóireachta tagtha isteach tar éis lá a chaitheamh ar an bhfarraige. Is bhí an bhuíon sin chomh glórmhar. Thagaidíst don samhradh is dheinidíst coilíniú ar an áit. Shiúlas go dtí an bord in aice na fuinneoige, is bhreac síos go tapaidh a raibh uathu. Bhí leaid amháin ina measc a bhí níos ciúine, a sméid a shúil orm nuair a labhair sé:

‘Is beidh sceallóga agamsa in inead phrátaí.’

Chaitheas a admháil go raibh scrothaíocht ann, ach ní raibh aon ghnó agamsa caitheamh a bheith agam i ndiaidh an dreama sin.

Nuair a bhí deireadh ite agus ólta ag an ngrúpa in aice na fuinneoige, d’iarradar an bille, is thosnaigh an leaid sin - go raibh bóna a léine polo iompaithe in airde aige – ag cur cainte orm. ‘Tánn tú ag obair go dian. An mbíonn aon lá saoire agat?’

‘Táim saor ó chúram amárach, mar a tharlaíonn, ach bead ag teastáil age baile.’

‘B’fhéidir go raghfá amach sa bhád linn. Ar thuras beag. Mise Séan ’ac Séamuis, dála an scéil.’

‘Is mise Clíodhna. Ach tá brón orm, ní féidir liom é.’

Ní raibh Seán ach ag cur tús leis an bhfeachtas an lá san. Lean sé air bheith ag tathant orm teacht amach ar an bhfarraige leo, go dtí gur chaitheas géilleadh ar deireadh.

Lá brothallach ab ea é i mí Iúil, go raibh an ghrian go hard sa spéir agus an t-uisce ag glioscarnach. Cheapas go mbeadh a chairde inár dteannta chomh maith ach, dar ndóigh, ní raibh. Ní raibh ann ach mé fhéin agus Seán. Thugamar sciuird timpeall an chuain, is thaispeáin sé Carraig Chlíodhna dhom.

‘Cheap an seanadhream gur ainm mí-ámharach é. Ach níor éist mo thuismitheoirí leo,’ arsa mise.

‘An ceart ar fad acu. Cén mhaitheas na piseoga.’

Ar thrá chúlráideach idir Abha na hInise agus Ceann Dhún dTéide is ea a bhronn Seán an fáinne gealltanais orm. Fáinne aon seoide a bhí ann, é díreach ar aon dul le ceann a roghnóinn féin. Bhíomar ag dul amach lena chéile lá agus bliain an uair sin. Eisean i mBaile Átha Cliath, mise i gCorcaigh. Téacsanna ag dul ar dalladh sa dá threo. Is na comhráití gutháin... An bheirt againn ar an ollscoil fós, ach ba ghearr go mbeadh deireadh déanta againn. Bhí an ghrian ag dul fé agus é ag dul síos ar a leathghlúin.

‘Seo Trá Chlíodhna, bíodh fhios agat,’ ar seisean.

Níor thuigeas san, agus bhíos in ainm is a bheith im dhúchasach sna bólaí seo. Ach b’in Seán. Fear taighde go smior ab ea é.

Thart ar mhí ina dhiaidh sin is ea a thosnaigh an phian ag teacht ina bholg. Níor thóg sé aon cheann di, cé go rabhas ag gabháilt stealladh dho dul go dtí an dochtúir. Níor dhein sé coinne go dtí mí na Nollag. Is ansan a fuaireamar an drochscéal. Bhí sé ródhéanach cóir leighis a thairiscint dó.

Bhíomar ar charraig i ndáiríribh an uair san.

Bhí sé ite ag an ngalar is ite ag an bhfearg. Thug sé ordú láidir nach ndéarfaí oiread is paidir amháin os a chionn, is go dtabharfaí caol díreach go dtí an créamatóiriam é.

Dhiúltaíos dó go raibh aon ní cearr leis. Leanas orm ag déanamh pleananna dúinn, pleananna fadtéarmacha nach raibh aon dealramh leo. Chaith mo dheirfiúr teacht ón iarthar chun labhairt liom.

‘Scaoil leis, a stór. Scaoil leis. Níl tú ach ag cur fad leis an scéal.’

Screadas uirthi is screadas uirthi. Níorbh aon mhaith a bheith liom.

D’éag sé ar an lá déanach de mhí Eanáir. Leanadh a chuid treoracha i dtaobh socruithe sochraide, in ainneoin go raibh a mhuintir siúd agus mo mhuintirse araon míshásta.

D’fhilleas ar Chuan Dor an oíche sin, is sheas ar an gcaladh ag éisteacht. Sian na gaoithe im chluasa. Tonn Chlíodhna ag déanamh bróin is olagóin. Dheineamar caoineadh in éineacht.

Thugas malairt ainm orm fhéin ón lá san amach. Ní bheadh aon mhaith feasta i gClíodhna.