In ainm an dúchais
Caitheann Liam Mac Mathúna súil ar chúlra, comhthéacs agus ról an Choiste Logainmneacha
Agus é ar cuairt i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1936, thug an fealsamh Ostarach Ludwig Wittgenstein suntas do na comharthaí sráide dátheangacha. Thosaigh sé ag machnamh ar na hiarrachtaí chun an Ghaeilge a athbheochan, agus seo mar a chuireann a chara M. O’C. Drury síos ar an méid a bhí le rá ag Wittgenstein: ‘It is always a tragic thing when a language dies. But it doesn’t follow that one can do anything to stop it doing so. … Though one thing is achieved by putting these notices in Irish: it makes one realize that one is in a foreign country. Dublin is not just another English provincial town: it has the air of a real capital city’ (Rhees 1984: 138). Dar leis, mar sin, is amhlaidh a chuir na comharthaí sráide seo in iúl don taistealaí go raibh sé ar an gcoigríoch. Go deimhin, bhí na hainmchláir seo i mBaile Átha Cliath ar na chéad chinn dhátheangacha a crochadh sa tír, beart a dhein Bardas na cathrach go luath tar éis 1900, scór bliain sular bunaíodh an Stát. Léiríonn sé seo an tslí a raibh an saol nua-aoiseach ag dul i bhfeidhm ar ghluaiseacht na Gaeilge d’ainneoin go raibh mórán gnéithe den fhéachaint siar (‘backward look’ Frank O’Connor) ag roinnt léi. Is íorónta an ní é gurbh iad na hainmneacha uirbeacha seo – ceann de na sraitheanna ba dhéanaí de shraitheanna áitainmneacha na tíre – a bhí chun tosaigh agus an beartas athbheochana á chur chun cinn. Is amhlaidh a deineadh athchóiriú ar chóras rialtais áitiúil na tíre sa bhliain 1898, agus cheal parlaimint dhúchais, bhí seasamh ar leith ag bardas Bhaile Átha Cliath i saol poiblí na hÉireann san am. Náisiúnaithe a bhí i dtromlach na gcomhairleoirí a toghadh ar an mBardas faoin socrú nua.
Díghalldú
Ar ndóigh, bhí aird tarraingthe ag Dúbhglas de h-Íde (An Craoibhín Aoibhinn) ar staid mhíshásúil na hainmníochta sa tír san óráid iomráiteach ‘The Necessity for De-Anglicising Ireland’ a thug sé os comhair an National Literary Society, 25 Samhain 1892. Bhí cuid mhór le rá ag an gCraoibhín sa chaint sin maidir leis an tslí a rabhthas ag déileáil le hainmneacha Gaelacha na hÉireann faoi réimeas Shasana, idir ainmneacha pearsanta agus ainmneacha áite. Mhaígh sé go raibh céadainmneacha fireannacha ar nós Conn, Cairbre, Farfeasa, Teig, Diarmuid, Kian, Cuan, Ae agus Art imithe i léig, faoi mar a bhí ainmneacha na mban, leithéidí Aoife, Sighle, Móirin, Nuala agus Fionnuala. Tháinig a chlaonta pearsanta chun cinn agus é ag nochtadh a chuid tuairimí i dtaobh an chrutha Bhéarlaithe a cuireadh ar ainmneacha ar leith, á rá, cuirim i gcás, ‘Teig is West-Britonised into Thaddeus or Thady, for no earthly reason than that both begin with a T.’; ‘Surely Sadhbh is a prettier name than Sabina or Sibby’. Ar an gcuma chéanna, thug sé fogha fíochmhar faoi leaganacha Béarla na sloinnte: ‘The O’Hennesys are Harringtons, the O’Kinsellaghs, Kingsleys and Tinslys, the O’Feehillys Pickleys, and so on’, agus arís, ‘The Gillespies (Giolla-Easbuig, i.e., Bishop’s servant) are Archbolds or Bishops.’
I gcás na logainmneacha ba leor leis dornán samplaí a thabhairt chun cur leis an argóint ghinearálta a bhí déanta aige cheana féin. Tharraing sé aird ar na cásanna seo a leanas: An Fheóir > Nore, Loch Orrib > Loch Corrib agus Tailtin > Teltown. Dúirt sé go raibh na mílte is na mílte sampla eile ann d’easpa cúraim, de mhí-éifeacht agus de Ghalldú na logainmneacha agus mhaígh go raibh an próiseas faoi lánseol i gcónaí. Ansin dhein sé an ghuí dhúthrachtach seo a leanas: ‘I hope and trust that where it may well be done without any great inconvenience a native Irish Government will be induced to provide for the restoration of our place-names on something like a rational basis.’ Is léir, áfach, gur thuig sé nach gan dua a chuirfí an t-athréimniú i gcrích, á rá: ‘These things are now to a certain extent stereotyped, and are difficult at this hour to change, especially where Irish names have been translated into English, like Swinford and Strokestown, or ignored as in Charleville or Midleton’ (Ó Conaire 1988: 153–70)
Chuir Brian Friel an-bhéim ina dhráma spreagúil Translations (1981) ar mhodh an aistriúcháin a bheith in úsáid ag oifigigh airm Shasana agus iad ag cóiriú logainmneacha na tíre chun a mianta féin, leithéidí Bun na hAbhann > Burnfoot de rogha ar Bunowen, Druim Dubh > The Black Ridge. Ach ó thaobh na staire de, ní mór a aithint go raibh an cóiriú ar bhonn fuaime i bhfad níos coitianta, is é sin leithéid Bun na hAbhann > Bunnahown agus Cnoc Bán > Knockbaun, seachas aistriúchán díreach ar nós White Hill. Ar ndóigh, bhí an tríú bealach ann leis chun déileáil le hainm Gaeilge, is é sin gan bacadh leis in aon chor agus ainm nua Béarla a chruthú, m.sh. Frenchpark in ionad Dún Gar, Co. Ros Comáin.
An Coimisiún Logainmneacha
Níos lú ná tríocha bliain tar éis bhunú an tSaorstáit chuaigh an rialtas dúchais i mbun an ghnímh a shantaigh an Craoibhín in 1892, agus bhunaigh An Coimisiún Logainmneacha sa bhliain 1946. Is iad seo na dualgais a leagadh ar an gCoimisiún:
1. Scrúdú a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann, mar atá:
(a) ar ainmneacha bailte fearainn, paróistí, barúntachtaí, dúichí agus limistéirí eile tíre,
(b) ar ainmneacha postbhailte, sráidbhailte, mórbhailte agus cathrach,
(c) ar ainmneacha príomhbhall eile nach n-áirítear faoi (a) agus (b) thuas,
agus cuardach a dhéanamh do cheart-fhoirmeacha bunaidh Gaeilge na logainmneacha sin sa méid go raibh ainmneacha sa Ghaeilge orthu agus gur féidir iad sin a dheimhniú, agus
2. Liostaí de na hainmneacha sin, ina bhfoirmeacha Gaeilge, d’ullmhú chun a bhfoilsithe agus chun a n-úsáidte go hoifigiúil.
Ceapadh an Seanadóir Pádraig Ó Siochfhradha (An Seabhac) ina Chathaoirleach agus Risteárd Ó Foghludha (Fiachra Éilgeach) ina Stiúrthóir ar an gcéad Choimisiún Logainmneacha (Ó Maolfabhail 1992: 136–7).
An Brainse Logainmneacha
Fostaíodh saineolaithe i réimse na logainmníochta go lánaimseartha chun an obair thaighde a theastaigh a chur i gcrích agus bunaíodh an Brainse Logainmneacha mar rannóg ar leith in Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis sa bhliain 1956. Is iad na príomh-mhodhanna taighde a bhí i gceist ná foinsí stairiúla a cheadú agus an fuaimniú áitiúil a bhreithniú. Taobh amuigh den Ghaeltacht, tugadh tosaíocht don leagan d’ainm a d’úsáid cainteoirí deireanacha Gaeilge an cheantair. Maidir le cruth na bhfoirmeacha stairiúla a bhí le fáil sna foinsí Béarla, ní miste a mheabhrú a dheacra a bhíonn sé go minic an bhunfhoirm Ghaeilge laistiar den leagan traslitrithe Béarla a dhéanamh amach. Anuas air sin, ní mór cuimhneamh air gur ainmneacha riaracháin atá i gceist den chuid is mó sa tslí gur taobh le taifid Shasanacha a bhítear, ó tharla nár bhain na taoisigh Ghaelacha puinn feidhme as taifid scríofa ó thaobh an riaracháin de. Is minic a bhíonn fianaise na bhfoinsí Gaeilge a fhaightear sna lámhscríbhinní dúchais an-scáinte ar fad, fiú nuair a chuirtear na ginealaigh agus na hannála san áireamh.
Cúram comhairle agus faofa a bhí ar an gCoimisiún féin, comhlánú ar shaothar na saineolaithe sa Bhrainse. Sa bhliain 1999 aistríodh an Brainse Logainmneacha go dtí An Roinn, Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, mar a tugadh ar an roinn rialtais an tráth úd.
Raon na logainmneacha
Tá sé le tabhairt faoi deara gur ar limistéir riaracháin agus lonnaíochta a cuireadh an bhéim i dtéarmaí tagartha an Choimisiúin Logainmneacha. Níor luadh gnéithe aiceanta go sonrach, fiú cinn shuntasacha ar nós aibhneacha, lochanna agus sléibhte, ní áirím na mionghnéithe aiceanta atá le fáil fud fad na tíre, leithéidí páirceanna, srutháin, cnoic, portaigh, cuasa agus gnéithe cósta eile. Tá sé suntasach nár luadh sráidainmneacha ach an oiread, d’ainneoin go raibh daonra uirbeach na tíre ag méadú an t-am ar fad, agus d’ainneoin gurbh iadsan na chéad ainmneacha a crochadh as Gaeilge ar ainmchláir dhátheangacha ag tús an fichiú haois, mar a luadh thuas. Pé scéal é, ghlac an Coimisiún Logainmneacha leis gur logainm é sráidainm sa bhliain 1982, toisc gur tuigeadh go raibh tábhacht ar leith ag baint le sráidainmneacha, agus go raibh an codán den phobal a chónaíonn i sráideanna ag dul i méid i gcónaí. Aithníodh chomh maith go raibh páirt mhór ag na húdaráis áitiúla i riar na sráidainmneacha (Ó Maolfabhail 1998: 2). Dá bharr sin, thosaigh an Coimisiún agus an Brainse ag déanamh cúraim de na sráidainmneacha sna 1980í agus chuathas i gcomhairle le hoifigigh Bhardas Bhaile Átha Cliath agus Chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath. Is le tacaíocht an dá chomhairle áitiúla seo a eisíodh an treoirleabhair Sráidainmneacha: Treoirlínte / Streetnames: Guidelines (An Coimisiún Logainmneacha1992).
Stádas dlí
Ní mór a thuiscint nach raibh stádas soiléir dlí ag na leaganacha Gaeilge a bhí á ndeimhniú ar feadh an ama. Ní raibh iontu, dáiríre, ach faoi mar a bheadh innéacs tagartha do na leaganacha dlíthiúla Béarla. Mar shampla, cé gur cheadaigh Acht Logainmneacha (1973) leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha na tíre chun críche dlí, d’fhág an tAcht chomh maith go raibh tosaíocht ag na leaganacha Béarla de réir dlí i gcónaí. Deineadh dul chun cinn ón taobh seo de nuair a ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003). Is amhlaidh a aisghaireadh An tAcht Logainmneacha (1973) agus leasaíodh stádas fhoirmeacha Gaeilge na logainmneacha san Acht nua. Seo mar atá ráite in Acht na dTeangacha Oifigiúla:
‘féadfaidh an tAire, tar éis dó nó di comhairle a fháil ón gCoimisiún agus an chomhairle sin a bhreithniú, le hordú [logainmneacha],
(a) a dhearbhú gurb é an leagan Gaeilge de logainm a bheidh sonraithe san ordú cibé focal nó focail a shonróidh sé nó sí san ordú,
(b) ordú logainmneacha a leasú nó a chúlghairm’ (Ó Cearbhaill 2003: 6).
Bhí sé d’éifeacht ag an Acht seo go mbeadh an stádas céanna mar aon leis an éifeacht dhlíthiúil chéanna ag leaganacha Gaeilge agus Béarla an logainm, ach an t-ordú reachtúil a bheith déanta ag an Aire (Mac Giolla Easpaig 2008: 173).
Dhein Acht 2003 claochlú ó bhonn i gcás na Gaeltachta:
‘I gcás ina ndéanfaidh an tAire dearbhú i leith logainm i limistéar Gaeltachta, ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht a thuilleadh leis an leagan Béarla den logainm ...
(a) in aon Acht den Oireachtas ...
(b) i cibé léarscáileanna, arna n-ullmhú agus arna bhfoilsiú ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann nó le cead uaithi, a bheidh forordaithe, nó
(c) ar chomhartha bóthair nó sráide arna chur suas ag údarás áitiúil ...’
(Ó Cearbhaill 2003: 6).
Ar ndóigh, tharraing an socrú seo conspóid theasaí maidir le hainm an Daingin i gCo. Chiarraí agus ar deireadh thiar cinneadh ar an ainm a athrú go hoifigiúil go dtí Dingle / Daingean Uí Chúis.
Ról na leaganacha Gaeilge
Faightear nod ó am go chéile nach ionann an ról siombalach a shamhlaíonn sciar maith den phobal le logainmneacha Gaeilge na tíre agus gnáthfheidhm na logainmneacha Béarla. Cuirim i gcás, an feachtas faoi deara Cnoc Mhuire a bheith ina ainm oifigiúil Gaeilge in ionad An Cnoc, bíodh is nár féachadh riamh leis an leagan Béarla Knock a athrú chuig Knockmary nó a leithéid. Meabhraíonn na leaganacha malartacha An Daingean agus Daingean Uí Chúis dúinn nach annamh a bhíonn leagan gearr agus leagan fada ag áitainm, leithéid Caiseal / Caiseal Mumhan, An Nás / Nás na Rí / Nás Laighean, An Gort / Gort Inse Guaire, Tuaim / Tuaim Uí Mheára, agus mar sin de, sa Ghaeilge. Bíonn a leithéid sa Bhéarla leis, cuirim i gcás Newtown / Newtown Mountkennedy, Blaney / Castleblaney, Carrick / Carrick on Shannon. Bíonn an chodarsnacht foirmeáltacht versus neamhfhoirmeáltacht i gceist leis na malairtí seo sa Bhéarla go minic, leithéidí Blanch / Blanchardstown, The Mun / Ballymun, The Noggin / (Sallynoggin, agus mar sin de. Ar ndóigh, ní íogaireacht teanga amháin faoi deara an ilghnéitheacht foirmeacha i gcás na leaganacha Doire / Doire Cholm Cille / Derry / Londonderry.
An Coiste Logainmneacha
Mar chuid den ghearradh siar ar chaiteachas an Stáit a cuireadh i bhfeidhm de bharr an ghéarchéim eacnamaíochta a bhí i réim san am agus faoi réir Phlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, socraíodh go dtiocfadh coiste saineolaithe in áit an Choimisiúin Logainmneacha, agus go ndéanfaí an obair go príomha ar líne. Tháinig deireadh le téarma oifige an Choimisiúin Logainmneacha ar an 11 Deireadh Fómhair 2012. Ar an 19 Meán Fómhair 2013, d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go raibh Coiste Logainmneacha ainmnithe aige. Is é an príomhdhualgas a leagadh ar an gCoiste Logainmneacha ná comhairle a chur ar an Aire Gaeltachta maidir le logainmneacha na hÉireann mar a shainítear iad sin in alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Taighde a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann chun leaganacha cearta Gaeilge a aimsiú agus a sholáthar le húsáid mar leaganacha oifigiúla poiblí is cúram don Bhrainse Logainmneacha i gcónaí. Tugtar stádas dlíthiúil do na foirmeacha Gaeilge a dheimhníonn an Brainse trí ordú logainmneacha, a dhéanann an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus foilsítear gach logainm a dheimhnítear ar an suíomh idirlín Bunachar Logainmneacha na hÉireann, www.logainm.ie. Tá an bunachar sonraí seo, a chruthaigh Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, ina áis chuimsitheach bhainistíochta chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar agus a chur ar fáil go poiblí. Go dtí 2012 dhéantaí na horduithe logainmneacha tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus tar éis don Aire comhairle a fháil ón gCoimisiún Logainmneacha. Níor deineadh aon soláthar dlí do ról an Choiste Logainmneacha nuair a tháinig sé sin in áit an Choimisiúin Logainmneacha sa bhliain 2013. Tá an bhearna sin líonta anois in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a shínigh an tUachtarán ina dhlí, 22 Nollaig 2021. As seo amach, beidh bonn reachtúil faoin gCoiste Logainmneacha agus déanfaidh an tAire Stáit orduithe logainmneacha tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus tar éis dó comhairle a fháil uaidh.