LEIRMHEAS

LEIRMHEAS

Máirtín Ó Cadhain: Rogha Téacsanna Teagaisc don Ghaeilge / A Selection of Irish Teaching Texts
arna n-eagrú agus arna n-aistriú ag Feargal Ó Béarra & Arndt Wigger

Curach Bhán 2020

Léirmheas le Fidelma Ní Ghallchobhair

Thit an tseoid seo isteach i mo líon sé mhí ó shin agus, tar éis dom an chéad leath a léamh, chuaigh mé i dteagmháil le Feargal Ó Béarra leis an éacht a thréaslú leis. Is ansin a fuair mé amach uaidh nach leabhar amháin a d’fhoilsigh curach bhán publications, in Hagen na Gearmáine, ach péire. Sa chéad leabhar acu tá, mar adeir an teideal, rogha téacsanna teagaisc a cheap an Cadhnach le linn dó a bheith ag teagasc i gColáiste na Tríonóide, mar aon le roinnt bheag seod eile, Ina measc réamhrá Fheargail féin, cuntas ó Mhicheál O’Siadhail ar an aithne a bhí aige ar an gCadhnach mar theagascóir agus é féin ina mhac léinn faoina stiúir agus ansin mar chomhghleacaí leis nuair a ceapadh ina léachtóir sóisearach sa Tríonóid é. Ar na leathanaigh trasna ó gach téacs tá aistriúcháin bhreátha go Béarla a rinne Feargal féin. Gabhann dlúthdhiosca leis an leabhar ar a bhfuil formhór na gceachtanna teagaisc á léamh ag Máirtín féin agus, i roinnt cásanna, i bpáirt le neacht leis (Máirín Ní Churraoin), sliocht as dhá agallamh a rinne an Cadhnach le Proinsias Mac Aonghusa agus le hAindrias Ó Gallchobhair faoina dhearcadh polaitiúil agus faoina thréimhse i ngéibheann i gcampa an Churraigh, agus iad tras-scríofa ag Ó Béarra agus Wigger. Agus an chéad trí leathanach de Cré na Cille á léamh ag Máirtín féin i 1964 le linn dó a bheith ar cuairt chuig mac léinn leis sa Ghearmáin. Gabhann dornán léaráidí greannmhara ealaíonta leis an leabhar, íomhá bharrúil inaitheanta den Chadhnach ar an gclúdach, agus íomhánna de cheithre leathanach de na scéilíní (‘An Fear Bacach agus an Scilling’, ‘An Fear Bacach agus an Eaglais’) maille le ceisteanna i lámh an údair a frítheadh i measc a chuid páipéar i leabharlann Choláiste na Tríonóide. Agus níl ansin ach an chéad leabhar.

Sa dara leabhar, tá na téacsanna Gaeilge céanna agus iad aistrithe go Gearmáinis ag Arndt Wigger, mar aon leis na híomhánna céanna, agus an clúdach céanna faoin teideal Máirtín Ó Cadhain: Rogha Téacsanna Teagaisc don Ghaeilge / Eine Auswahl von irischen Lehrtexten. Gabhann an dlúthdhiosca céanna de thaifeadtaí i nglór an údair leis an leabhar seo.

San áireamh sna téacsanna tá naoi gcinn de scéilíní a cheap an Cadhnach le saibhreas Gaeilge a theagasc, mar aon le hocht scéilín le fuaimniú chonsain na Gaeilge a theagasc, agus deich gcinn de shleachta as nótaí teagaisc Uí Chadhain dírithe ar aimsirí na mbriathra Gaeilge agus roinnt pointí eile ar nós úsáid an ailt. Ina dhiaidh sin, tugtar na sleachta as an dá agallamh úd, sliocht as a dhialann tráth a raibh sé ar cuairt sa Ghearmáin, an sliocht as Cré na Cille agus an cuntas ó Mhicheál O’Siadhail, agus iad ar fad aistrithe go Béarla agus go Gearmáinis.

I dtús na leabhar luaitear foinsí na dtéacsanna agus na dtaifeadtaí. Baineann cuid acu sin le taifeadadh a rinne a mhac léinn Gearmánach, Egon Felder, sa Ghearmáin i samhradh na bliana 1964 nuair a tháinig an Cadhnach ar cuairt chuige. Caomhnaíodh an taifeadadh sin agus is ansin a fuarthas cuid de na scéilíní agus an chéad trí leathanach de Cré na Cille i nglór an údair. Fuarthas cuid eile de na scéilíní i measc pháipéir Uí Chadhain i leabharlann Choláiste na Tríonóide. Ar an ábhar sin, níl taifead fuaime de gach scéilín a thugtar sna leabhair ar an dlúthdhiosca. Fuarthas an t-ábhar faoi chonsain na Gaeilge ó cheirnín a chuir an Cadhnach amach i 1960, Ceirníní na Gaeltachta 1. Consain na Gaeilge (Baile Átha Cliath: Spól, 1960). Is cosúil go raibh sé i gceist aige sraith ceirníní den chineál sin a chur amach, ach ní heol dúinn go ndearna sé amhlaidh. Ó cheirnín eile a tógadh na sleachta as an dá agallamh (Máirtín Ó Cadhain, Outlet Recording, Béal Feirste, 1974). Ó alt in The Irish Times sa tsraith Caiscín a tháinig an sliocht as a dhialann tráth a raibh sé sa Ghearmáin (foilsithe in A. Ó Cathasaigh (eag.) Caiscín: Altanna san Irish Times 1953-56 / Máirtín Ó Cadhain (Baile Átha Cliath: Coiscéim 1998, 379-80).

D’fhéadfaí a rá gur scéilíní fánacha an chéad dá scéilín sa chnuasach seo, ‘Seanfhear’ agus ‘Fear ón tuath i Munich’. Dírithe ar fhocail nó nathanna éagsúla a theagasc, bealaí difriúla le rudaí a rá i nGaeilge ghlan atá siad, de réir cosúlachta, agus go leor athrá iontu, mar shampla, ‘Bheinn caillte anois. Bheinn básaithe anois. Ni bheinn beo anois. Bheinn marbh fadó.’

Sa chéad scéilín eile, cuirtear carachtair i láthair, an Fear Bacach, agus a leathbhádóir ólacháin, an Bhean Bhodhar. Tá an greann agus an áiféis ina n-orlaí trí na scéilíní seo. Cuirtear le líon na gcarachtar in ‘An Fear Bacach sa Teach Ósta’ – castar an Fear Balbh isteach sa chomhluadar, carachtar a dtugtar Glug Glug air i scéilíní eile. In ‘An Fear Bacach agus an Litir’ faigheann muid amach go bhfuil iníon leis an mBean Bhodhar darb ainm Brídín i Meiriceá. In ‘An Fear Bacach agus an Eaglais’ castar an Bhean Bhodhar agus Glug Glug isteach arís, mar aon leis an sagart. I scéilín i bhfad níos faide ‘An Fear Bacach sna Flaithis’, luaitear an Bhean Bhodhar, an Bhean Chaoch, an Bhean Bhacach, Glug Glug agus an sagart arís. Agus luaitear sonra faoi nóta deich marc as ‘Fear ón tuath i Munich’. Agus castar idir aingle agus naoimh orainn, Naomh Peadar ach go háirithe.

Níl a fhios cén liútar éatar a tharraing an Fear Bacach ag geata na bhFlaitheas agus é ag cur a chosa uaidh ón tús, ag sáraíocht ar Naomh Peadar, ag éileamh pintín pórtair, agus nuair a chuir Naomh Peadar fios ar Leabhar an Chuntais luigh ceann de na haingle isteach ar a chuid peacaí a ríomh: díomas, saint, drúis, tnúth, craos, fearg agus leisce. Is sa chuntas ar a pheacaí drúise a luaitear an Bhean Bhodhar, an Bhean Bhalbh, an Bhean Chaoch agus Glug Glug. Faigheann muid amach gur daoradh Glug Glug go cúig mhilliún bliain i bPurgadóir. Faoi pheaca na sainte, luaitear an Bhean Bhodhar, an Bhean Bhacach, an Bhean Chaoch, Glug Glug, an sagart agus an t-easpag. Cuireadh ina leith gur bhris sé isteach i dteach na marbh agus gur ghoid sé an bhraillín de chorp Ghlug Glug, agus gur sciob sé leis a dhraid bhréige agus a phaidrín. Chuir an Fear Bacach a chos i bhfeac chomh mór sin faoin gcúiseamh seo gur chrom sé ar a bheith ag ceartas le Naomh Peadar agus a éileamh go gcaithfí Glug Glug a thabhairt i láthair mar fhinné. Sa deireadh buaileann sé bob ar Naomh Peadar agus éiríonn leis eochracha na bhFlaitheas a sciobadh agus na Geataí a chur faoi ghlas, rud a fhágann go bhfuil na Flaithis faoi ghlas ó shin!

Is léir ón méid sin cén greann agus áiféis a chuir an léachtóir Gaeilge sna scéalta seo agus é i mbun eiseamláirí glan-Ghaeilge a theagasc dá mhic léinn. Cé go bhfuil ábhairín den athrá i dtús an scéilín le foclaíocht ar comhbhrí a theagasc, is gearr go n-imíonn sé sin as agus leantar leis an scéilín mar a bheadh píosa breá ceapadóireachta ann, ceapadóireacht na héigéille. Agus aithnítear téamaí ó shaothair eile leis an mórúdar próis, m.sh. eochair gheata na bhFlaitheas a bheith goidte agus na Flaithis fágtha faoi ghlas mar a samhlaíodh sa ghearrscéal (fada) An Eochair a foilsíodh in An tSraith ar Lár (1967).

Consain na Gaeilge – An Bhláthach –

Sna scéilíní seo bhain an Cadhnach leas as téama neamhdhóchúil, is é sin bláthach, mar ghraiplín le sraith ceachtanna faoi fhuaimniú chonsain na Gaeilge a chur i láthair ar bhealach greannmhar éigiallda dá mhic léinn. I dtosach báire shílfeá gurb í an deoch bhainniúil a bhí i gceist aige ach de réir a chéile músclaítear ceist an amhlaidh gur ainm ceilte ar dheoch de chineál eile ar fad atá ann – poitín, b’fhéidir? Pé ar bith scéal é, braitear cleasaíocht an údair tríd síos. An chéad seift a tharraing an Cadhnach chuige féin ná uaim. Seo an chéad chúpla abairt as (A), an chéad cheacht ina bhfuil na consain b, p, d, t, g, c faoi chaibidil:

Is breá blasta an t-ól é an bainne. Is fearr blogam maith bláthaí ná buidéal uisce beatha. Deir tusa gur boirbe agus gur bríomhaire é an braoinín crua. Déarfainnse, pé’r bith céard déarfása, gur fearr bleacht na bó brice sin amuigh ná biotáille ar bith. Tá daoine ann agus d’ólfaidís bairille bláthaí.

Féach mar a roghnaíodh focail éagsúla dar tús b ag teacht roimh chonsain agus ghutaí éagsúla. Ar aghaidh leis ansin le tacar focal dar tús p, d, t, g agus c. I gceachtanna eile, dírítear ar na consain eile, séimhithe, neamhshéimhithe agus uraithe.

Ní miste a rá gur cleas eile ag an gCadhnach sna scéilíní seo ná spochadh – spochadh faoi mhná, faoi fhir, faoi Ghardaí, faoi mhuintir Bhéal Feirste, faoi mhuintir Chiarraí, faoin gcléir, agus faoin bpobal i gcoitinne. Agus chuir sé cuid den spochadh seo i mbéal an chait a ndearna an Sáirsint Ciarraíoch smidiríní dá shásar agus a raibh de leamhnacht ann a chur amú. Agus níor mhiste leis carachtair bhéaloidis a tharraingt isteach nuair a d’fheil dó, mar shampla, Dubh na Féile agus an Ghlas Gaibhleann.

Cleachtaí as Ceachtanna Uí Chadhain

Ceachtanna iad seo a baineadh as páipéir Uí Chadhain i leabharlann na Tríonóide. Bunabairtí simplí gan mórán grinn ná áiféise iad go leor acu le húsáid agus réimniú briathra a theagasc. De réir mar a théann na ceachtanna ar aghaidh, tugtar samplaí de na haimsirí a bhí sna ceachtanna roimhe chun iad a dhaingniú agus tugtar isteach an aimsir nua atá á teagasc. Dá réir sin, éiríonn na míreanna níos faide. I mír 10 de Cheacht 4 (An Aimsir Fháistineach), luaitear go raibh mná le ligean isteach sa Seomra Coiteann uaidh sin amach – i gColáiste na Tríonóide, is dócha. Agus cuirtear míreanna 12 go 15 i mbéal an chait, agus píosa deas áiféise iontu.

Críochnaíonn Ceacht 5, An Modh Coinníollach, le véarsa a cúig de Mo Róisín Dubh:

Dá mbeadh seisreach agam, threabhfainn in aghaidh na gcnoc

Agus dhéanfainn soiscéal i lár an Aifrinn do mo Róisín Dubh;

Bhéarfainn féin póigín don óigbhean a bhéarfadh a hóighe dom

Agus dhéanfainn cleas ar chúl an leasa le mo Róisín Dubh.

I mír a dó de Cheacht 6: An Aimsir Ghnáthchaite agus Chaite, faightear tagairt do (John) Dunton, (díoltóir leabhar agus údar Sasanach a tháinig go hÉirinn sa seachtú haois déag agus a scríobh cuntais ar nithe a thug sé faoi deara) a scríobh go bhfásadh bairnigh ar mhuintir Chonamara mar nach mbearraidís iad féin.

I gCeacht 10, Foirmeacha Treise, foilsíonn an Cadhnach ‘Ní hé Davy Byrne m’fhear ósta-sa. B’fhéidir gurb é t’fhear ósta-sa é’.

San agallamh ‘Poblachtánachas agus Sóisialachas’ le Proinsias Mac Aonghusa, cuireann Máirtín a dhearcadh polaitiúil in iúl, agus in ‘An Campa Géibhinn’ cuireann sé síos d’Aindrias Ó Gallchobhair ar a thréimhse i gcampa géibhinn an Churraigh.

Cuireann an sliocht dialainne as Caiscín, an cuntas le Mhcheál O’Siadhail, agus an taifeadadh den Chadhnach ag léamh thús Cré na Cille go mór leis na leabhair seo.

Tá moladh mór ag dul d’Arndt Wigger agus d’Fheargal Ó Béarra as an obair mhór a chuir siad isteach sna leabhair seo, as an ábhar a roghnú agus a thabhairt le chéile, as cuid de a thras-scríobh ó bhonn, agus as a aistriú ansin go Béarla agus go Gearmáinis. Thug cara liom, ar múinteoir Gearmáinise í, suntas don aistriúchán dílis éadrom Gearmáinise ar an líne seo as Mo Róisín Dubh: Und hätte Spaß mit meiner Schwarzen Rose hinter dem Feenberg. Thug sí suntas freisin don aistriúchán ar ‘an raicleach’ sa sliocht as Cré na Cille: diese Füchsin (sionnach baineann), rud a thug orainn féachaint cén chaoi ar aistríodh go Béarla é: the strap, rud a d’oscail ceist faoi bhunús ‘strap’ i mBéarla na hÉireann. Ach sin scéal eile.

Chomh maith le modhanna múinte an Chadhnaigh, tugtar spléachtaí ar ghnéithe eile dá chuid oibre – a chumas uathúil ceapadóireachta ina bhfuil an greann, an áiféis, agus an spochadh lárnach, a stór mór eolais ar a chanúint, ar an mbéaloideas, ar a chuid léitheoireachta féin, ar a dhearcadh polaitiúil, ar a thuiscint ar nádúr an duine, agus ar a shamhlaíocht as cuimse. Cuireann na léaráidí spraíúla le Art Hughes barr smaise ar na leabhair seo agus tá curach bhán publications le moladh as a shlachtmhaire atá an dá leabhar.