Bás banríona

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tháinig deireadh leis an réim is faide a bhí ag aon mhonarc i stair na Breataine tráth a bhfuil an ghuagacht agus an mhíshocracht go mór sa treis sa tír sin.

Gan dabht, cuirfidh bás na Banríona Eilís II leis an éiginnteacht sin.

Nuair a tháinig Eilís ar an saol bhí 600 milliúin duine ar fud an domhain ina gcónaí in impireacht na Breataine, ach faoin am ar cailleadh í níos túisce an mhí seo bhí sí ina monarc ar thír cuibheasach beag ar imeall na hEorpa a bhfuil amhras mór ann faoina bhfuil i ndán di.

Nuair a bhásaigh Eilís II, trócaire sa chré uirthi, thug go leor polaiteoirí agus tráchtairí in Éirinn chun cuimhne a turas stairiúil ar an tír in 2011, nuair ba chroí na féile í lena cúpla focal Gaeilge.

Ní haon iontas é go ndíreofaí ar uair a báis ar an athmhuintearas a bhain leis an gcuairt sin seachas ar an stair chasta chrosta atá againn le ríthe agus banríonacha Shasana.

Mar sin féin, bhí an íoróin go flúirseach sa chaint sin go léir faoin mBanríon a ‘thóg droichid’ agus a chothaigh dea-chaidreamh idir an dá thír.

Seo ag tráth a bhfuil an caidreamh idir an dá thír chomh holc is a bhí le fada. Ba é an dualgas mór poiblí deireanach a leagadh ar an mBanríon ná Liz Truss a cheapadh ina príomh-aire, bean nach é cothú an athmhuintearais le hÉirinn an rud is mó atá ag déanamh scime di.

Ba í Truss a bhrúigh chun cinn in Westminster an dréachtreachtaíocht a scriosfadh an Prótacal iarBhreatimeachta a aontaíodh chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint agus an tsíocháin a chosaint.

Agus ansin, chun an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, cheap an príomh-aire nua beirt airí in Oifig Thuaisceart Éireann ar iarchathaoirligh iad ar an ERG, grúpa dearg-Eoraisceipteach na dTóraithe.

Nuair a tháinig Eilís i gcoróin, bhí an t-aontachtas slán sábháilte sa Tuaisceart agus forlámhas ag aontachtaithe ar an stát.

Tá an chuma anois ar an aontachtas traidisiúnta gurb é an féin-scrios atá i ndán dó agus é a cheangal féin leis an mBreatimeacht agus le páirtí ar cuma ann nó as é dáiríre.

Sea, tá go leor de na seanchinnteachtaí ag dul i léig, rud, b’fhéidir ab fhearr a thuig Banríon an chirt oidhreachtúil ná cuid de na géillsinigh is mó atá á caoineadh agus á hadhradh inniu.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie