Na Ríthe Beaga…

Mháirín Nic Con Iomaire
Na Ríthe Beaga…

Seo sliocht as ‘Na Ríthe Beaga’ – leagan Gaeilge Mháirín Nic Con Iomaire den úrscéal Les Enfants Sont Rois le Delphine de Vigan

AN tAONAD MÓRCHOIREANNA – 2019

AN PÁISTE KIMMY DIORE AR IARRAIDH

Ábhar:

Tras-scríobh agus úsáid na scéalta Instagram is deireanaí a phostáil Mélanie Claux (céile Diore).

SCÉAL 1

Postáladh ar an 10 Samhain ag 16:35

Fad: 65 soicind

Tógadh an físeán seo i siopa bróg.

Glór Mhélanie: ‘Bhuel a chairde, féach anseo muid sa siopa Run-Shop agus muid ag fáil péire nua bróga reatha do Khimmy! Sea a stóirín, teastaíonn péire nua uait nach dteastaíonn, mar tá an seanphéire beagán teann anois ort? (Dírítear ceamara an teileafóin ar an gcailín beag ach tógann sé cúpla soicind uirthi aontú go drogallach lena máthair.)

‘Anois seo iad na trí phéire atá roghnaithe ag Kimmy i dtomhas bróg 32. (Taispeántar trí phéire bróg le taobh a chéile). Tiocfaidh mé níos gaire dóibh. Tá péire órga ann ón mbailiúchán is deireanaí ag Nike Air, tá péire Adidas ann le trí stríoca orthu agus péire eile gan bhranda a bhfuil taca rúitín dearg orthu… Caithfidh muid cinneadh a dhéanamh agus mar is eol daoibh, is fuath le Kimmy é sin. Mar sin, tá muid ag brath go mór oraibhse a chairde!’

Ar an scáileán, feictear suirbhé beag Instagram:

‘Cén péire bróg ba cheart do Khimmy a roghnú?

A - an péire Nike Air

B - an péire Adidas

C - an péire is saoire.’

Iompaíonn Mélanie an ceamara uirthi féin agus cuireann clabhsúr leis an bhfíseán: ‘A chairde mo chléibh, is maith ann sibh mar is fúibhse an cinneadh seo a dhéanamh!’

****

Ocht mbliana déag roimhe sin.

Ar an 5ú lá de mhí Iúil 2001, lá mór an finale ar Loft Story, bhí Mélanie Claux, a deirfiúr Sandra agus a dtuismitheoirí suite mar ba ghnách leo gach Déardaoin, os comhair na teilifíse. Ó thosaigh an tsraith ar an 26 Aibreán ní raibh oiread agus clár amháin caillte ag muintir Claux.

Tháinig an ceathrar iomaitheoirí a bhí fanta sa chomórtas le chéile sa seomra mór suite, cúpla nóiméad sular scaoileadh saor iad. Bhí seachtó lá caite i ngéibheann acu taobh thiar de na ballaí arda sa teach mór réamhdhéanta seo a raibh gairdín bréige leis ach cró ceart do na cearca. Bhí an bheirt leaid brúite suas le taobh a chéile ar an tolg bán agus bhí na cailíní suite i gcathaoireacha uillinne ar chaon taobh díobh. Bhí an láithreoir, a raibh cáil mhór anois air in achar gairid ama, ag meabhrú go raibh lá na cinniúna, a raibh an oiread sin súil leis, tagtha: ‘Comhairfidh mé siar ó uimhir a deich agus faoin am go mbeidh mé ag a náid, beidh sibh tagtha amach as an teach!’ D’iarr sé an athuair ar an bpobal an comhaireamh a dhéanamh in éineacht leis. Tháinig siad isteach breá láidir leis mar a dhéanfadh cór umhal, ‘a deich, a naoi, a hocht, a seacht, a sé, a cúig’.

Dheifrigh na hiarrthóirí i dtreo an dorais, a chás ar iompar ag gach duine díobh… ‘a ceathair, a trí, a dó, a haon, a náid!’ D’oscail an doras amhail is gur shéid an ghaoth faoi agus tháinig na gártha molta ón slua.

B’éigean don láithreoir a ghlór a ardú le go gcloisfí é os cionn torann an tslua a bhí bailithe taobh amuigh, gan trácht ar an ngleo a bhí ag an dream a bhí ag fanacht go mífhoighdeach sa stiúideo le huair an chloig anois. ‘Tá siad tagtha amach! Tá siad ar an mbealach! Tá saoirse arís acu tar éis seachtó lá – Laure, Loana, Christophe agus Jean-Édouard!’ De réir mar a bhí an ceathrar ag déanamh a mbealach amach ar an mbrat urláir dearg a bhí leagtha in onóir na hócáide, bhí tinte ealaíne le feiceáil á scaoileadh ó dhíon an fhoirgnimh a raibh seachtainí fada caite acu ann.

Is fíor go rabhadar taobh amuigh, ach ar chaoi aisteach éigin bhí cuma taobh istigh ar an taobh amuigh seo. Bhí slua mór sceitimíneach brúite suas leis na ráillí, bhí grianghrafadóirí ag iarraidh teacht níos gaire dóibh, bhí strainséirí ag impí go síneoidís a n-ainm dóibh agus bhí a gcuid micreafón sínte amach ag na tuairisceoirí. Bhí plaicird agus bratacha ar foluain ag cuid den slua a raibh ainmneacha an cheathrair scríofa orthu agus bhí daoine eile a raibh ceamthaifeadáin acu agus iad ag scannánaíocht (mar ní raibh sa teileafón póca an uair sin ach uirlis shimplí, a bhféadfaí glaoch teileafóin a dhéanamh uirthi).

Bhí an rud a gealladh dóibh acu anois. In imeacht roinnt seachtainí bhí clú agus cáil orthu ar fad.

Agus iad á dtionlacan ag gardaí cosanta, chuaigh siad i measc an lucht leanúna. Lean an láithreoir ar aghaidh ag tráchtaireacht. ‘Níl siad ach cúpla méadar ón stiúideo. Féach anois iad ag dul suas na céimeanna.’ Cé go raibh an t-aicsean ar fad le feiceáil sna pictiúir theilifíse, chuir an tráchtaireacht go mór leis an teannas drámatúil (cé go rachadh an cur chuige nuálach seo i léig sna deich mbliana a bhí le teacht).

D’ardaigh na gártha agus d’oscail cuirtín dubh amach rompu. D’aithneofá an teannas ag méadú de léim ón nóiméad gur shiúil siad isteach sa stiúideo, áit a raibh a muintir agus an naonúr iomaitheoirí eile a cuireadh amach as an teach sna seachtainí roimhe sin, nó a d’fhág dá ndeoin féin. San atmaisféar corraitheach a bhí ag dul ó smacht de bheagán, thosaigh an chantaireacht ón slua: ‘Loana! Loana!’

Bhí muintir Claux ar aon tuairim leo agus iad féin ag súil gur aici a bheadh an bua. Shíl Mélanie go raibh sí ar áilleacht an tsaoil (a cíocha cóirithe, a bolg mín, a colainn ghriandaite). Bhí Sandra, a bhí dhá bhliain níos sine ná í, an-tógtha lena duairceas agus lena huaigneas (bhí na hiomaitheoirí eile tar éis diúltú di i dtús aimsire mar gheall ar an gcaoi a ngléasadh sí, ach cé gur glacadh ina dhiaidh sin léi, dhéantaí go leor cúlchainte fúithi). Cé gur ghoill sé ar Madame Claux gur tugadh bata is bóthar don iomaitheoir ab ansa léi féin – bean óg shuáilceach, ghealgháireach darbh ainm Julie, bhí scéal Loana tar éis dul i bhfeidhm uirthi dá buíochas. An óige chrua a bhí aici, a hiníon óg a bhí faoi chúram altrama – scéalta a bhí tugtha chun solais ag an bpreas tablóideach. Maidir le Richard, an t-athair, ní raibh aird aige siúd ach ar Loana, an bhruinneall fhionn. Ba dheacair leis a meangadh lagmhisniúil a dhíbirt as a intinn, gan trácht ar na brístí gearra a bhíodh uirthi nó an mionsciorta, a droim nocht agus an chulaith shnámha. Bhíodar ar fad ar aon fhocal gur cheart Laure a dhíbirt mar go raibh sí ró-bourgeois dar leo. Agus Jean-Édouard – bhí sé millte shíl siad, agus dúr, leithleasach.

Tamall gairid ina dhiaidh sin agus na buaiteoirí roghnaithe ag an lucht féachana d’fhág flít fada carranna galánta Plaine Saint-Denis agus thug aghaidh ar an ionad rúnda a mbeadh an chóisir cheiliúrtha ann. Sna sála orthu bhí gluaisrothaithe agus a gcuid ceamaraí feistithe. Bhí oiread acu ann agus a chlúdódh an Tour de France gan stró. Nuair a sheas na carranna ag soilse tráchta, síneadh micreafóin isteach trí na fuinneoga le tuairimí na mbuaiteoirí a fháil.

‘Meabhraíonn sé toghchán Chirac dom!’ arsa an láithreoir. Ní raibh an smideadh a bhí air in ann an tuirse a cheilt ní ba mhó. Ar imeall Place de l’Étoile, thosaigh tranglam mór tráchta. Anuas Avenue de la Grande-Armée agus as na sráideanna máguaird, bhí an slua ag bailiú, a gcuid carranna tréigthe acu le teacht níos gaire fós. Bhí na céadta ag fanacht leis na buaiteoirí ag doras an chlub oíche.

‘Is breá leo muid! Nach iontach é!’ arsa duine díobh, Christophe, leis an tuairisceoir a bhí ar an láthair.

D’éirigh Loana amach as an gcarr agus geansaí beag bándearg cróiseáilte uirthi, péire jíons tréigthe agus bróga dinge. Dhírigh sí a colainn álainn go grástúil agus bhreathnaigh timpeall uirthi. Bhí daoine ann a thug faoi deara an folús ina súile. Nó an mearbhall a bhí uirthi. Nó b’fhéidir an chinniúint thragóideach a bhí á tuar.

Bhí Mélanie Claux seacht mbliana déag an t-am sin. Bhí an cúigiú bliain díreach críochnaithe aici sa sruth teanga agus litríochta i Lycée Saint-François-d’Assise de La Roche-sur-Yon.

Cailín ciúin a bhí inti agus ní raibh mórán cairde aici. Cé nár shamhlaigh sí i ndáiríre aon cheangal idir an saol a bhí amach roimpi agus cúrsaí staidéir, agus an éiginnteacht a bhain leis sin, bhí sí díograiseach agus fuair sí torthaí sásúla. Thar aon ní eile, thaitin an teilifís go mór léi. Thug sé faoiseamh láithreach di ón bhfolús a d’airigh sí inti féin - folús nár fhéad sí a mhíniú. Faoiseamh ón imní agus ón bhfaitíos a d’airigh sí go raibh an saol ag éalú uaithi, braistint a d’airigh sí ag cartadh ina bolg mar a bheadh tobar gan tóin ann.

Mháirín Nic Con Iomaire

Scríbhneoir, aistritheoir agus craoltóir í Máirín Nic Con Iomaire