Cogadh tnáite?

Cogadh tnáite?

Mar gheall ar an méid a tharla le linn an chogaidh san Úcráin in 2022 is deacair a mheas go mbeidh réiteach ar an gcoimhlint i ndiaidh cainteanna, a deir Máirtín Ó Duibhir

Céimeanna ar gcúl

Tar éis na chéad mhíosa d’ionradh na Rúise ar an Úcráin bhí trúpaí de chuid na Rúise sna bruachbhailte timpeall phríomhchathair Kyiv agus ar tí í a ionsaí. Bhí príomhchathair chúige Kherson san iardheisceart faoina seilbh agus bhí a n-aghaidh tugtha ar Mykolaiv chun seilbh a ghlacadh ar chalafort Odesa. Bhí cathair Mariupol san oirdheisceart timpeallaithe agus faoi léigear. Anuas air sin bhí siad ar tí an dara cathair is mó sa tír, Kharkiv agus cathair Chernihiv sa tuaisceart a thimpeallú.

Tar éis an dara mí den ionradh bhí orthu tarraingt siar ó Kyiv agus Chernihiv agus cuireadh stop leis an dul chun cinn a rinne siad i dtreo Mykolaiv. Tar éis an tríú mí ba léir nach raibh aonaid de scoth an airm ag déanamh mórán dul chun cinn, nach raibh ceannas san aer ag an aerfhórsa, (an dara aerfhórsa is mó ar domhan) agus bhí orthu a n-eagar comhraic a athrú go hiomlán, filleadh ar a dteagasc míleata agus níos mó béime a chur ar ionsaithe airtléire.

Tar éis an séú mí bhí orthu cosaint a dhéanamh i gcoinne frithionsaithe ar scála mór na hÚcránach i gcúige Kherson. Tar éis an naoú mí bhí orthu tarraingt siar ó chathair Kherson, chlis siad i gcúige Kharkiv agus bhí orthu slógadh teoranta a fhógairt.

Leag Roinn Chosanta na Rúise ceithre aidhm amach ag tús an ionraidh: Dí-Naitsiú a dhéanamh (rialtas nua a chur in áit an rialtais dhlíthiúil), dímhíleatú a dhéanamh, cosc a chur ar mhéadú Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) agus seilbh iomlán a ghlacadh ar cheantar Donbas. Tar éis deich mí den chogadh níl aon cheann de na spriocanna sin bainte amach acu.

Dul chun cinn na Rúiseach

In ainneoin na gcéimeanna ar gcúl thuasluaite is féidir a mheas ar bhealach go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag na Rúisigh. Tá stráice mór talún, lena n-áirítear cuid mhaith de chúige Zaphorizhia agus an chuid eile de chúige Kherson ar bhruach thoir abhainn an Dnipro, atá mar cheangal talún idir an Donbas agus an Chrimé, faoina seilbh.

Mar gheall air seo tá na calafoirt ar chósta thuaidh Mhuir Azov faoi sheilbh na Rúiseach anois. Tá an ceantar as a dtagann 45% d’easpórtálacha gráin na hÚcráine faoina seilbh agus nuair a ghabh siad Zaphorizhia ghabh siad ceann de na stáisiúin núicléacha is mó san Eoraip freisin.

Tá beagnach an chuid is mó de chúige Luhansk faoina seilbh, cé go bhfuil na hÚcránaigh ag cur brú ar an tseilbh sin faoi láthair. Tá siad ag déanamh dul chun cinn beagán ar bheagán i gcúige Donetsk. Tá orthu praghas a íoc ó thaobh líon na saighdiúirí a maraíodh agus a gortaíodh ach tá na saighdiúirí slógtha acu chun an praghas sin a íoc.

Tá thart ar 50% de bhonneagar giniúna leictreachais agus teasa na hÚcráine scriosta agus tá an-damáiste déanta freisin do na córais soláthair uisce mar gheall ar ionsaithe diúracáin na Rúise. Má leanann na hionsaithe ar aghaidh meastar go bhfuil seans ann go dtitfidh na córais bhonneagair éagsúla go hiomlán as a chéile. Ní hamháin go bhfuil damáiste déanta do bhonneagar na tíre ach tá an tóin tar éis titim as geilleagar na tíre, cé nach bhfuil ach cúlú eacnamaíochta ag tarlú sa Rúis.

Cé nach féidir a rá go bhfuil siad ag buachan ní féidir a rá go bhfuil siad ag cailleadh ach oiread agus in ainneoin na gcéimeanna ar gcúl ar an talamh tá níos mó roghanna ag na Rúisigh cur suas leis an gcogadh ná atá ag na hÚcránaigh.

Roghanna na Rúiseach

I measc na roghanna éagsúla atá ag na Rúisigh is féidir leo:


Stop a chur lena n-ionsaithe ar an talamh agus san aer chun brú a chur ar thíortha an iarthair a chur ina luí ar na hÚcránaigh teacht chuig an mbord idirbheartaíochta. Beidh siad in ann cuma na maitheasa a chur ar a bhfuil bainte amach acu sa chogadh go dtí seo agus é a dhíol le muintir na Rúise.


Leanúint ar aghaidh leis na hionsaithe ag an leibhéal ina bhfuil siad anois agus cur leo má fhaigheann siad an deis. Cé nach bhfuil na saighdiúirí slógtha den chaighdeán is fearr tá na trúpaí ag na Rúisigh chun leanúint ar aghaidh leis na hionsaithe ar an talamh. De réir anailís a rinne na hÚcránaigh, cé go bhfuil smachtbhannaí i bhfeidhm d’éirigh leo níos mó ná 600 diúracán treoraithe a mhonarú in 2022. Tá dóthain diúracán, diúracáin threoraithe agus buamadóirí acu chun leanúint leis na hionsaithe ar bhonneagar na hÚcráine. Anuas air sin tá siad ar tí diúracáin nua a fháil ón Iaráin. Tá na hacmhainní eacnamaíochta acu freisin chun leanúint ar aghaidh leis an gcogadh ar feadh i bhfad.


Feachtas ionsaithe nua a sheoladh in aon cheann de na láithreacha cogaidh, fronta nua a oscailt sa tuaisceart nó b’fhéidir an Bhealarúis a mhealladh isteach sa chogadh. Tá na Rúisigh dírithe ar an gcogadh sa Donbas faoi láthair agus níl aon fhianaise ann go bhfuil fonn orthu fronta nua a oscailt sa ghearrthéarma ar a laghad. Ach tá thart ar 200,000 saighdiúir slógtha acu sa Rúis chun feachtas ionsaithe nua a sheoladh.

Is dóichí ná a mhalairt go gcosnóidh siad an talamh atá faoina seilbh, go leanfadh siad ar aghaidh le hionsaithe ar scála beag chun brú leanúnach a choimeád ar na hÚcránaigh sna láithreacha cogaidh éagsúla, go háirithe i gcúige Donetsk agus go ndéanfaidh siad na hullmhúcháin le bheith réidh le hionsaithe ar scála mór a sheoladh. Gan amhras leanfaidh siad ar aghaidh leis na hionsaithe diúracáin agus dróin chomh maith. Tá an t-am acu agus níl comharthaí ar bith ann go bhfuil fonn orthu tarraingt siar óna gcuid spriocanna.

Roghanna na nÚcránach

Cé nach bhfuil muintir na Rúise ag fulaingt go mór mar gheall ar an gcogadh tá cogadh dearg curtha ar mhuintir na hÚcráine. Tá rialtas na hÚcráine ag brath ar chabhair ó thíortha an iarthair chun an tír a choimeád ag imeacht. Anuas ar bhonneagar giniúna leictreachais agus teasa atá scriosta, tá cuid mhaith den bhonneagar poiblí, go háirithe san oirthear agus sa deisceart, scriosta freisin. Mar gheall ar an scrios sin níl na deiseanna ag an rialtas níos mó teacht isteach a shaothrú.

Tá arm na hÚcráine ag brath níos mó ar thíortha an iarthair chun soláthairtí míleata a fháil agus cé go ndearna siad dul chun cinn suntasach ar an talamh chun cuid de na críocha gafa a athghabháil san fhómhar tá thart ar 15% den tír faoi sheilbh na Rúise fós agus tá an cogadh i sáinn a bheag nó a mhór le beagnach dhá mhí anuas.

Toisc go bhfuil an Úcráin ag brath a bheag nó a mhór ar chabhair mhíleata, eacnamaíochta agus dhaonnúil ó thíortha na iarthair, tá an baol ann go gcuirfí brú cáiréiseach orthu ag na tíortha sin. Níl an fhadhb chéanna ag na Rúisigh. Má leanann cúrsaí ar an talamh mar atá siad faoi láthair agus an cogadh i sáinn seans go gcuirfear brú cáiréiseach ar na hÚcránaigh teorainn a chur lena gcuid spriocanna uaillmhianacha, mar shampla srian a chur leis an sprioc na Rúisigh a dhíbirt ón gCrimé.

Chun an buntáiste is mó ar an talamh a bheith acu agus chun aon bhrú a d’fhéadfadh a bheith ann ó thíortha an iarthair a sheachaint nó ar a laghad moill a chur air, níl an dara rogha ag na hÚcránaigh ach an méid is mó talún a athghabháil chomh tapa agus is féidir. Chun é seo a bhaint amach beidh orthu feachtas frithionsaithe eile a chur i dtoll a chéile agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an láthair chogaidh ina seolfaidh siad an feachtas.

Toisc go bhfuil fórsa láidir agus cosaintí daingnithe ag na Rúisigh i gcúige Donetsk tá seans ann go gcuirfidh na hÚcránaigh an ceantar seo as an áireamh mar láthair chogaidh ina seolfaidís frithionsaithe ar scála mór.

D’éirigh leo na Rúisigh a dhíbirt ó chúige Kharkiv agus cúige Luhansk a bhaint amach san fhómhar. Má éiríonn leo feachtas frithionsaithe a sheoladh arís ar an ais seo i dtreo línte soláthair na Rúiseach beidh siad in ann tionchar a imirt ar an gcath in Donetsk.

Chuir na Rúisigh béim ar cheangal a dhéanamh idir Mariupol agus an Chrimé go luath san ionradh. Dá mbeadh na hÚcránaigh in ann frithionsaí a dhéanamh san ais ó dheas ó chathair Zaporizhia i dtreo Melitopol agus an ceangal sin a bhriseadh agus brú a chur ar an gCrimé, bheadh an buntáiste acusan.

Súil ar an gcuid eile den bhliain

Tá comharthaí ann go bhfuil cúrsaí taidhleoireachta ag bogadh. Dúirt Ceann Foirne fhórsaí míleata na Stát Aontaithe i mí na Samhna go mb’fhéidir gurb é seo an t-am le dul i mbun cainteanna. Is deacair a shamhlú go ndéanfadh sé ráiteas mar sin gan é a phlé le hAire Cosanta agus Comhairleoir Slándála Náisiúnta na Stát Aontaithe. Tá iarrachtaí taidhleoireachta eile ag tarlú freisin, mar shampla thug Uachtarán na Fraince cuairt ar Washington i mí na Samhna agus de réir an ráitis a eisíodh moladh gur chóir na línte teagmhála le Putin a choimeád ar oscailt. Cé gur deacair a shamhlú cad a spreagfadh na Rúisigh stop a chur leis an ionradh, seachas cliseadh míleata ar an talamh, seans go mbeidh cainteanna de shaghas éigin, nó cainteanna faoi chainteanna ag tarlú níos deireanaí sa bhliain.

Idir an dá linn leanfaidh na Rúisigh ar aghaidh leis na hionsaithe diúracáin agus dróin chun brú a chur ar bhonneagar poiblí agus míleata na hÚcráine. Leanfaidh siad ar aghaidh le hionsáite ar scála beag chun brú leanúnach a choimeád ar Arm na hÚcráine ar an talamh. Tar éis dóibh na hullmhúcháin a dhéanamh, seolfaidh siad ionsaithe ar scála mór arís.

Caithfidh na hÚcránaigh níos mó talún a athghabháil sula mbeidh siad réidh le dul chuig an mbord idirbheartaíochta. Déanfaidh siad gach iarracht feachtas frithionsaithe a sheoladh mar a rinne siad i gcúige Kharkiv san fhómhar chomh luath agus is féidir.

Mar gheall ar an méid a tharla le linn an chogaidh in 2022 is deacair a mheas go mbeidh réiteach ar an gcoimhlint i ndiaidh cainteanna. Seans go leanfaidh sí ar aghaidh mar chogadh tnáite seachas mar chogadh dearg, amhail mar a bhí sí roimh an ionradh agus ó bhí 2014 ann. Is é an t-aon rud amháin a bheidh le socrú idir seo agus na cainteanna a d’fhéadfadh a bheith ann ná cén áit ina mbeidh an teorainn nó na línte coimhlinte idir an dá fhórsa sna láithreacha cogaidh.

Beidh an dá fhórsa ag déanamh a ndíchill na buntáistí is mó a bhaint amach ar an talamh roimh thús cainteanna.