Seacht nDólás a Cine 

Saol na mBan sa Bhealarúis tar éis Chernobyl i ndánta Celia de Fréine agus Bhríd Ní Mhóráin 

Ar ámhraraí an tsaoil do mhuintir na tíre seo, ní dhearna léibhéil bhorrtha na radaíochta an oiread sin dochair anseo. Is amhlaidh a chuaigh iarmhairtí na tubaiste go mór i bhfeidhm ar mhuintir an Oirthir, faraor – An Rúis, an Úcráin, agus an Bhealarúis go háirithe. Maíonn an socheolaí Ekatharina Zhukov go ndeachaigh iarmhairtí Chernobyl i bhfeidhm go mór ar an Bhealarúis go speisialta: ‘Belarus had a three times greater percentage of its territory contaminated (23.5% versus 7%) and a five times greater percentage of its population affected (35% versus 7%) than Ukraine. While Ukraine had five nuclear power plants, including the Chernobyl plant, Belarus had none.’ D’fhéadfaí an Bhealarúis a áireamh mar ‘zón íobartha’, nó ‘sacrifice zone’, mar a rinne Steve Lerner cur síos ar áiteanna áirithe sna Stáit Aontaithe Mheiriceá a fhulaingíonn iarsmaí tromchúiseacha mar gheall ar an truailliú ceimiciúil. Is ionann, go minic, na háiteanna seo agus na áiteanna ina gcónaíonn an dream is boichte sa tsochaí. Is iad áitritheoirí na zón íobartha is mó a fhulaingíonn iarmhairtí an truaillithe, cé nach iad is cúis leis an truailliú, de ghnáth.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús

File agus scoláire í Ailbhe Ní Ghearbhuigh