Iascairí ar Dhaoine
Gearrscéal nua le Jack Ó Drisceoil
Dúirt Matha gur maraíodh ainmhí aduain sa tanalacht le breacadh an lae, ainmhí nach bhfacthas riamh roimhe sna críocha sin. Dath uaine a bhí air agus fuarthas bonn airgid ina bhéal. Níor aontaigh líon an bháid gurbh aon dea-thuar é sin, áfach - ná gurbh fhéidir deich míle iasc a mharú in aon oíche amháin. Bhí curtha chun farraige acu sular mhínigh Matha an tasc a bhí rompu, rud nár mhaolaigh puinn ar an drochspionn a bhí orthu; bhíodar tar éis an lá ar fad a chaitheamh i bpluais cois cladaigh ag fanacht le go rachadh de bhrothall an lae. Ach chuir Matha in iúl dóibh gur i líonmhaire in aghaidh an lae a bhí a lucht leanúna ag dul - agus iad siúd ag súil le gach aon mhíorúilt ní b’iontaí ná a chéile. Ach go háirithe, bhí an rogha acu: leanúint den ghnó nó filleadh ar shaol na ngalar is na gcruimheanna.
Ba iad ceathrar iad ina theannta Aindríos, Tomás, Síomón agus Tadáias, iadsan ina seasamh ag gabháil do na maidí agus Matha féin cuachta ar chlár tosaigh an bháid. Bhí Muir Ghailíle ina clár mór dearg faoin taca seo agus i bhfad siar uathu bhí Sliabh Áraibéil ina sheasamh dubh le spéir agus an ghrian ag dul faoi ar a chúl. Ghluais an bád thar bráid in aice an chladaigh thoir mar a raibh roinnt fear i mbun a mbád a ghléasadh chun farraige. Chualathas glór aonair ag éirí as measc na bhfear sin ag coisreacan na hoíche seilge a bhí rompu. Rinne an ceathrar iascairí sa bhád aithris air os íseal. Bhí Matha gan beann air, áfach, é ag déanamh suimeanna ar a mhéara agus ag breacadh síos an tátal ar shlinn bheag ar a ghlúin.
D’iompaíodar ar chlébhord. Chuir Síomón agus Tomás an bád ar chúrsa mór ciorclach fad is a shín Tadáias agus Aindríos an eangach amach ar dheireadh an bháid. Faoi dheireadh bhí claí ciorclach curtha síos go grinneall acu i dtreo go ngabhfaí gan teip an t-iasc a bheadh ag gabháil na slí. Thugadar an bád ceann chuige agus ligeadar ancaire. D’fhan Tadáias i bhfeighil na heangaí agus rinne an triúr iascairí eile na liodáin a rá.
Bhí scáil na hoíche á leathadh ar an bhfarraige nuair a thosaíodar ar an eangach a tharraingt isteach. Iasc ní bhfuaireadar inti, cé is moite den chorrchat mara agus roinnt eascanna, gan iontu sin ach dramhaíl. B’ait leo sin ó bhí iasc le fáil ó oíche go maidin riamh anall i Muir Ghailíle. Thriaileadar arís é agus ba é an scéal céanna é.
Dhíríodar ar cheantar ní b’fhaide siar ó thuaidh inar dhóigh le hAindríos go bhfaca sé loinnir sa sáile, óir ba chomhartha é sin go mbeadh an t-iasc tagtha suas faoi chraiceann an uisce. Ach ní raibh aon dul suas ar an iasc an uair sin ach oiread, ná ina dhiaidh sin, ná ina dhiaidh sin fós. Cnáimhseán nár bheag a bhí ar an gceathrar anois mar sclábhaíocht throm é an eangach a shíneadh agus a tharraingt gan tairbhe. Ní raibh aon mhaith a bheith ag iarraidh ar Mhatha obair chrua a dhéanamh.
Bhí an dorchadas ag teacht go tiubh umpu agus bhí gléshoilse beaga á lasadh i ndiaidh a chéile i bhfad amach ar an uisce uathu; na báid eile curtha chun farraige agus a gcriú ag tarraingt chucu a laindéar. Ansin lasadh ceann acu sin d’urchar amach ar deasbhord. Ag teacht ina dtreo a bhí sé, é ag luascadh agus ag preabadh amhail is go raibh a intinn thaghdach féin aige. D’fhan na hiascairí go dtí go raibh sé nach mór sa mhullach orthu sular ligeadar béic. Bhain an bád eile a mhalairt de bhord aisti ar an toirt agus shleamhnaigh isteach cliathánach leo. Fear críon féasógach a bhí ina sheasamh faoina laindéar agus é ag gliúcaíocht orthu mar a bheadh seanulchabhán ann. Cad ina thaobh nach raibh a laindéar ar crochadh acu? Ba dhóbair gur bhuail sé caol díreach ina n-aghaidh.
Matha ag gabháil a leithscéil: b’amhlaidh a bhí a laindéar tite thar bord, iad ag fanacht le héirí na ré anois. Fanacht fada a bheadh orthu, dá mba ea. Oíche dhuibhré is ea a bhí rompu - nach bhfacadar an fáinne flannbhuí a bhí ar an nGrian ag dul faoi di? É sin mar bharr ar an donas go léir mar bhí an t-iasc níos gannchúisí ná mar a bhí sé aon tráth lena chuimhne.
Le tamall bhí gach aon mhíthuar á thaispeáint féin do lucht iascaigh: síthe gaoithe ag éirí amuigh ar an domhain; réaltaí neimhe ag titim i bhfarraige; glórtha uafásacha ag teacht de dhroim na mara mar a bheadh na Damanta ag glaoch as Ifreann. Rud ní ba sheacht measa ná sin: chonacthas ainmhí uafásach éigin ag cúrsáil thart sa sáile, é tagtha as íochtar na farraige de réir gach uile chosúlachta. Roinnt bád slogtha siar ina chraos aige, dá mb’fhíor - criúnna, iasc agus uile.
Bhí deireadh ráite aige. D’fhill an seanfhear ar an dorchadas agus líon an bháid fágtha suaite go maith ina dhiaidh. Rinne Matha spior spear de: ba thábhachtaí an gnó a bhí idir lámha acu ná aon phiseog seaniascaire. Ach go háirithe, níor bhaol do thimirí Dé i mbun a ndea-oibreacha, bíodh diabhlaíocht ar cois nó ná bíodh.
Mar sin féin, ní fhéadfadh na hiascairí gan a bheith ag síorfhéachaint thar a ngualainn agus an eangach á cur amach acu. Go mall drogallach ar dtús, chromadar ar an uisce a bhuaileadh leis na maidí, ag iarraidh an t-iasc a thiomáint isteach san eangach, má bhí an t-iasc ann in aon chor. Nuair a chonaiceadar nár tharraing an méid sin aon deamhan mara orthu, luíodar isteach go tréan air.
Tar éis dóibh cúpla uair an chloig a chaitheamh ar an ealaín sin, ní raibh ach dornán muskt agus tuilleadh cat mara acu. Thriaileadar gach seift dá raibh acu ach b’in a raibh de mhaith dóibh ann. Ligeadar titim den trealamh agus shíneadar iad féin i dtóin an bháid. Ba chuma leo cad a déarfadh Matha ansin, bhí scíth uathu agus b’in a raibh air.
Bhí an ghaoth ag éirí, í ag teacht aniar aneas de dhroim an Nathal Ámúd. D’éirigh Síomón aniar gur fhéach uaidh ó thuaidh mar a raibh laindéir mórán bád eile ag gluaiseacht go taibhsiúil anonn is anall. Chun seoil linn, a dúirt sé. Bhí gach cosúlacht ar an scéal go raibh sé beo le hiasc thall ag béal na hIordáine.
D’ardaíodar an seol. An bád ag snámh léi ansin agus cóir bhreá aici. Ba é a gcúram fanacht glan ar na báid eile agus dul ní b’fhaide soir ó thuaidh i dtreo shoilse Bhéatsáide, áit a raibh meá nach ngnáthaítí go rómhinic. Scaoileadar an eangach agus lig an t-ancaire. D’fhan mar a raibh acu. Tharraing an eangach. Breac.
Thosaíodar ag tabhairt na mallacht ar Mhatha ansin. Barr díth céille é gur cuireadh orthu a mbáid féin a dhíol ar dhul isteach sa mhinistreacht dóibh. Dúirt Matha gur mhairg don té a thabharfadh cluas bhodhar do... ní hea, a thabharfadh cúl do - Deamhan é féin agus a chluas bhodhar, ba léir nár chreid sé féin a leath den teagasc sin. Bhí siar agus aniar ansin faoin Scríbhinn Dhiaga agus gan an tuiscint chéanna ag aon bheirt acu uirthi. Leis an linn sin d’éirigh loinnir san uisce mórthimpeall an bháid agus scoradh den allagar ar an bpointe. Luíodar isteach ar an obair agus an uair seo tháinig an muskt aníos go tiubh as an domhain mar sheoda lonracha. Bhailigh i dtóin an bháid go ndearna praiseach sleamhain de. Rinne Matha iad a chomhaireamh: breis agus dhá mhíle. Go beo anois sula bhfeice an dream eile sinn, arsa Matha ag bagairt faoi dhéin na hairde a raibh na laindéir fós ag rince ar dhroim an uisce.
Chromadar ar an eangach a cheartú lena cur amach arís faoi dheifir; chuaigh Aindríos i mbun an t-ancaire a thógáil. Sracfhéachaint dár thug seisean uaidh, chonaic sé na laindéir in imigéin á múchadh d’urchar mar a bheadh scáil mhór dhubh tar éis iad a shlogadh. Lig sé fead ghéar as a chuir an criú ina stad in áit na mbonn. Éistigí, ar seisean. Fuaim ní raibh ann ach lapadaíl an uisce i gcoinne chabhail an bháid; iad go léir ina dtost nó gur dhóigh leo go raibh dorchadas an aeir agus na farraige ag bailiú isteach orthu. Ansin geonaíl throm tholl agus siosarnach á leanúint. Lig Aindríos titim don ancaire agus i bhfaiteadh na súl bhí laindéar ar lasadh aige. Chun na maidí nó déanfar dhá leath dínn, ar sé de bhéic.
Ach bhíodar ina seasamh gan chor iontu roimh an rud a bhí tar éis nochtadh chucu as lár an dorchadais. Aghaidh adhfhuafar anchumtha a bhí air, súile fiáine agus cár fíochmhar: an ollphéist mhara a raibh an chaint go léir uirthi, sin an rud a bhí tagtha - agus rún a mbasctha aici.
Ní raibh aon chaoi ar an tuairt a sheachaint. Baineadh gach duine dá chosa agus teilgeadh an bád i leataobh. Gach rud ina chíor thuathail acu agus bhí Aindríos imithe thar bord. Thóg Tomás a cheann agus an t-ainmhí ag sciorradh tharstu. Chonacthas dó nár chraiceann ná gainní a bhí uirthi, áfach - ach deilí fada adhmaid buailte le chéile.
Is é a bhí ann árthach, árthach de chineál áiféiseach nach bhfaca sé riamh ná nár chuala trácht air. Chonaic sé poill inti, agus na scórtha maidí rámha ag gobadh astu - iad droim le huisce anois ar mhaithe lena siúl a bhaint di. Árthach de dhéanamh na Rómhánach mar sin - cén dream eile a mbeadh sé iontu a leithéid de long a cheapadh? Bhí lucht a déanta tar éis ceann ollphéiste a shníomh go cliste ar a tosach d’fhonn scanradh a n-anama a chur ar dhaoine.
Chualathas trup na gcos os a gcionn agus scairteanna á ligean. Lasadh tóirsí. Ghlaoigh duine anuas orthu i nGréigis. Caitheadh ceann téide agus dréimire isteach chucu. Tarraingíodh Aindríos as an uisce agus níorbh fhada go raibh an criú ina seasamh ar bhord uachtarach an árthaigh. Is é a bhí ann rompu taoiseach céid míleata, beirt sclábhaithe taobh leis ag iompar tóirsí agus drong léigiúnach ar a chúl. Aghaidh ramhar dheargphlucach a bhí ar an taoiseach céid agus bhí sé ag briseadh a chroí ag gáire. Dá bhfeicfeadh sibh an ghnúis a bhí oraibh! ar seisean.
Thóg Matha a cheadúnas iascaigh as a chasóg agus shín chuige é. Chaith seisean leathshúil air agus scrios ina lámh é.
- Níl feidhm ag an gceadúnas seo níos mó, ar seisean. Faoi chúram Chaesair a bheidh seilg na farraige seo feasta, óir is mian le Caesar nach mbeidh an Róimh gann ar iasc.
Labhair Matha agus mhínigh nár don mhargadh an t-iasc a bhí maraithe acu ach do na fíréin a bheadh chucu an lá arna mhárach. Rinne an taoiseach céid draothadh gáire.
- Lucht fáithe sibh, an ea? Lucht seachanta cánach, más ea. Féadfaidh bhur bhfáidh a chor éisc a éileamh más mian leis. Féadfaidh sé teacht ag triall orainn de shiúl cos ar uachtar an uisce! Ós ag caint ar mhíorúiltí atáimid, gabhaigí i leith go bhfeice sibh. Ar thús cadhnaíochta atáimidne i gcúrsaí iascaigh.
Threoraigh sé go dtí an bord deiridh iad. Ansin thóg sé tóirse ó dhuine de na sclábhaithe agus d’ardaigh é i dtreo go bhfaca na hiascairí an fearas a bhí feistithe ar chúl na loinge. Is é a bhí ann dhá chrann tochrais mhóra agus eangach ábhalmhór crochta eatarthu a raibh raidhse éisc i bhfostú inti.
D’ardaigh sé píosa den eangach mhór os a gcomhair.
- Ní eangach amháin atá inti ach trí cinn fuaite le chéile a bhfuil mogalra difriúil iontu. An muskt seo agaibh, cuir i gcás, snámhann sé go breá réidh isteach tríd an gcéad eangach: ‘Tá go maith agus níl go holc,’ a deir sé leis féin. Ansin téann sé ar éigean tríd an dara heangach agus fós ceapann sé nach baol dó. Ach ansin buaileann sé faoin tríú heangach, agus is í a dhéanann a chreach! Baineann sé gach aon chasadh as féin chun éalú agus téann i bhfostú sna trí eangach in éineacht. Níl againne ansin ach an t-iomlán a tharraingt isteach.
Chrom sé agus d’oscail haiste ar an deic. Radharc ar bhroinn na loinge istigh a fuair na hiascairí. Bhí an áit ag cur thar maoil le hiasc, é á dhoirteadh as an eangach a bhí á cornadh thart ar bhairille mór. É sin á oibriú ag sclábhaithe ar mhuileann coise. Bhí na scórtha eile sclábhaithe i mbun na hoibre, cuid acu ag tarraingt an éisc as an eangach agus á bhualadh le bataí, tuilleadh á scoilteadh le sceana, tuilleadh á ghlanadh agus á chur ar salann. Méid gan áireamh d’iasc de gach sórt a bhí ann, é bailithe ina charn mór os comhair altóir a raibh dealbha d’Iúnó, de Neiptiún agus de roinnt déithe eile uirthi. Bhí idir sclábhaithe agus iasc fliuch le huisce, le hallas agus le hola, iad go léir mar a bheadh i ngreim ina chéile. Faoi bhladhm phreabach na dtóirsí, ba dhóigh leis na hiascairí gur umar lán le deamhain ar mire é, iad á ngríosú chun saothair ag na déithe lena ngeáitsí arraingeacha aduaine.
Ligeadh ar ais ina mbád iad. Idir an dá linn, bhíothas tar éis an t-iasc a bhí maraithe acu a bhaint. Bhí a dtrealamh iascaigh - líonta, baoití agus uile - bainte díobh freisin.
Bhíodar go léir agus ceann faoi orthu. Ní fhéadfadh ach cúpla uair an chloig a bheith fágtha sula mbéarfadh an lá orthu agus b’iúd iad dealbh tar éis obair na hoíche. Bheadh na sluaite chucu roimh mheán lae agus gan ann rompu ach an t-arán. D’fhéadfadh fáidh ar bith an méid sin a dhéanamh. An t-iasc fliuch úr a theacht mar a bheadh ó Neamh, b’in an cleas a bhí beartaithe acu.
D’éirigh loinnir sa sáile arís. Cor níor chuir na hiascairí díobh ach iad go neamhshuimiúil dearóil, duine nó beirt acu ag fliuchadh a méar go leisciúil sa sáile. Ach murab ionann agus gnáthloinnir éisc, leath an solas amach sa sáile nó gur nocht árthach na Rómhánach tamall uathu, í ag imeacht léi go mustrach maorga. Ba dhóigh le duine gurbh í an ré féin a bhí ag cur uaithi sa doimhneacht. D’éirigh cuaifeach gaoithe ansin a tháinig go tobann sa chliathán orthu. D’éiríodar ina seasamh de gheit. Chonaiceadar go raibh an sáile ina ghuairneán rompu agus rug gach duine greim ar rud éigin chun é féin a choinneáil ar a chothrom.
Bhí réad mór rólonrúil ag teacht aníos as doimhneacht na farraige. Bhain sí an barr amach, gach aon gha solais ag stealladh aisti agus í ag cur maidhmeanna móra uisce uaithi ar gach taobh di. Bhris an fharraige ar dhroim an bháid gur scuabadh an bord ó thús go deireadh.
Ag féachaint dó faoi mhéara a láimhe amach, ba chuma an réad do Shíomón nó sciath ábhalmhór iompaithe taobh síos suas. Shíl sé go bhfaca sé fuinneoga ciorclacha inti agus neacha doiléire taobh istigh. Suas léi ina meall ábhalmhór lánsoilseach nó go raibh sí ar crochadh go hard san aer agus na hiascairí nach mór dallta aici. Bhí sé ina shí gaoithe mórthimpeall orthu.
Ansin chualathas dordán mar a bheadh míle beach ann. Féachaint dár thugadar in airde, cad a d’fheicfidís ach criú an árthaigh Rómhánaigh ar foluain san aer os a gcionn, léigiúnaigh, sclábhaithe agus uile. Bhíodar á lúbadh, á gcasadh agus á n-únfairt féin, iad go léir ag screadaíl in ard a gcinn gan aon fhuaim a theacht óna mbéal. B’iúd uathu an taoiseach céid féin agus é ag rith chomh tapaidh agus a d’fhéad sé, gan é a dhul áit ar bith. Ina gceann agus ina gceann d’eitil gach mac máthar acu suas isteach i mbroinn an réada lonraigh mar a bheidís á dtarraingt ag líon dofheicthe. Ansin chualathas ‘snap’ agus, amhail coinneal á múchadh, d’imigh an solas, d’imigh an dordán agus tásc na tuairisc ní raibh ann den soitheach eitilte.
*
Bhí sé ina théigle mhór nuair a bhuaileadar talamh in oitir ghainimh. Thiteadar i ndiaidh a mullaigh as an mbád agus rinne ar an gcladach, ag tuisliú agus ag titim san uisce tanaí amhail lucht meisce. Bhí an cuan go síochánta ina dtimpeall; ní chreidfeadh duine gur tharla rud ar bith neamhchoitianta. Nuair a bhaineadar an cladach amach cad a bheadh rompu ach an t-árthach Rómhánach, í caite i mbarr an chladaigh, briste brúite. Bhí gabháil éisc an árthaigh arna scaipeadh ar fud na trá.
Bhí an spéir ag glanadh agus an ghrian ag éirí. Bhailíodar an méid éisc a bhí uathu agus breis air. D‘fhiafraigh Tadáias de Shíomón an bhfaca sé an té a bhí ag stiúradh an árthaigh aeir. Dúirt go bhfaca. Cé a bhí ann? Freagra níor thug sé ach a rá nár mhór dóibh a dtoil a chur le toil Dé, a gclab a dhúnadh, agus a dhéanamh mar a déarfaí leo as sin amach.