Tá eagla orm focal Gaeilge a bhreacadh...

Tá eagla orm focal Gaeilge a bhreacadh...

Tá plé suimiúil ar chonspóid Eireaball Spideoige i ndialann de chuid Sheáin Uí Ríordáin ó 1953, a deir Pádraig Ó Liatháin

Bhreac an Ríordánach Dialann 12 idir an 6 Feabhra agus 8 Aibreán 1953. Dialann í atá scáinte go maith gan mórán leathanach inti, agus tá sí tras-scríofa anseo agam thíos go dílis, gan ach eagarthóireacht an-éadrom déanta uirthi.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús

Ollamh cúnta in Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU.

Fuair Pádraig Ó Liatháin a chuid oideachais ollscoile i gColáiste na Tríonóide, idir BA, M. Litt., agus PhD. Tá sealanna caite aige ag léachtóireacht agus ag múineadh i gColáiste na Tríonóide, i gColáiste Oideachais Froebel, in Ollscoil Sheárlais, Prág agus le Gaelchultúr.

Tá taighde déanta agus altanna scríofa aige ar Éamonn Mac Giolla Iasachta ar Sheán Ó Ríordáin ar Dhonncha Rua Mac Conmara agus ar Thalamh an Éisc.

Scríobh sé tráchtas dochtúireachta ar an dán eisceachtúil ón 18ú céad, Eachtra Ghiolla an Amaráin, le Donncha Rua Mac Conmara. Tá eagrán den dán ag na clódóirí i láthair na huaire don tsraith Filí a thionscain Field Day Publications, Ollscoil Notre Dame, ach a chuirfidh Cló Iar-Chonnacht amach an bhliain seo chugainn.

Iar-eagarthóir Gaeilge é ar Eighteenth Century Ireland: Iris an dá chultúr ar feadh ceithre heagrán (2012-15) agus tá sé ina bhall seachtrach d'Ionad an Léinn Éireannaigh, i Roinn an Bhéarla in Ollscoil Sheárlais, Prág.

Tá sé ag obair lena chomhghleacaí, Éadaoin Ní Mhuirceartaigh ar dhíolaim litríochta taistil sa Ghaeilge 1600-2000.
Faoi láthair tá sé ag obair ar an mhórthionscadal taighde .i. dialanna Sheáin Uí Ríordáin a thrascríobh agus a chur i gcló.

Is suim leis litríocht na Gaeilge ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann, agus tá suim acadúil agus phearsanta aige in amhráin na Gaeilge idir shean-nós agus nua-chumtha.