Doirse an Doibhlinigh
D’oscail Breandán Ó Doibhlin doirse dúinn, níl le déanamh anois againn ach é a leanúint isteach, a deir Fionntán de Brún
Sna míonna sula bhfuair sé bás, bhí dhá chomhrá agam le Breandán a mbeidh cuimhne go deo agam orthu. Bhain an chéad cheann le Coláiste na nÉireannach i bPáras (Centre Culturel Irlandais) agus an dóigh ar tháinig sé ar na cáipéisí stairiúla a thug bonn dleathach don fheachtas a bhí aige féin agus an tAthair Liam Swords, idir lár na 1970idí agus deireadh na 1980idí, an Coláiste a fháil ar ais do mhuintir na hÉireann. Tugadh eochair dóibh do dhoras nár osclaíodh le fada agus a bhí ceilte ag péint dhúliath.
Ar thoradh moille, d’aimsigh siad poll agus chuir an eochair isteach ann. Leis an iarracht a bhí acu an eochair a thiontú, thosaigh an phéint a scoilteadh agus níorbh fhada gur léir dóibh imlíne an dorais san áit a raibh an phéint anois scartha ón adhmad. D’oscail siad an doras agus sa tseomra istigh fuair cáipéisí ag dul siar go dtí an 14ú haois agus, ina measc, ceann amháin a dheimhnigh gur fágadh an Coláiste do chléir na hÉireann, mar donatio inter vivos (bronntanas idir na beo) sa bhliain 1772. Bhí an seomra sin druidte agus ligthe i ndearmad le leathchéad bliain.
An dara comhrá a bhí agam leis, is ag caint ar an Choláiste chéanna a bhí muid, mé ag rá leis gur chóir dúinn téama a roghnú do Léachtaí Cholm Cille a d’fhóirfeadh don ionad stairiúil sin. Thosaigh sé a chaint ar thionchar an Bharócachais ar litríocht na Gaeilge agus tharraing air véarsaí le filí éagsúla, Pádraigín Haicéad ina measc, a léirigh gnéithe éagsúla den traidisiún sin.
Níorbh fhada go raibh muid ar thuras intleachtúil ina raibh doirse an léinn á n-oscailt dúinn diaidh ar ndiaidh. Labhair sé ar phictiúir éagsúla ina raibh an siombalachas Barócach le haithint agus mhínigh na coincheapa diagachta a bhí le tuiscint astu. Sin mar a bhíodh an comhrá a dhéanadh Breandán leat, é do do threorú trí chaisleán mór aireaghdha ina raibh hallaí agus seomraí móra a bhí lán iontais an domhain agus eochair gach dorais aige lena n-oscailt agus a thaispeáint duit. Ach más treoraí fial údarásach a bhí ann, bhí sé umhal fosta – anois is arís, stadadh sé i lár abairte agus ghabhadh sé a leithscéal leat as a bheith do do bhodhrú ach níor bhodhrú ná baol air é.
Má tá deireadh le comhrá Bhreandáin anois, faraor géar, is againne atá sé an téad a thógáil dúinn féin. Níorbh olc an áit é tosú leis an Manuail de Litríocht na Gaeilge, sé cinn d’imleabhair a d’fhoilsigh Coiscéim idir 2003 agus 2011 ina bhfuil tráchtaireacht léannta ar dhán litríocht na Gaeilge ó 1500 go 1850. Tharla gur scríobh Breandán chugam tamall sular cuireadh an chéad imleabhar i gcló agus, i measc rudaí eile, luaigh sé an rún a bhí aige, ‘lámhleabhar (nó manuail, mar a deirtí fadó) ar litríocht chlasaiceach na Gaeilge ó 1500 i leith a chur le chéile le haghaidh fochéimithe agus pobal cultúrtha na teangan i gcoitinne’.
Tá go leor le tuiscint ón phobal léitheoirí sin a shamhlaigh sé don tsraith, ‘fochéimithe agus pobal cultúrtha na teangan i gcoitinne’. Bhí a aird i gcónaí ar phobal na teanga agus ba é a dhícheall i gcónaí freastal go dílis orthu. I measc na gcuspóirí a bhain leis an Manuail, bhí aird léitheoirí na Gaeilge a thabhairt ar dhioscúrsa agus ar fhriotal léannta na Gaeilge. Mheas sé go ndearnadh neamart san oidhreacht sin nuair a rinneadh cúis mhór de ‘caint na ndaoine’ in athbheochan liteartha an Chonartha. Ní hé nach raibh meas aige féin ar chaint na ndaoine – ba chainteoir dúchais as Maigh Eo a mháthair agus tógadh é féin i measc chainteoirí dúchais Thír Eoghain – ach chreid sé go raibh mianach sa Ghaeilge léannta sin nár mhiste a shaothrú.
Bhíodh barrshamhlacha den chineál sin á spreagadh i gcónaí ach bhí sé praiticiúil seiftiúil san am chéanna. Ba é comhthéacs na litreach sin a fuair mé uaidh in 2003 gur thug sé cóip dom den chéad eagrán de An Druma Mór le Seosamh Mac Grianna agus mé i mbun taighde PhD cúpla bliain roimhe sin. Nuair a rinneadh cinsireacht ar úrscéal clúiteach sin Mhic Grianna in 1935 fágadh na cóipeanna gan cheangal i stóras éigin. D’éirigh le Breandán cóip acu sin a aimsiú go mall sna 1960idí agus d’fhoilsigh léirmheas ar an úrscéal dearmadta in An tUltach (Iúil 1967). Sa phlé a rinneadh sa Ghúm faoi An Druma Mór a ligean as Purgadóir, thagair Niall Ó Dónaill do léirmheas sin an Athar Ó Doibhlin agus é ag áitiú gur mhithid úrscéal Mhic Grianna a fhoilsiú in ainneoin na gconstaicí dlí a samhlaíodh leis sin roimhe. Ba é an toradh a bhí ar an phlé gur foilsíodh An Druma Mór i 1969.
Ar ndóigh, bhí a chomaoin féin curtha ag Breandán ar úrscéalaíocht na Gaeilge roimhe sin. Ní fhacthas leithéidí Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) roimhe ná ina dhiaidh, i dtaca le hábhar, friotal agus fealsúnacht. Ba sa chéad úrscéal sin leis a cuireadh a fhís ealaíne inár láthair go diongbháilte neamhbhalbh mar ‘fháithscéal’ a éilíonn ‘léitheoireacht chruthaitheach’ ar an léitheoir samhlaithe. Is ó bharr na firmiminte anuas a aithrisítear scéal NMTO dúinn ina lánléargas fáidhiúil ach a ghlanmhalairt de radharc a fhaightear sa dara húrscéal, An Branar gan Cur (1979). Gan amhras, tugtar súil ar an taobh tíre mór amuigh sa turas traenach eipiciúil sin idir Baile Átha Cliath agus Doire i 1953 ach caitear go leor ama ag cíoradh phaisinéirí an charráiste istigh, a bhfeisteas agus a mbruscar féin á gcriathrú faoi mhiondealú an mhicreascóip.
Ní de thaisme, dar liom, a bhíonn an teibíocht agus an nithiúlacht ag breith bairr ar a chéile i saothar úrscéalaíochta Uí Dhoibhlin, go díreach mar a bhíonn an t-uilíochas agus an t-áitiúlachas á léiriú i gcónaí aige. B’fhear cothrom tíre é as Rúscaigh, baile fearainn i ndúiche Mhuintir Luinigh i dtuaisceart Thír Eoghain. Is é an dúiche sin is ionad dá úrscéal deireanach, Sliocht ar Thír na Scáth (2018), úrscéal a ligeann dó stair na dúiche sin le linn Chogadh na Naoi mBliana a aithris go paiteanta. Ach más duine a bhí ann a raibh tuiscint dhomhain aige ar stair a pharóiste féin ba é an rud ba lú a shamhlófá leis ná paróisteachas. Bhí teangacha ar a thoil aige agus eolas bailithe aige as ceithre chearn na cruinne. D’fhéadfá a rá gurbh é an domhan mór a pharóiste.
Ag scríobh anois dom, cuimhním ar Le Petit Prince (1943) le hAntoine de Saint-Exupéry, leabhar a d’aistrigh Breandán go Gaeilge, agus an méid a deir an reacaire ann faoin phrionsa bheag: ‘Má tá mé ag iarraidh cur síos a dhéanamh air, tá mé á dhéanamh sa dóigh nach ndéanfaidh mé dearmad air. Is bocht an scéal é dearmad a dhéanamh ar chara.’
Ach ba dhoiligh Breandán a ligean i ndearmad agus torthaí a shaothair agus a dhíograise le brath i ngach áit – an athnuachan a rinne sé ar Irisleabhar Mhá Nuad sna 1960idí, mar shampla, ba í a chuir bonn faoin chritic sa Nua-Ghaeilge. Níl ansin ach sampla amháin i measc na gcéadta eile. Sin, agus níos mó ná dhá scór leabhar leis a chuimsíonn an iliomad ábhar. D’oscail sé doirse dúinn, níl le déanamh anois againn ach é a leanúint isteach.